An ceathrú cuid

B’fhéidir go bhfuil róghar dúinn fós leis an gcúig mbliana fichead sin a mheas

"Ar clichés iomadúla na linne seo tá go bhfuil an saol agus an domhan ag athrú go mear, sea, sea, teileafóin chiste agus an t-idirlíon agus AI agus mar sin de." Photograph: iStock
"Ar clichés iomadúla na linne seo tá go bhfuil an saol agus an domhan ag athrú go mear, sea, sea, teileafóin chiste agus an t-idirlíon agus AI agus mar sin de." Photograph: iStock

Nuair a ghealfaidh an lá arú amárach beidh tús á chur leis an dara ceathrú den aonú haois is fiche. Tá's agam nach scéal é sin ar mian le daoine a chloisint, seachas daoine óga atá ag iarraidh cur lena n-aois.

B’fhéidir go bhfuil róghar dúinn fós leis an gcúig mbliana fichead sin a mheas, ach más fearr linn an dearcadh fada a thógaint níor mhiste féachaint siar ar an aois seo caite. Cuir i gcás duine a saolaíodh i mblianta tosaigh na haoise sin, féach ar a mbeadh tarlaithe nó gafa thairis faoin uair go nochtfadh 1925 féin.

In Éirinn is amhlaidh go rabhamar suite go daingean sa Bhanríocht Aontaithe agus gan mórán dóchais go n-athródh sin. Ach gan aon rómhoill thuirling an tÉirí Amach, Cogadh na Saoirse, Cogadh na gCarad agus dhá stát nua. Lasmuigh dínn, déanadh an chéad eitilt leis na deartháireacha Wright, an chéad ghluaisteán don phobal de chuid Henry Ford, cuireadh tús le tionscal na scannánaíochta, agus go fiú murarbh eol don phobal é, d’aimsigh Einstein teoiric na coibhneasachta a raibh a cuid iarmhairtí féin aici go fada is go fairsing.

Deich mbliana ina dhiaidh sin, thionscain na cumhachtaí impiriúlacha an cogadh mór d’fhonn fir óga a íobairt ina chraos, bhris an Rúis slabhraí na Rómánav a bhí á dtachtadh, bhain an cnoc oighir díoltas amach as an Titanic, agus mharaigh fliúphandéim 1918 na milliúin.

READ MORE

Ar clichés iomadúla na linne seo tá go bhfuil an saol agus an domhan ag athrú go mear, sea, sea, teileafóin chiste agus an t-idirlíon agus AI agus mar sin de. Ach bhí riamh mar sin don té a mhair agus don duine a ghrinneann na putóga. Arna thógaint le chéile, buailtear isteach inár n-aigne go bhfuil ‘dul chun cinn’ á dhéanamh, go bhfuil an saol is a mháthair is a ghaolta is a gharlaigh go léir ag feabhsú, gur fearr a bheidh an lá amárach ná an lá inniu agus nach fada uainn an magh meall ina mbeidh deireadh le breoiteacht, le brón is le buairt.

Tá ginte i dteanga na polaitíochta féin, áit a bhfuil gach dara páirtí ‘progressive’ ar shlí nó ar shlí eile. Is fíor go raibh na Progressive Democrats againn, agus féach cad a tharla dóibh, ach is ar éigean go mbaistfidh páirtí ar bith na Regressive Plutocrats orthu féin. Tá le fadú as seo, áfach, go bhfuil a leithéid de rud ann agus ‘dul chun cinn’, le ‘forás’, le síorathrú chun feabhais. Mar líne chun tosaigh, mar shaighead i dtreo na haimsire fáistiní a shamhlaímid an saol agus an stair.

Ach cuir i gcás nach mar sin atá? Bhí agus tá cultúir agus tuiscintí ann a mheasann an stair a bheith ag gluaiseacht go ciorclach, timthriall mór amháin a thig agus a imíonn, rotha mór na beatha. Tá gnéithe de chultúr na Síne agus na hIndia mar sin, agus b’fhearr aird a thabhairt orthu siúd mar is líonmhaire iad ná sinne.

Phéac tuiscintí dá samhail aníos i bhfealsúnacht na seanGhréige, Platón agus Arastatail san áireamh; síorchlaochlú i bhfoirm a fhilleann ar a chéile ba bhun le tuairimíocht Giambattista Vico a raibh anáil mhór aige ar Joyce, ach nach ar a ainm a bunaíodh bóthar Vico i gCill Iníon Leinín.

Níor ghá géilleadh don líne dhíreach ná don chiorcal, áfach. Is leithne an chéimseata ná sin. Toisc go bhfuil de dhualgas orm rud éigin ar fónamh a rá agus cur le gaois an tsaoil, is í mo thuairim mheáite féin nach díreach ná ciorclach a ghluaiseann an stair ach fiarsceabhach, camseoltach, gan treo ar bith.

Tá súil agam gur compord éigin é sin agus sinn ag dul amach ar an dara ceathrú den aois nua.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar