Cathair agus cathracha eile

Tá nós agam nuair atáim i gcathair iasachta mo mhála a shacadh uaim agus dul ag siúl ar fud na sráideanna.

Tá plean amuigh ansin ar na bioráin nach léifidh ach an beagán ach a bhfuil mórán cainte ina thaobh. Is é sin, go gcuirfear cosc ar fhormhór an tráchta choitinn ag teacht isteach agus ag dul trí lár chathair Bhaile Átha Cliath. Ní bheidh cead feasta teacht isteach ó na bruachbhailte i do SUV, ceapaire, nó meacan, nó leabhar féin a cheannach agus imeacht ar ais abhaile. Tá cuma na maitheasa, agus na suáilce ina theannta sin, ar gach aon phlean dá réir a shásóidh ár mian gan an t-aer a thruailliú agus tine chnámh a dhéanamh den domhan a chuirfeadh náire ar lucht páirte Guido Fawkes féin.

Ní hé nach ngéillim dóibh, mar nílim ag iarraidh go mbeadh an saol ina Gaza mór amháin ag sliocht ár sleachta agus ag a sleachta sin arís go seacht slán sleamhain. Ach is é nádúr na coisíochta féin atá ag déanamh scime domsa, bealach na mbarraicíní ar phábháil na cathrach.

Is é dúchas na cathrach a bheith gnóthach, gleithearánach fiú, lán de ghleo. Bhí cathracha riamh ilcheardach, ilphoblach, ildaoineach, ilteangach, ilghnóthach. É sin ar fad mar mhalairt ar shaol deas ciúin sábháilte saonta cúlráideach prátúil simplí leamh tuítuathalach na tuaithe.

Tá nós agam nuair atáim i gcathair iasachta mo mhála a shacadh uaim agus dul ag siúl ar fud na sráideanna. Is mar sin is fearr a bhlaisfidh tú an áit, nó uaireanta ba chruinne, a bholóidh tú an áit. Is suimiúla sin go mór is go fada ná ag bheith ag coisíocht ar na goirt ghlasa agus idir na clathacha nár tharla aon eachtra aréir iontu. Sa chathair casann daoine umat ina lándaonnacht ghránna álainn nuair nach mbíonn agat amuigh faoin tuath ach ba balbha, muca ciúine agus glasraí gan ghuth.

READ MORE

Agus sin agat ball díreach an baol. Más fíor don phlean seo don ardchathair bainfear cuid mhaith den daonnacht aisti, an daonnacht uilethoiseach ghlórach challánach sin is dual d’aon chathair ar fiú cathair a thabhairt uirthi.

Aon duine riamh a bhí i gcathair in áiteanna san Afraic nó san Áise (nó codanna díobh) tuigfidh sé cad tá i gceist.

Bhí mé in Kozhikode, Kerala na hIndia cúpla bliain ó shin, agus níorbh é an teas an chéad rud a bhuail umum ach an fuinneamh a mhothófá nuair a leagfá cos ar an tsráid. Daoine ag caint, ag rith, ag glaoch, ag díol, ag béicíl, ag argóint, ag gáire, ag iarraidh déirce, ag ceannach, ag ligean orthu, ag piocadh pócaí, ag cuidiú lena chéile, ag seachaint an tráchta, ag gluaiseacht tríthi in aon tonn dhaonna amháin mar a bheadh rabharta a chuirfeadh cluaisíní ar do chroí mura raibh siad air cheana. Fuinneamh, díocas, tiomáint, óige, bíogadh - daonnacht.

Gabh leat go Lagos na Nigéire. Níl aon oidhre air ach nead seangán, ach gur seangáin a bhfuil indibhidiúlacht go héag dingthe iontu. Gach duine ag caint os ard is gan aon duine ag éisteacht, créatúir d’ainmhithe á ndíol nach bhfuil ainm fós againn orthu is b’fhearr nach mbeadh, flaitheas Dé á dhíol ar chúpla naira, tranglaim tráchta a mhaireann fad an lae gan bhogadh ach a scaoileann ina sciodar gan choinne i lár na hoíche, praghas ag gach duine nach praghas in aon chor é, hurla burla lúbtha san harlamobac ina húirte háirte gan chríoch.

Cathracha iad sin duit! Murab ionann agus cathracha marbha na hEorpa. Is féidir do bhéile a ithe ón tsráid sa Ghinéiv, ach cén mhaith é sin nuair nach féidir cuileoga a choinneáil amach ón mbarbacú?

Cén duine atá ag iarraidh go mbeadh Baile Átha Cliath nó Béal Feirste nó Corcaigh ina bpoll ciúnais agus leamhais i gcroílár na beatha atá ag pléascadh inár dtimpeall?

Níl mise.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar