FOCLÓIR: Tréimhse chneastachta - honeymoon period; Gníomhaíochas pobail – community activism; samhnasach – nauseating/disgusting; gréasán gníomhaíochta – activism network.
Sa charr a bhí Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán nuathofa Chonradh na Gaeilge, agus é ag fágáil An Spidéal nuair a chuir Tuarascáil glaoch.
Lá breá a bhí ann agus bhí sé ar a bhealach abhaile tar éis dó cuairt a thabhairt ar Ard-Fheis na nÓg, tionól bliantúil daltaí meánscoile ó scoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí na tíre, a reáchtáladh i gCois Fharraige i mbliana.
“Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch, tá sé galánta ar fad,” a dúirt Mac Giolla Bhéin, arb as Iarthar Bhéal Feirste dó.
Trump tariffs latest: Wall Street markets open lower on day after US president’s U-turn
Are you your own worst enemy at work? Here’s how to break the cycle of self-sabotage
The Masters 2025 live updates: Rory McIlroy and Shane Lowry hold Irish hopes
John McManus: Ryanair passengers are clearly suffering from a mass delusion about the size of their bags
“Níl aon áit níos fearr ná é, nuair atá an aimsir mar seo, seachas b’fhéidir Tír Chonaill,” a dúirt sé ag magadh.
Toghadh Mac Giolla Bhéin ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge i mí Feabhra. Ní raibh tréimhse chneastachta aige le leas a bhaint as, bhí air luí díreach isteach ar an obair. “Bhí sé thar a bheith gnóthach ón lá ar toghadh mé,” a dúirt sé.
Ar an Luan i ndiaidh dó a bheith tofa, fógraíodh go raibh tús curtha le comórtas earcaíochta poiblí chun an chéad Choimisinéara Gaeilge ó thuaidh a earcú; bhí gá dul i ngleic le hiarmhairtí ciorruithe Fhoras na Gaeilge agus bhí Seachtain na Gaeilge, ceann d’ócáidí móra fhéilire Chonradh na Gaeilge, ar tí tosú.
“Thosaigh mé díreach isteach ar thréimhse thar a bheith gnóthach. Ach, ar bhealach éigin, mothaím go raibh sé sin ina bhuntáiste,” a dúirt sé.
Tá Mac Giolla Bhéin fostaithe ina Chomhordaitheoir Pleanála Teanga le Fís an Phobail (líonra pleanála teanga in Iarthar Bhéal Feirste) agus is urlabhraí é freisin don ghréasán gníomhaíochta Gaeilge, an Dream Dearg. Mar a bheifeá ag súil leis ó dhuine atá fréamhaithe sa ghníomhaíochas pobail b’fhéidir, creideann Mac Giolla Bhéin go bhfuil tábhacht ar leith le múnla daonlathach Chonradh na Gaeilge.
“Sílim dúinne mar eagraíocht, más rud é go ndeireann muid gur fóram daonlathach phobal na Gaeilge atá ann, agus creidim go láidir sa choincheap sin, go gcaithfidh sé a bheith daonlathach agus go gcaithfidh sé a bheith oscailte.
Ach tá an sochaí ag athrú agus caithfear a bheith solúbtha freisin. “Caithfimid tuiscint go bhfuil muid fréamhaithe i bpobal, ach go bhfuil an coincheap maidir le pobail athraithe go suntasach ón uair a bunaíodh Conradh na Gaeilge.”
“Caithfimid a bheith solúbtha ar bhealach atá ar leas phobal na Gaeilge,” a dúirt sé. “I dtaobh ceisteanna maidir le cúrsaí tithíochta mar shampla - dar ndóigh, glacann muidne an pheirspictíocht a bhaineann leis an teanga, ach ag an am céanna, is ceist ollmhór náisiúnta í ceist na tithíochta.”
“Is í an chloch is mó ar ár bpaidrín ceist na Gaeilge, ceist na Gaeltachta agus slánú na Gaeilge. Ach i ndeireadh na dála, níl muid iomlán scartha, ní féidir linn mar phobal a bheith iomlán scartha ón tsochaí atá thart timpeall orainn.
“Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtugaimid spás do dhaoine a bheith gníomhach. Tá an sochaí ag athrú - ní amháin i dtaobh na tuisceana atá againn ar chúrsaí pobail - tá níos mó brú ar dhaoine a bheith ag obair uaireanta an chloig níos faide agus níl an t-am saor céanna ann a bhíodh ag daoine obair dheonach a dhéanamh.
“Caithfidh muid a bheith airdeallach ar sin,” a dúirt sé.
Dream Dearg
Bhí an-rath ar an Dream Dearg nuair a tháinig siad ar an bhfód roinnt blianta ó shin. D’éirigh leo an pobal a ghríosú chun dul ar na sráideanna lena gcearta teanga a éileamh, rud a deir Mac Giolla Bhéin a léirigh tábhacht an ghníomhaíocht pobalbhunaithe. “Tá dea-shampla againn sa Dream Dearg. Bhí an cur chuige a bhí ann ón mbun aníos. Bhí sé pobaldhírithe. Bhí sé iontach dearfach, rannpháirteach agus oscailte.”
Gach dul chun cinn a tharla i gcomhthéacs cearta teanga, is de thoradh feachtasaíocht “on mbun aníos” a tharla sé sin. “Ní ghéillfeadh an chumhacht é sin murach go raibh éileamh ón mbun. Agus sin é an rud. Sin é an ceacht mór atá le foghlaim. Mura bhfuil éileamh ann nó mura bhfuil muidne ag cruthú go leor torainn agus brú faoi cheist, ní rachfar in aice leis - is fúinne atá sé.
“Sílim go dtig linn mórtas a bhaint as sin, sílim go dtig linn spreagadh agus dóchas a bhaint as.”
Spriocanna
Agus é ina uachtarán anois, céard dar leis, iad na príomhspriocanna atá roimhe.
“Tá forbairtí ollmhóra déanta againn maidir le stádas na Gaeilge ach tá neart dúshlán fós os ár gcomhair.”
“Ó thuaidh, caithfimid coimisinéir a cheapadh mar ábhar práinne chun cearta teanga a chur chun tosaigh,” a dúirt Mac Giolla Bhéin.
Luann sé an chonspóid i dtaobh comharthaíocht dhátheangach i Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste. “Tá an DUP anois ag ardú ceisteanna ag tábla an fheidhmeannais faoi chomharthaíocht dhátheangach, rud atá iomlán samhnasach,” a dúirt sé.
“Ag an am céanna, ní cheart go gcuirfeadh sé sin iontas ar aon duine a chuireann suim i gcúrsaí Gaeilge ó thuaidh.”
Tá “ceist mhór” ann i gcónaí maidir le maoiniú Fhoras na Gaeilge agus diúltú an DUP glacadh le leasú a cheadódh solúbthacht sa mhúnla a sholáthraíonn croímhaoiniú do na heagrais Ghaeilge.
Tá laghdú de shíor ag teacht ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht agus tá Conradh na Gaeilge bainteach le feachtais a cuireadh ar bun chun dul i ngleic leis an fhadhb thithíochta. Ag déanamh tagairt do An Ghluaiseacht, leabhar Rónán Mhic Con Iomaire faoi Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, dúirt Mac Giolla Bhéin: “An rud a sheasann amach domsa ná go bhfuil a lán macallaí againn sa lá atá inniu ann.”
“Tá géarchéim leanúnach sa Ghaeltacht - tá slí mhaireachtála de dhíth ar dhaoine óga, agus caithfear dul i ngleic le cúrsaí tithíochta.”
Luann sé easpa uaillmhéine an Rialtais i dtaobh na Gaeilge agus déanann sé comparáid le staid na Breatnaise sa Bhreatain Bheag, áit a bhfuil sprioc acu milliún cainteoir Breatnaise a bheith ann faoi 2050. Cuireann sé an cheist: An bhfuil fís ag an Stát don Ghaeilge, agus má tá, caidé an fhís atá acu?
Cé go bhfuil mioneolas ag uachtarán nua Chonradh na Gaeilge ar na dúshláin shuntasacha atá roimhe, deir sé gurb é “an áit ar fearr” leis a chuid fuinnimh a chaitheamh “ná ag tógáil gluaiseachta”.
“Tá na saineolaithe amuigh ansin, tá siad amuigh sa phobal; na múinteoirí sa chóras oideachais, na gníomhaithe sa phleanáil teanga - sin iad na saineolaithe.
Caithfidh muidne gluaiseacht a chur ar fáil a chuireann ardán ar fáil do na daoine sin agus ligeann dóibh an brú cuí a chur.”
Gréasáin
Tá Mac Giolla Bhéin ina chathaoirleach ar an ngrúpa óige Fóram na nÓg agus ar an cumann lán-Ghaeilge CLG, Laochra Loch Lao. Creideann sé go bhfuil luach ar leith le gréasáin sóisialta mar iad chun freastal a dhéanamh ar phobal na Gaeilge agus mar bhealach chun daoine a chumasú.
“Tá pobail Gaeilge á atógáil againn,” a dúirt sé.
“Nuair a thagann sé chuig am gníomhú ar cheisteanna móra polaitiúla mar a bhaineann leis an nGaeilge, nuair atá pobal forbartha agat sna cumainn óige, sna gaelscoileanna, sna grúpaí pobal agus i ngrúpaí eile nach iad, tá sé i bhfad níos fusa tabhairt faoi fheachtas nuair atá pobal amuigh ansin agus iad tiomanta.
“Is mar gheall ar na pobail sin ar fad go raibh feachtas an Dream Dearg chomh rathúil sin,” a dúirt sé.
“Sin an áit a bhfuil an dóchas is mó agam agus - infreastruchtúr feachtasaíochta a thógáil a thugann deis do gach uile dhuine a bheith gníomhach trí ghluaiseacht a thógáil ón mbun aníos.”
“Tá mana láidir againne i mBéal Feirste, ‘ná habair é, déan é’.”