Taisce luachmhar foclóireachta Uí Chadhain

Is cnuasach úrnua é Dúchan d’ábhar a bhailigh Máirtín Ó Cadhain i gConamara

Dúchan
Dúchan

FOCLÓIR: Taisce - store/treasure; eagarthóirí - editors; cnuasach - collection; eiseamláir - example; gníomhaí - activist; faoi thionchar - influenced; cartlann - archive; an foclóirí - the lexicographer; dúrud - a great deal.

‘Éinne a bheadh ag iarraidh teacht isteach ar shaibhreas na Gaeilge sa chéad seo caite, is é Ó Cadhain, i ndáiríre, an eiseamláir is fearr dá bhfuil ann.”

Sin a dúirt an Dr Charles Dillon, agus é ag cur síos ar Dúchan, cnuasach nua sleachta bunaithe ar shaothar toirtiúil foclóireachta Mháirtín Uí Chadhain.

Rugadh Ó Cadhain ar an gCnocán Glas, An Spidéal, in 1906. Is é a scríobh Cré na Cille (1949), ceann de na saothair litríochta is mó clú sa Ghaeilge. Múinteoir, gníomhaí agus scoláire ba ea é, ach is mar scríbhneoir is mó a bhain sé a cháil amach.

READ MORE

Agus é i gcomhrá le Tuarascáil faoin gcnuasach nua atá chun dul i gcló ag Acadamh Ríoga na hÉireann i lár na míosa seo chugainn, dúirt Dillon go raibh Ó Cadhain ar an duine “is tábhachtaí” i scríbhneoireacht na Gaeilge sa 20ú haois.

“Chuaigh scríbhneoirí móra na hEorpa i bhfeidhm air - gearrscéalaithe go háirithe - agus bhí sé faoi thionchar ag scríbhneoirí na Rúise agus na Fraince go deimhin,” a dúirt sé.

“Chonacthas dó go mbeadh sé in ann saol na Gaeltachta a chur in iúl trí mheán na litríochta nua-aimseartha sin agus d‘éirigh leis é sin a dhéanamh.”

“Ní raibh éinne eile, i ndáiríre, ag dul don cheird chéanna ag an am. Tharraing sé téamaí an duine dhaonna isteach agus na modhanna litríochta sin á n-úsáid aige.”

Anois tá níos mó ná 1,700 ceannfhocal, lena mbaineann breis agus milliún focal de shaothar foclóireachta i dtaca le focail agus nathanna cainte ó dhúiche Uí Chadhain féin, á bhfoilsiú sa leabhar Dúchan agus ar shuíomh idirlín Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain.

Bhí na hiontrálacha seo suite i gcartlann An Gúm ar feadh na mblianta fada sula ndearna Dillon agus a chomhghleacaí in Acadamh Ríoga na hÉireann, an Dr Colm Ó Cuaig, iad a chur in eagar.

An Foclóirí

Saothar teangeolaíoch agus sóisialta é Dúchan a thugann léargas iltoiseach ar thuiscint Uí Chadhain ar shaol agus teanga na Gaeltachta i gConamara an chéid seo caite.

Chaith Ó Cadhain tréimhsí de bhlianta idir 1937 agus 1946 ag obair ar shaothar foclóireachta. Bhí sé i gceist go gcuirfí an t-ábhar a bhailigh sé i nGaeltacht Chonamara le chéile le hábhar eile ó na canúintí éagsúla, d‘fhonn bunús a chur faoi Fhoclóir Gaeilge-Béarla Néill Uí Dhónaill.

Ach, mar a mhínigh Dillon, “bhí an dúrud ábhar nár bhac Niall Ó Dónaill leis” agus cé nár cuireadh é i gcló riamh, tá ”saibhreas millteanach” le fáil sna samplaí sin.

Léirigh an Cadhnach ciall na bhfocal trí shamplaí nithiúla agus fánacha a thabhairt inar míníodh ní hamháin brí na bhfocal ach comhthéacs a n-úsáide.

“Tá cuid acu gairid, tá cuid acu fada, tá cuid acu mar scéalta beaga, is píosaí as amhráin cuid eile, tá seanfhocail agus nathanna ann, agus ní fios cé acu ar chum sé iad nó ar tholg sé iad. Ach is cuma, ar bhealach. Bhain sé iad uilig as an Domhan Gaeltachta sin.”

Deacracht

Ba dhúshlán uaireanta é saothar an Chadhnaigh do léitheoirí nach raibh i dtaithí ar stíl nuálach an scríbhneora ná ar shaibhreas teanga a cheantair ach tá súil ag na húdair gur bealach eile isteach ar a shaothar a bheas sa leabhar nua seo.

“Nuair a fheiceann tú an saothar foclóireachta seo, tugann sé deis eile duit dul isteach sna scríbhinní, féachaint ar na focail agus ansin dul siar go dtí an foclóir agus a aimsiú cén bhrí a bhí ag na focail,” a dúirt Dillon.

“Agus i bhfianaise go mbíonn Máirtín Ó Cadhain ‘deacair’ bhí muid ag iarraidh go mbeadh an leabhar taitneamhach le bheith i do lámh agat agus nach mbeadh sé sórt doicheallach mar leabhar.

“Ar ndóigh, nuair a bhí Máirtín i mbun oibre, níor chuir sé síos na focail de réir téamaí. Chuaigh sé ó fhocal go focal.

“Bhíomar anonn agus anall faoi. Bhíomar ag iarraidh go mbeadh an leabhar cothrom agus bhí plé againn faoi sin.

“D‘iarr muid ar Mháirín Nic Eoin agus Alan Titley teacht isteach agus phléamar an smaoineamh.Chuadar i mbun léitheoireachta agus thángamar ar dheich gcinn de théamaí – agus ansin thosaíomar ag cur samplaí ábhartha, greannmhara, nach raibh aon sórt critéir ann ina leith ach amháin gur léirigh siad cumhacht scríbhneoireachta Mháirtín.

“Tá cúrsaí aimsire faoi thrácht, an grá agus an pósadh, daoine ag dul isteach i dtithe a chéile ar cuairt, cladach, farraige agus iascaireacht, cúrsaí talmhaíochta, achrann agus troid, daoine agus a gcuid tréithe, an tsláinte; an Domhan mór, áit a raibh siad ag caint ar imeachtaí ar nós an dara cogadh domhanda agus cúrsaí i Meiriceá nó Sasana; agus an ceann deireanach a roghnaíomar ná An Bhunaíocht – saol Bhaile Átha Cliath agus na húdaráis, na póilíní, na cúirteanna agus gach rud mar sin.

“Bhí sé thar a bheith furasta na téamaí a líonadh le samplaí.”

Bhain an scríbhneoir Tomás Ó Máille úsáid as cur chuige comhchosúil ina mhórshaothar iomráiteach féin, An Béal Beo.

“Beidh sé iontach spéisiúil comparáid a dhéanamh eatarthu,” a dúirt Dillon.

“Trí na lámhscríbhinní a rinne Máirtín, déanann sé tagairt d‘fhoclóir an Duinnínigh, déanann sé tagairt chomh maith do Ó Máille agus An Béal Beo agus bhí na leabhair sin os a chomhair amach agus é ag réiteach a chuid oibre.

“In amanna aontaíonn sé leo, in amanna eile tá easaontas ann, deir sé ‘níl an bhrí seo ag an Duinníneach, ach tá ag Ó Máille’.

“Tá cineál comhfhreagras ann idir na saothair sin go léir. Mar, is scoláire a bhí i Máirtín Ó Cadhain chomh maith le foclóirí agus le scríbhneoir.”

Teideal

Nuair a roghnaíodh Dúchan mar theideal, thuig na heagarthóirí go dtarraingeodh an t-ainm roinnt plé.

“Ar ndóigh, ciallaíonn an focal ‘dúchan’ galar na bhfataí,” a dúirt Dillon.

“Ach, ina chur síos féin ar an bhfocal, deir Ó Cadhain má théann tú ag tochailt sa ghort, nó má chasann tú fód le corr a dhéanamh, gur ‘dúchan’ é sin freisin.”

Brí eile atá leis ná an-chuid scríbhneoireachta: “má dhéanann tú dúchan de litir a scríobh, déanann tú an-chuid sleachta fada próis a scríobh”.

“Bhí sé sin ag freagairt go díreach don bhrí a bhí againn leis an leabhar – an-chuid scríbhneoireachta, an-chuid tráchtaireachta ar na focail,” a dúirt Dillon.

“Tagann sé le blas an leabhair. Ar ndóigh, tá an focal ‘dúch’ ann, a chiallaíonn ‘ink’ agus spreag sin Seán \[an t-ealaíontóir Seán Ó Flaithearta\] ar bhealach, agus rinne seisean ‘dúch’ dá chuid féin le haghaidh na bpictiúr a chruthú.”

Cabhraíonn an leagan amach ord insroichte a chur ar an leabhar agus cuireann dearadh Uí Fhlaithearta, go mór leis freisin.

“Bhí muid ag iarradh go mbeadh níos mó ann ná liosta sleachta - thug muid an t-ábhar don ealaíontóir agus d‘iarr muid air freagra ealaíonta a thabhairt ar an saothar,” a dúirt Dillon.

“Bhí sé ag obair air sin ar feadh b’fhéidir ocht nó naoi mí agus tháinig sé chugainn le roinnt smaointe. Tá íomhá cruthaithe ag Seán de gach uile téama sa leabhar. Tá dearadh iontach forbartha ar an leabhar féin agus is dóigh liom, thar aon rud eile, go mbeidh an leabhar féin go hálainn le breathnú air,” a dúirt Dillon.

Mar a dúirt Dillon, “tá scoláireacht, scríbhneoireacht, foclóireacht agus ealaín fite fuaite ina chéile sa leabhar seo.”

  • Foilseofar Dúchan ar an 17 Meitheamh. Tá sé ar fáil le réamhordú ón suíomh: ria.ie/duchan. Costas: €25
Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.