Madraí agus moncaithe

Is fearr cic i dtús na himeartha ná scliúchas as a dheireadh.

'Tá taithí againn abhus ar ionsaithe ag faoileáin ar dhaoine a bhfuil sceallóga á slogadh acu cois mara tráthnóna Domhnaigh'. Grianghraf: iStock

Is mó sin duine atá ceanúil ar a mhadra nó ar a ghaidhrín beag suairc agus nach leomhfadh go ndéanfaí dochar ar bith dó. Is iad cairde an duine iad agus in áiteanna tá óstáin faoi leith dóibh, agus bearbóirí, agus maiseoirí crobhingne acu fad is beo dóibh, agus reiligí a dtugtar aire na naomh dóibh nuair a fhaigheann siad bás. Ní fíor ar fad, gan amhras, mar deirtear gur sás béile iad i dtíortha eile, ach ní fios an mbíonn praghas éagsúil ar an mbiachlár ar an bpúdal seachas ar an gcú faoil Gaelach. Ceist don duine beadaí cé acu is blasta.

Nílimid chomh ceanúil céanna ar an moncaí cé go bhfuilid níos gaire i ngaol dúinn. Bhí peata de mhoncaí agam féin agus ag mo pháirtí nuair a bhíomar amuigh sa dufair tráth dá raibh, ach níor chréatúr é go bhféadfá aon chuimilt a thabhairt dó in ainneoin na clúimhe caoimhe boige míne a bhí air. Ba ródhócha é (ceapaim gur ‘é’ a bhí ann ach níor éirigh linn teacht ina ghaobhar chun sin a dheimhniú go beacht) ag screadaíl sa chúinne agus ag ithe an tslabhra ghairid a bhí á cheangal agus dár n-aithisiú go moncaímhaslach. Nuair a d’éalaigh sé, dúradh gur dócha go raibh á dhíol san aonach chun na críche céanna agus a bhíonn ag madraí sa tSín. Sa tslí sin, b’fhéidir go bhfuair duine éigin blas air.

Ar nós an fheirmeora agus an bhuachalla bó nach cairde iad, dar leis an amhrán, ní haon chairde iad an madra agus an moncaí ach an oiread. Fad is atáimidne gafa lenár gcogaí barbartha féin, bíonn na hainmhithe in adharca a chéile chomh maith.

Tharla nuair a bhíomarna gafa le covid gur mharaigh madra moncaí óg soineanta neamhurchóideach gan cháim in Maharashtra Auragabad na hIndia. Chuir seo na moncaithe le báiní, agus mar a dhéanfadh moncaí maith ar bith, d’fhógraíodar cogadh ar na madraí. De réir gach tuairisce, mharaíodar tuairim is dhá chéad is a caoga madra. Ba mheasa fós, thug siad aghaidh ar na coileáin is strac óna chéile iad idir fhionnadh agus chnámh. B’é an cleas ab fhearr a bhí acu iad a chrochadh leo go barra na gcrann is a chaitheamh anuas le binb ionas go smistfeadh siad a gcloigne beaga i gcoinne na cré crua agus go mbrisfí iad mar a chnagfaí cnó le cloch.

READ MORE

Siúd is gur aithníodar go raibh an daonnaí agus an gadhar go somheanmnach le chéile ba ghairid gur ghabh siad ceann ar aghaidh i gcoinne óige an bhaile chomh maith. Deir a gcuid urlabhraithe gur buille réamhchoiscitheach a bhí ann, óir mar is eol dúinn, caithfear tabhairt faoi dhuine sula dtugann sé fút. Is fearr cic i dtús na himeartha ná scliúchas as a dheireadh. Tá scéalta ann go ndéanaidís ionsaí ar chistineacha agus go dtugaidis bia agus mí-ádh leanaí leo. Dá ainneoin sin go léir tá slua na moncaithe fós slán, iad ar a gcoimeád sna foraoiseacha ag fanacht leis an gcéad chothrom eile ar chreach a chrochadh leo.

Tá taithí againn abhus ar ionsaithe ag faoileáin ar dhaoine a bhfuil sceallóga á slogadh acu cois mara tráthnóna Domhnaigh ach níl aon fhaisnéis againn gur thugadar leanbh leo fós go tír na deo. Agus leanann conspóid an díothú atá le déanamh ar na XL Bullaíochaí bochta nach leagfadh ionga ar an mbunóc sa chliabhán, mar a déarfá.

Braithim go bhfuil samhail nó fabhalscéal nó ceacht anseo i bhfolach dá bhféadfainn a fhionnadh cad ba bhrí leis. Caithfidh gurb é atá ann gur fhoghlaim ár sinsir conas leanaí a mharú ó na hairde lastuas sa spéir i bhfad níos siar siar ná mar is dóigh linn.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar