An meon is bunúsaí sa chraolachán Éireannach

Le linn an Late Late Toy Show breis agus seachtain ó shin, tharla comhrá suimiúil ar na meáin shóisialta

Foclóir: Earrach - spring, buiséad - budget, múnla - mould, bunchloch - foundation, forbairt - development, rannóg - section, neamh-comhfhiosach - unconscious, i bponc - in a fix.

Tuairiscíodh ar an bpáipéar seo le déanaí go bhfuil RTÉ ag lorg iarratas ó earnáil na léiriúchán neamhspleách chun sraith nua tráth na gceist a fhorbairt don stáisiún.

Tá sé i gceist go gcraolfar na cláir, atá le bheith 40-nóiméad ar fhad, gach oíche Shathairn thar thréimhse 12 seachtain. Beidh buiséad €45,000 an ceann ag na cláir agus tá súil leis go gcraolfar iad san earrach.

Cuirfear fáilte roimh aon airgead breise a chaithfear san earnáil déanta ábhar teilifíse in Éirinn agus roimh na coimisiúin eile atá fógartha le tamall anuas ag RTÉ (agus ag TG4).

READ MORE

Ach táthar ag tabhairt faoi deara freisin an chomhairle a chuir RTÉ ar na léiritheoirí neamhspleácha.

Dúradh go gcuirfear fáilte roimh iarratais a bheidh de réir múnlaí nua dearaithe, ach tugadh le fios freisin gur cheart aird a thabhairt ar mhúnla “Family Fortunes” seachas ar “Mastermind”.

Dóibh siúd nach bhfuil eolach ar theilifís na Breataine, cuirimid in iúl gur sraitheanna Breataineacha iad sin. Admháil neamhghnáthach (neamh- chomhfhiosach, b’fhéidir) é seo ar an meon is bunúsaí san chraolachán Éireannach: gurb é an cultúr Breataineach/Meirceánach an pointe tagartha agus an bhunchloch.

Le linn an Late Late Toy Show breis agus seachtain ó shin, tharla comhrá suimiúil ar na meáin shóisialta. Cuireadh an cheist - cén fáth nach gcraolann RTÉ an clár seo as Gaeilge?

Anuraidh, ní raibh aon pháiste le Gaeilge le cloisteáil ar an gclár agus i mbliana bhí díomá ar go leor a laghad di a bhí le cloisteáil.

Mar a dúirt Victor Bayda ar Twitter, “Ba é seo an chéad @latelatetoyshow a chonaic mé. An smaoineamh a bhí agam ón tús, dá mba as an nGaeltacht mé, dá mbeinn ag tógáil clainne le Gaeilge, ní raibh áit dom féin ná do mo ghasúir ann.”

Deir RTÉ go bhfuil forbairt shuntasach déanta le blianta beaga anuas ar an réimse clár atá á gcoimisiúnú ag Rannóg na gClár Gaeilge san eagras. Ach is i gcraoladh cláir nuachta agus cláir don aosóg ar an gcainéal RTÉ News Now agus ar RTÉ JNR atá an t-ardú is suntasaí atá le feiceáil.

Is minic nach mbaintear ach úsáid shiombalach as an teanga nuair a luaitear í ach is ceart an cheist a chur arís: nach bhfuil sé thar am ag RTÉ i bhfad níos mó ábhar as Gaeilge a chraoladh ar na príomh stáisiúin?

Bheadh sin i bhfad níos éasca dá mbeadh foireann RTÉ dátheangach. Agus earcaíocht don fhoireann ar siúl acu nach mbeadh ciall ar leith leis láithreoirí dá-theangacha a fhostú mar ghnáth nós?

Bheadh an craiceann agus a luach acu dá ndéanfadh siad amhlaidh.

Fairis sin, as gach sraith nua atá beartaithe, d’fhéadfaí ar a laghad clár amháin a thaifead go hiomlán as Gaeilge. Nach bhfuil sé in am ag RTÉ glacadh le múnla nua agus an dá thráth a fhreastal?

Doras eile dúnta ar Ghael Oideachas i nDún Dealgan

Tuairiscíodh anseo roinnt seachtainí ó shin go raibh súil ag tuismitheoirí i nDún Dealgan go dtabharfadh Bord Oideachais agus Oiliúna Lú agus na Mí cead dóibh foirgneamh atá faoina stiúir-siúd a úsáid ar bhonn sealadach mar láthair iar-bhunscolaíochta dá ngasúir.

Pléadh cás na ndaltaí agus iarratas na dtuismitheoirí ag cruinniú de bhord an LMETB ar na mallaibh, ach níor ghlac na comhaltaí leis an iarratas. Tá ionadaithe áitiúla na bpríomh pháirtithe, Sinn Féin san áireamh, ar an mbord.

Fágann an cinneadh seo na tuismitheoirí agus a gcuid páistí i bponc. Faoi mar atá cúrsaí faoi láthair, tá ar éinne i nDún Dealgan ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge a fháil, freastal ar choláistí lasmuigh de Chontae Lú. Leis an ghaelcholáiste is gaire lonnaithe breis agus 50 km ón mbaile bíonn ar na daltaí seo suas le 10 n-uair an chloig in aghaidh na seachtaine a chaitheamh ag taisteal. Anuas ar sin dúradh le tuismitheoirí Dhún Dealgan le gairid go bhfuil an scoil seo lán don bhliain 2021.

Ó Mheán Fómhair na bliana seo caite tá na tuismitheoirí ag feachtasaíocht. Thart ar an am a thosaigh an feachtas seo d’fhógair Aire Oideachais ag an am, Joe McHugh, beartas chun cur leis an soláthar oideachais trí Ghaeilge.

Tá an earnáil fós ag fanacht ar sin ach san idirlinn, tá ar thuismitheoirí ar nós tuismitheoirí Dhún Dealgan aghaidh a thabhairt arís ar fheachtasaíocht, ar an agóidíocht agus b’fhéidir ar na cúirteanna.

Níor thug an Roinn aon fhreagra ar cheisteanna a chuir Tuarascáil orthu faoi chás Dhún Dealgan.

Aistritheoirí Óga

Fógraíodh an cheathrú comórtas Aistritheoirí Óga, a reáchtálann an Coimisiún Eorpach agus Rialtas na hÉireann i gcomhar le chéile, an tseachtain seo caite.

Tá trí sprioc ag an gcomórtas: ardchaighdeán Gaeilge a chur chun cinn, ilteangachas a spreagadh agus suim na ndaltaí a mhúscailt i ngairmeacha le teangacha.

Mhol Caoimhe Ní Shúilleabháin, ceann roinn an Aistriúcháin Ghaeilge sa Choimisiún Eorpach, do dhaltaí a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu ‘leas a bhaint as na teangacha atá foghlamtha acu’ agus ‘blaiseadh a fháil de na dúshláin a bhíonn roimh aistritheoirí gairmiúla Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh.’

Ghlac os cionn 90 dalta as 34 scoil páirt sa gcomórtas anuraidh agus d’aistrigh siad téacsanna ó Bhéarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis go Gaeilge.

Tá sé chatagóir sa chomórtas agus bronntar duais ar an aistriúchán is fearr ó Bhéarla i ngach cúige, príomhdhuais as an aistriúchán is fearr sa tír ar fad, agus duais speisialta don aistriúchán is fearr ó theanga eile seachas an Béarla.

Bronnfaidh Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt corn ar bhuaiteoir na príomhdhuaise agus táibléad Samsung do bhuaiteoirí na gcatagóirí eile.

Ní mór do scoileanna ar mhaith leo a bheith rannpháirteach sa chomórtas clárú faoin 15 Eanáir 2021 trí ríomhphost a sheoladh chuig dgt-ga-aistritheoiri-oga@ec.europa.eu.

Aistir ar an Aibítir

Tá an ceoltóir agus scríbhneoir Rossa Ó Snodaigh tar éis peann a chur le páipéar agus cnuasach ceolta agus amhrán do pháistí a fhoilsiú. Ocht rann déag agus ocht n-amhrán déag bunaithe ar cheol ocht dtír dhéag agus ocht léaráid dhéag atá ag Rossa sa chnuasach.

Tá an leabhar, ar teideal Aistir ar an Aibítir, maisithe ag an ealaíontóir Wayne O'Connor as Sligeach. Sa chuid deireanach den leabhar tá an saothar aistrithe go Béarla, Gaeilge Mhanannach agus Gaeilge na hAlban. Coiscéim a d'fhoilsigh agus tá costas €10 air. Breis eolais: ais@forasnagaeilge.ie

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.