Nuair a bhí na draoithe ón domhan thoir imithe, thaispeáin aingeal an Tiarna é féin do Sheosamh ina chodladh, agus dúirt sé: ‘Éirigh agus tóg an leanbh agus a mháthair agus téigh go dtí an Éigipt, agus fan ann go n-inseoidh mé duit, mar beidh Héaród ag lorg an linbh chun a mharaithe.’ Leis sin, thóg Seosamh agus Muire suas a gcip is a meanaithí is chlúdaigh an leanbh oiread is ab fhéidir leo agus chuaigh an mháthair agus an leanbh ar muin an asail agus ghluais siad leo i gcoim na hoíche.
Turas fada a bhí acu, mar bhí siad bocht agus gan chaoi acu ar chamall a fháil ar cíos nó imeacht i dteannta daoine eile a bhí ag dul sa treo sin. Óir, b’áit chontúirteach an taobh tíre a raibh siad ag gluaiseacht tríd, agus ba mhinic gadaithe ag faire nó lucht trádála ag feitheamh lena dtabhairt ann ar phraghas.
Gaineamhlach tirim ba ea formhór na slí, sceach anseo is ansiúd faoi theas na gréine sa ló agus sioctha le fuacht istoíche. Agus ba mhinic daoine thall is abhus ag faire orthu ar íor na spéire, ach ar éigean gurbh fhiú baint leo a bhoichte is a bhí. Ó am go chéile théadh siad thar chrann uaigneach a bhí ag caoineadh teirce a ghlaise féin, nó laghairt ar chloch ag iarraidh leathshúile a oscailt de bharr ghile na gréine.
Mhothaigh Seosamh go raibh a aghaidh ar nós mála uisce folamh, línte gearrtha faoina shúile ón taisteal gan chrích, a chraiceann chomh tirim le cailc, a bheola á gcogaint aige de dheasca íota tarta. San oíche dhéanaidís burla liathróide díobh féin, lámha timpeall ar chaola na gcos. Chodail an leanbh go sámh le teas na máthar timpeall air cé gur ghá é a chothú go minic is ba rialta mar ba dhual.
Nuair a shroich siad an mhuir mhór ní raibh aon áis acu le dul trasna. Thall uathu chonaic siad na soilse geala ar lasadh agus chuala siad gleithearán na daonnachta. Shamhlaigh Seosamh ina aigne go bhféadfadh sé obair a fháil mar shaor adhmaid go furasta, mar bhí an cheird aige go paiteanta.
Nuair a chonaic an fear báid go raibh siad i sáinn rinne sé tairiscínt dóibh an leanbh a mhalartú ar phasáiste thall. Óir, bheadh praghas maith air. Bhí éileamh ag fir áirithe ar leanaí óga. Nuair ba léir nach ngéillfeadh siad don mhargadh, ghlac sé an t-asal mar mhalairt.
Agus fuair siad teach beag dóibe tréigthe ar imeall an bhaile, agus lonnaigh ann, agus níor chuir isteach ná amach ar aon duine. Agus bhí ocras orthu go laethúil agus ba ghairid gur tuigeadh do Sheosamh nach raibh a cheird ag teastáil cé go raibh siad i ngátar siúinéirí agus saor adhmaid gan aon amhras anonn.
Agus ba ghairid ina dhiaidh sin gur thug siad faoi deara go raibh slua ag bailiú lasmuigh dá dteach dóibe agus póstaeir in airde acu i dteanga nár thuig siad. Iad ag siúl timpeall. Braillíní ar a gcloigne acu. Seilí á gcaitheamh amach acu agus smugaí á scaoileadh. Manaí á gcantaireacht acu go neamhbhinn:
‘Giúdaigh amach! An Éigipt do na hÉigiptigh! Tá an Éigipt lán! Drochbholadh amach! Níl fáilte roimh chac! An Éigipt do na hÉigiptigh amháin!’, agus cuid eile bagarthach ar a seal.
‘Is léir nach bhfuil fáilte romhainn anseo,’ arsa Seosamh le Muire nuair a bhíothas ag iarraidh an teach acu a dhó. ‘Is trua nach dtiocfadh fáidh chugainn a fhógródh go raibh gach duine cothrom i súile Dé ba chuma cén cine ar díobh é…’
* Tá an scéal seo, agus scéalta eile dá shórt, le fáil in Scéalta Nollag le hAlan Titley atá foilsithe le déanaí ag leabhairComhar. Breis eolais: comhar.ie/leabhair/scealta-nollag.
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis