‘Níor chuimhnigh mé riamh ariamh sa saol go ndéanfainn aon chraoltóireacht’

Cailliúint do na haerthonnta é an craoltóir Máirtín Tom Sheáinín. Labhair Tuarascáil leis ar ócáid a scoir ó RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Foclóir: Craoltóir - broadcaster, seanchas - folklore, ag gabháil fhoinn - singing, taifead - recording, dada - nothing, cumas nádúrtha - natural ability, saolré - life cycle, aerthonnta - airwaves, tor - tall rock, sraith - series.

“Seans gurb é an rud is fearr a tharla riamh é.” Sin a bhí le rá ag an gcraoltóir Máirtín Tom Sheáinín faoi thábhacht RTÉ Raidió na Gaeltachta i saol phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ó bunaíodh an tseirbhís náisiúnta i 1972.

“Murach gur tháinig an raidió bheadh an saibhreas uilig - idir scéalta agus amhráin agus seanchas - imithe síos sa talamh in éindí le daoine,” a deir sé.

D’fhág an craoltóir iomráiteach slán le RnaG ag tús na míosa seo. Chaith sé beagnach 31 bliain ag obair don stáisiún.

READ MORE

Is iomaí amhrán agus scéal a bhailigh sé féin le linn an ama sin. Ba é Máirtín Ó Tuathail ó Bhaile na Cille an chéad duine a chuir Máirtín Tom Sheáinín agallamh air. Thaifead sé é ag gabháil fhoinn ar Casadh an tSúgáin, clár Mheaití Jó Shéamuis, i 1989. Casadh an taifead céanna arís coicís ó shin ar chraoladh deireanach Ardtráthnóna, clár Mháirtín Tom Sheáinín féin.

Chríochnaigh a shaolré chraoltóireachta i lár na paindéime ach ar bhealach, murach tragóid le linn paindéimeach eile, seans nach mbeadh cloiste againn faoi Mháirtín Tom Sheáinín.

“Níorbh Éireannach í mo mháthair. I Pittsburgh, Pennsylvania, a rugadh í. Sa mbliain 1918 tháinig an fliú Spáinneach. Cailleadh mo mhamó, sin máthair mo mháthair, beirt dheirfiúr beag le mo mháthair, ceithre chol ceathair agus beirt aintín. Bhí naonúr nó deichniúr ann. Bhásaigh siad ar fad taobh istigh de aon seachtain déag.

Tháinig a mháthair agus a hathair-siúd slán agus, mar a deir Máirtín, “murach gur mhair sí, ní bheinn ann.”

Is as an Sruthán Buí i Leitir Calaidh i gceantar na nOileán do Mháirtín. Nuair a thosaigh sé ag obair go hoifigiúil le RTÉ Raidió na Gaeltachta i mí na Nollag i 1989, bhí aithne mhaith air cheana féin i gConamara agus níos faide i gcéin mar ba é a ghnóthaigh comórtas sean-nós an Oireachtais, Corn Uí Riada i 1983 agus arís i 1988.

“Ag an am sin bhí mé ag tiomáint leoraithe le comhlacht as Baile Átha Cliath. Bhíodh mé ag dul as Leitir Móir chuile thráthnóna soir chomh fada le Longfort. Bhí mé ag tarraingt stuif ag garáistí - páirteanna carranna. Sin é an jab a bhí agam,” a dúirt sé le Tuarascáil.

“Níor chuimhnigh mé riamh ariamh sa saol go ndéanfainn aon chraoltóireacht ná dada mar é,” a deir sé.

I measc na gclár a chuir sé i láthair ar RnaG ó aimsir an chéad chláir i leith bhí Siamsán Maidine, Iris Aniar, Rásaí na Gaillimhe, Maidin Shamhraidh agus Ó Bhinn go Binn. Ach is mar chraoltóir ar Togha agus Rogha, ar Ardtráthnóna agus ar chraoladh Chorn Uí Riada is mó a chuimhnítear anois air.

Thuill sé clú agus gnaoi na ndaoine lena chumas aíonna a mhealladh chun cainte agus tá bua aige nach bhfuil ag mórán, sé sin an cumas daoine a chur ar a gcompord le linn agallaimh, cuma más i stiúideo nó i gcisteanach atá siad.

“Bhíodh mé ag dul isteach i go leor tithe. Rinne mé go leor agallamh amuigh ar an mbóthar nó ina dteach féin le daoine. Thug mé faoi deara gurbh fhearr le daoine é agus go mbeadh siad i bhfad níos compóirdí a bheith sa mbaile ag caint, ná a bheith ag teacht isteach i stiúideo.”

Dar ndóigh, cé go bhfuil an cumas nádúrtha sin aige, tá bua eile aige atá ríthábhachtach d’agallóir maith ar bith. Sé sin bua na héisteachta.

“Cuirfidh tú ceist, ach as an dara ceist nó an tríú ceist... an freagra a fhaigheann tú as sin, ní fhéadfaidh tú dul ag an gcéad cheist eile. Caithfidh tú ceist a chur as an bhfreagra.

“B’fhéidir nach é an freagra a bheadh tú ag súil leis a bheadh ann ach tá sé tábhachtach a bheith ag éisteacht.”

Is iomaí clár raidió a chraoltar a d’fhéadfadh an t-éisteoir a scaoileadh tharais agus ní bheadh sé nó sí thíos leis ach is cailliúint do na haerthonnta an craoltóir seo a bhí chomh líofa glinnbhriathrach leis an gcomhluadar a tháinig faoina bhráid.

“Aireoidh mé uaim anois a bheith i measc na ndaoine a mbíodh mé ag dul go dtí iad. Aireoidh mé uaim go mór na háiteacha sin, leithéid cheantair Ghaeltacht Mhaigh Eo.

"Le naoi nó deich de bhlianta anois théinn síos go hOileán Acla, go Tóin na hOlltaí, go Cill Ghallagáin, Ceathrú Thadhg agus An Fál Mór. B’fhéidir go bhfuil sé beag le breathnú air mar Ghaeltacht ach i ndáiríre tá saibhreas iontach ann,” ar seisean.

“B’fhéidir nach bhfuil mórán Gaeilge i mBéal Átha Mhuirthid ach má théann tú siar uaidh, siar ag an bhfarraige. Siar san áit ar thit an helicopter ansin amach ón tor - an Fód Dubh - tá an oiread daoine ansin a bhfuil scéalta acu.

“Caithfidh mé a rá anois go bhfuil go leor tógtha agam as na háiteacha sin.”

Chuir sé agallamh ar go leor - idir pholaiteoirí agus ghnáth mhuintir an tsaoil.

Bhí sé ar an chéad duine a chuir agallamh ar Brian Cowen tar éis dó éirigh as mar Thaoiseach agus ar an gclár deireanach a bhí aige chuir sé agallamh ar uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald.

Ach, rud amháin a sheas amach faoi i gcónaí ná gur chaith sé mar a chéile leo uilig.

“Mar a chéile dom Brian Cowen inniu agus an feiliméara nó an t-iascaire lá arna mhárach,” a deir sé.

“Caithfidh tú an chluas céanna a thabhairt dóibh. Caithfidh tú a bheith chomh féaráilte céanna leo agus caithfidh tú a bheith chomh díocasach céanna agus tú ag éisteacht leo.”

Tá buíochas mór ag dul dóibh siúd a tháinig roimhe, dar leis.

“Ba cheart do chuile dhuine cuimhneamh ar na laochra móra a bhí ann i 1969. Cearta Sibhialta na Gaeltachta agus na daoine a rinne Saor Raidió Chonamara. Mar a fheictear domsa, chuile rud atá ag teastáil ón nGaeltacht - caitear troid agus troid go láidir ar a shon.

“Leithéidí Sheosaimh Uí Chuaig agus Joe Steve, go ndéanfaidh Dia grásta air, agus Máirín Ní Dhonncha, sin iad na daoine a chuir tús láidir leis. Murach iad ní dóigh liom go mbeadh an raidió ann.”

Bhí sé soiléir ó na teachtaireachtaí a seoladh isteach ag gabháil buíochais agus ag fágáil slán leis go n-aireoidh lucht éisteachta RnaG uathu Máirtín Tom Sheáinín.

Cé go bhfuil sraith nó dhó eile den chlár Comhrá le taifeadadh aige do TG4, is le gnó adhlacóireachta agus leis an teach ósta The Hooker Bar nó Tigh Mhichael Jack atá ar cíos aige in Eanach Mheáin a bheas Máirtín Tom Sheáinín ag pléigh amach anseo.

“Nuair a bhím féin ag pléigh le sochraid agus nuair a chailltear sean duine,” ar seisean, “deirim i mo intinn féin i gcónaí, ‘buíochas le Dia go raibh roinnt tógtha ón bhfear seo’.

“Ach fós, tá seanchas go leor ag dul i dtalamh inniu mar tá a fhios againn nach bhfuil na scéalta uilig insithe.” Sin coraí an tsaoil, is dóigh.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.