An bua is mó

Déantar 99.7 faoin gcéad de phobal an domhain a mheas de réir táscairí eagsúla idir chainníochtúil agus cháilíochtúil.

'áimidne, stát seo Poblacht na hÉireann ar an dara tír is síochánta ar domhan, sa chruinne féin!' Grianghraf: iStock/Getty
'áimidne, stát seo Poblacht na hÉireann ar an dara tír is síochánta ar domhan, sa chruinne féin!' Grianghraf: iStock/Getty

Uaireanta i ndéanaí na hoíche is sula músclaíonn na héin bheaga as clúid na coille is minic daoine ag allagar ar an ábhar is ansa leo, .i. sinn/muinn/muid féin. Cad é an rud is mó is ceart dúinn a bheith mórálach as, nó neachtar acu, an ní ar chóir dúinn a bheith náirithe go deo ina thaobh? Níl aon easpa chúis náire, óir sin é is ábhar d’fhormhór litríocht Bhéarla na tíre, go rabhamar cúlráideach, biogóideach, cúngaigeanta, pionósach, réidh chun breithiúnais agus inár ndialathas gan mheabhair dár gcuid féin.

Ní bheifí ar aon aigne, áfach, maidir lenár mbuanna, nó leis an aon ní suaitheantasach amháin ar chóir a bheith mar lóchrann againn i measc náisiúin an domhain mhóir. Déarfaidh daoine áirithe gurb é gur bhaineamar an chéad áit níos minicí sa Chomórtas Amhránaíochta Eurofíse seachas aon tír eile, fág go bhfuil an tSualainn ar aon tarraingt linn anois.

Nó, daoine níos eolgaisí, go bhfuil againn an litríocht leanúnach is sine gan bhearna san Eoraip go léir, seachas an Ghréig, agus cé a thugainn aon aird orthu siúd níos mó? Nó, cá bhfios, an cluiche páirce is iontaí, is gasta, is sciliúla, is míorúiltí ar fhaichí na cruinne, mar atá an iomáint, bíodh gur cosúla le cispheil anois í ar iomad a gcuid scóranna pointí.

Ní haon díobh sin a mhaífinnse, áfach, ach rud nach maith leis an nguth oifigiúil a chloisint. Shílfeá ar na meáin oifigiúla agus ar an séarachas meán sóisialta go bhfuil cogadh mór barbartha eile i ngar dúinn, agus go bhfuiltear chun fáiltiú roimhe mar a dhein saontacháin an n-iliomad tír Eorpach sa bhliain 1914 ina slaoda agus ina mílte.

READ MORE

Cheapfá go raibh Beilg bheag na hEorpa faoi bhagairt ag mathúin mhóra an oirthir agus go raibh an galrú buí le leathnú faoinár ndéin agus nárbh fholáir dúinn cúpla iompróir aerárthaí agus fomhuireán núicléach a cheannach go pras nó is sinn a bheadh thíos leis. Cheapfá go raibh traidisiún álainn cearta daonna agus sibhialtachta againne san Eoraip arbh fhiú é a chosaint ar na barbaraigh lasmuigh, gan sclábhaíocht, ná cinedhíothú, ná céasadh, ná concas gan teorainn, ná faisisteachas féin a lua.

Is é an rud is mó is ceart dúinne Éireannaigh a bheith mórálach as, gan cheist, gan amhras anonn, ná ár seasamh síochána i measc tíortha uile an domhain fad a ritheann soir siar thuaidh theas anoir aduaidh aniar agus ar ais. Is mó sin foras agus institiúid amuigh ansin a dhéanann scagadh ar an domhan. Is féidir amhras a bheith ar chuid acu, ach nuair a chíonn tú gurb iad Lucsamburg nó na Stáit Aontaithe na tíortha is saibhre, agus an Bhurúin nó an tSúdáin Theas is boichte, chaithfí a admháil go bhfuil bun éigin leo mar staidéir.

Is ar a amhlachas sin a thógtar an tInnéacs Síochána Domhanda (Global Peace Index). Déantar 99.7 faoin gcéad de phobal an domhain a mheas de réir táscairí éagsúla idir chainníochtúil agus cháilíochtúil. Ar na cinn is tábhachtaí díobh sin tá slándáil phobail, coinbhleacht bhaile fara idirnáisiúnta, agus míleatú na tíre.

Agus féach! Aillilliú! Ababúna! Hósannana sna hArda! Mirabellissimi dictu! Táimidne, stát seo Poblacht na hÉireann ar an dara tír is síochánta ar domhan, sa chruinne féin! An Íoslainn an t-aon tír eile is síochánta ná sinn.

Nár dhóigh leat gurb é seo an fíoras ar chóir é a bheith á shéideadh ó na beannta, á fhógairt sna gleannta, á chraobhscaoileadh, á ghreanadh ar chloigne ag gach roinn rialtais, ag gach nuachtán, ag gach clár raidió agus teilifíse?

Ní mar é, áfach. Táimid náirithe toisc sinn a bheith ar ceal acmhainne cogaidh agus a laghad airgid a chaithfimid orthu. Nach cúis mhórtais agus ghairdeachais í sin seachas a mhalairt?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar