Dá mba rud gur tharla a leithéid seo...

Níor mhiste liom féin smut den stair a athchruthú


Tá géag den stair, más stair í, a dtugtar “an stair fhrithfhíorasach” uirthi. Más friotal mór é sin le slogadh am bricfeasta, is é a chiallaíonn sé go furasta, ná smaoineamh ar cad ba chás san aimsir láithreach dá mba nár tharla seo nó siúd san aimsir chaite. Dúirt an staraí A.J.P. Taylor nach raibh anseo ach cluiche parlúis, agus bhí sé deacair go leor a fhionnadh cad a thit amach in ionad a thuairimiú cad ba dhócha a tharlódh sa chás is gur tharla a mhalairt.

Tá cuid mhaith den cheart sa mhéid sin, ach nuair a bhíonn stair na haimsire seo caite á plé mar bhonn polaitiúil don aois seo, is é seo an cluiche a bhíonn á imirt. Dá bhrí sin, is é an cluiche ‘dá mba’ a bhíonn ar bun acu siúd ar mhaith leo an aimsir chaite a athscríobh chun a gcríche féin.

Cad a tharlódh dá mba gur maraíodh Hitler sa chéad chogadh barbartha, nó gur bhuaigh na hOttamannaigh ag Lepanto, nó gur chuaigh Dev chun na gcainteanna i Londain i gcomhair an Chonartha Réitigh? Ní maol mar cheisteanna iad, mar is é an dán is tábhachtaí ar fad sa saol ná an seans.

Murach spalladh triomaigh sa mheánoirthear sna meánaoiseanna níorbh ann don eolaíocht. Ghluas na sluaite Turcach siar mar bhí easpa uisce acu, ghabh siad Constantinople, theich an t-aos léinn chun na hIodáile, de sin tháinig an Renaissance, den Renaissance tháinig Galileo, de sin tháinig Copernicus, de siúd an tionsclaíocht, agus murach í bheimis ar fad inár dtuathánaigh ar an laftán os cionn na farraige nó ag cogan an ribe féir inár gcluasa. Insint amháin í sin, más mian leat géilleadh di.

READ MORE

Níor mhiste liom féin smut den stair a athchruthú, go háirithe ar mhaithe leis na cúiseanna sin a gceapaim iad a bheith chun ár leasa, ach mo threighid is mo thubaist, níl aon inneall ama agam ná cnaipe draíochta le casadh a shocródh sin.

Dhúisigh Diarmuid Ferriter saithe beach cabaireachta nuair a thuairimigh sé go mb’fhéidir nach mbeadh sé inmholta ball den teaghlach ríogúil meánaoiseach neamhdhaonlathach trasna an chuain a bheith ina aoi speisialta ag comóradh an Éirí Amach i gceann dhá bhliana. Is é a tosnaíodh láithreach, gan amhras, ná scéal na linne sin a athbheo, is a athmharú, gach duine lena rámh, is lena ráiteas féin.

Is iad na Réamonnaigh is airde glam. Ní raibh aon ghá le héirí amach mar bhí Hóimríúl ar na leabhair cheana féin. Bhí a leithéid seo de phort á sheinneamh ag an iar-thaoiseach John Bruton ar an raidió le déanaí, agus níor den chéad uair é. Músclaíonn sé scata ceisteanna sa chluiche nach gcuirtear go rómhinic: is í is túisce díobh sin ná, is ea leis, ach an gcuirfí i bhfeidhm é?

Ós ní é gur fáisceadh an tHóimríúl céanna as rialtas ár dtiarnaí le bagairt is le le seansúlacht na cothromaíochta cumhachta, an gcreideann aon duine go ngéillfeadh Rialtas Liobrálach/Coimeádach nuair a bhí móramh ceart acu? Agus go fiú is dá ngéillfeadh, is í an cheist is mó ar fad ná, cad ab fhiú í?

Thiocfadh go mbeadh roinnt mhaith daoine sásta le Hóimríúil, agus John Bruton ina measc. Ráineodh go mbeadh sé sásta le bheith ina chéadaire i bhfochomhthionól faoi cheannas na mórthíre galánta. Chaithfí an cheist sin a chur air, ach cé a chuirfidh?

Ach b’é ba bhrí le Hóimríúil ná tionól tánaisteach nach mbeadh mórán níos cumhachtaí ná ceann na Breataine Bige faoi láthair. Bheadh an phairlimint bhaile go hiomlán faoi smacht ag Westminster faoi stiúir “the overriding force of Imperial Legislation, which can at any time nullify, amend, or alter any Act of the Irish Parliament” i bhfocail Phríomh Aire na Ríochta Móire. Ní bheadh cead cuimilte le cúrsaí cogaidh nó síochána, ná airm nó cabhlaigh, gnóthaí eachtrachta nó coilíneachta (!), gradaim stáit, airgeadais, trádáil thar lear, gan trácht ar bholadh ar bith ar ghreim ar choróin. Go deimhin, ní bheadh ann ach cleite i mbéal stoirme, broim spideoige san aer, mún dreoilín in aigéan nach mbeadh ciúin.

Ar deireadh, bheadh an tír seo fós mar dhlúthchuid den Ríocht Aontaithe, gan rialtas, gan seasamh, gan chothroime sibhialach, gan dínit, gan fhéachaint go díreach i súile daoine eile. Níos tromchúisí, áfach, bheimis dlúthpháirteach sa séideán básmhar cogaíochta amuigh ansin i gcoinne daoine nach raibh pioc ar bith againn ina gcoinne: abraimis, go fiú go gonta, san Iaráic, sa Phailistín, sa Mhaláisia, san Afganastáin, sa Tuirc, sa tSomáil, sa Ghréig, sa Chipir, sa Chéinia, sa Libia... agus an méid sin gan mo chloigeann a scríobadh fós.

An bhfuil a fhios agat, n’fheadar fútsa, ach ceapaim gur rud maith é nach raibh saighdiúirí Éireannacha in Arm na hImpireachta ag marú daoine ar fud an domhain mar thoradh ar Hóimríúl.