Fuair an gníomhaí teanga agus pobail, Gearóid Ó Cairealláin, bás san Ospidéal Ríoga i mBéal Feirste, a chathair dhúchais, ar an Aoine.
Bhí sé 67 bliain d’aois.
Ceannródaí teanga ab ea Ó Cairealláin a spreag go leor chun bheith rannpháirteach i bhfeachtais ar son chearta don Ghaeilge sa tuaisceart.
I rith na mblianta bhí baint aige le go leor feachtas teanga a d’fhág a rian ar phobal agus ar shaol na Gaeilge. Chaith sé tréimhse sa phríosún sna hochtóidí nuair a dhiúltaigh sé fíneáil bhóthair a íoc toisc nár eisíodh í ach i mBéarla amháin.
An Irishman at Oxford: It was an education in being an outsider. I felt alienated from the very start
Una says her phone was hacked, €3,500 is missing, yet the bank won’t pay out
DPP considers charges against Gerry Hutch over alleged Garda corruption
Protesters walk out of Michael D Higgins’s speech at Holocaust Memorial Day event
Bhí ról lárnach ag Gearóid i mbunú an nuachtán seachtainiúil, Preas an Phobail, a bunaíodh in 1981, an nuachtán laethúil Lá, a bunaíodh in 1984, an mórionad cultúir Cultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Coláiste Feirste a bunaíodh in 1990, Raidió Feirste a bunaíodh in 1985 agus as a d’eascair Raidió Fáilte in 2006 - stáisiún a chraolann seacht lá na seachtaine anois óna stiúideo nua ar Bhóthar na bhFál i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste. Bhí sé ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ó 1995 - 1998.
Tá Naoise Ó Cairealláin (Móglaí Bap), mac le Gearóid, ina bhall den ghrúpa ceoil iomráiteach Kneecap. D’eisigh an grúpa ráiteas ar na meáin shóisialta ar an Satharn.
“Ba Réabhlóidí teanga, gníomhaí pobail, athair grámhar, fear céile agus inspioráid do chuid mhór daoine é. Tá muid croíbhriste,” a dúradh sa ráiteas.
Dúirt an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn: “Is mór an chailliúint é bás Ghearóid Uí Chairealláin dóibh siúd go léir a oibríonn ar son úsáid na Gaeilge: a cearta, a litríocht, agus a háit i saol laethúil na ndaoine.”
Rinne Paula Melvin, Uachtarán reatha ar Chonradh na Gaeilge, comhbhrón le muintir Uí Chairealláin.
“Is ríléir do chách an lorg ollmhór a d’fhág Gearóid ar ghluaiseacht na Gaeilge, ní amháin i mBéal Feirste, ach fud fad na hÉireann, le linn a shaoil. Mairfidh an oidhreacht shaibhir sin go deo. Go raibh míle maith agat, a Ghearóid agus suaimhneas síoraí ort,” a dúirt sí.
Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge ó thuaidh go bhfuil croíthe phobal na Gaeilge i mBéal Feirste faoi bhrón ag bás “mhór-ailtire na hathbheochana.”
“Ní bheadh pobal na Gaeilge, mar a thuigeann muid anois é, ann murach iarrachtaí Ghearóid,” a dúirt sé.
“Ní bheadh Lá, Aisling Ghéar, an Chultúrlann, Raidió Fáilte, nó Coláiste Feirste againn, murach Gearóid Ó Cairealláin, gan chaint ar na scórtha de thionscadail agus feachtais eile a thiomáin sé chun cinn ar feadh a shaoil...Leanfaidh muid ar aghaidh ag troid ar son na Gaeilge, ag tógáil pobail teanga, agus ag samhlú domhain úir, in onóir ár gcarad, Gearóid Ó Cairealláin,” a dúirt sé.
Maireann Bríd - bean chéile Ghearóid - agus a thriúr mac Ainle, Cairbre agus Naoise.
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis