Subscriber OnlyTuarascáil

Arís agus arís eile

Tharla a leithéid arís mar is eol dúinn, ach gur san Áise agus san Afraic is mó.

An bhfuil aon choir chogaidh nach bhfuil déanta? Grianghraf: Eyad Baba/Getty Images
An bhfuil aon choir chogaidh nach bhfuil déanta? Grianghraf: Eyad Baba/Getty Images

Tá ceithre scór bliain ann ó tháinig deireadh leis an dara cogadh mór barbartha san Eoraip agus comóradh á dhéanamh dá réir i gcuid de na tíortha a rug an bua. Níl an Ghearmáin i gceist iontu siúd cé go n-oirfeadh dóibh cuimhneamh go dóite air i dtréimhse seo a n-atharmála. An socrú a déanadh san ilchríoch trí chéile mar a ritheann de dheasca an uafáis mhair sé socair go leor go dtí gur mheathlaigh an tAontas Sóivéadach agus gur chrom airm Nato ar ghluaiseacht soir. Bhí baint nár bheag ag an gComhphobal Eorpach nó an comh-mhargadh féin leis an tsíocháin sin a choimeád fara na cuimhne ar an uafás agus an rúin dhaingin nach dtarlódh a leithéid arís.

Tharla a leithéid arís mar is eol dúinn, ach gur san Áise agus san Afraic is mó. Agus toisc nach Eorpaigh dheasa iad sin, b’fhusa neamhaird a thabhairt orthu. Is iad na cogaí in Vítneam agus sa Chóiré is túisce a gcuimhneoidh daoine orthu toisc go raibh na Stáit Aontaithe ina gceartlár fuilteach istigh, ach bhí cogadh cathartha na Síne fíochmhar go maith, agus tá daoine ann a d’áiteodh nach bhfuil sin thart fós. Ní raibh an Bhanríon Éilís II de chuid na Breataine rófhada ina suí ar a coróin nuair a bhí a trúpaí dílse ag déanamh cos ar bolg agus bior ar mhuineál agus téad ar scornach ar ghluaiseacht na saoirse sa Chéinia, is é sin, nuair nach raibh campaí géibhinn á n-oscailt agus á riaradh acu ann.

Níl sa mhéid sin ach cuid an bheagáin de na cinn ar airíomar iomrá éigin orthu, ach is fairsinge fós na cogaí nach luaitear i gcodanna an domhain atá as radharc agus dá bhrí sin as raon suime na meán abhus.

Ach ráinig go raibh an Eoraip síochánta go leor sna blianta sin pé mioscais a bhí ar siúl ag airm na Breataine, na Fraince, na Poirtingéile agus na hÍsiltíre sna bólaí dorcha lasmuigh.

READ MORE

Is é a tuigeadh le nach dtarlódh a leithéid arís ná nach dtarlódh a leithéid arís san Eoraip nó sna tíortha in achomaireacht di nó ag na tíortha gur Eorpaigh oinigh iad dar linne agus dar leo.

Agus féach go bhfuil ar siúl arís gach lá agus gach oíche sa tseachtain: leathchéad marbh anocht, scór oíche amárach, deichniúr um mheán lae, tríocha agus tuilleadh an lá dar gcionn, daichead amárach, cúigear amanathar, dosaen eile amainiris, cá bhfios cé mhéid anóirthear dar gcionn, corpáin gan áireamh faoin smionagar, páistí is a gcuid mias amuigh ag impí grabhróg nó goblach nó giob gráinne, na miasa folamh, na súile folamh, a mbolg folamh, leanaí ina smóla dóite, marlaigh gan ghéaga, cosa gan chabhail, teangacha gan bhraon uisce, máithreacha na ndeor ídithe, easnacha ar fhis, toibreacha truaillithe, tart tirim calctha, ionsaithe ón aer go laethúil, inniu ar ospidéal, inné ar champa teifeach, lá ar bith ar scoil, Dé Luain ar thearmann, Dé Máirt ar ionad beannaithe, Dé Céadaoin ar chistin, Déardaoin ar dhíleachtlann, Dé hAoine ar choisithe ag siúl na slí, Dé Sathairn ar a bhfuil ar an trá, Dé Domhnaigh ar otharchairr, dochtúirí agus lucht leighis á lámhach, iriseoirí á mbalbhú go brách, foirgnimh á leagadh ar theaghlaigh ina gcodladh, ocras ina arm cogaidh, gorta ina arm faobhair.

Is ea! Ní tharlóidh sé arís! É ar siúl os comhair ár dhá súil, ár milliún súil gach lá, gach oíche, gach tráthnóna in Gaza na gréine agus na loiscthe. Ní haon rún é. Tá ráite go lom soiléir neamhbhalbh mar pholasaí.

An bhfuil aon choir chogaidh nach bhfuil déanta?

Tuigim anois níos fearr cad is brí le ‘luachanna’ na hEorpa agus a cairde ochtó bliain tar éis an cheachta dheireannaigh.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar