Geallúintí dearmadta?

Cuireadh ceist ar an Aire Oideachais Norma Foley faoi gheallúintí a bhain le soláthar na Gaelscolaíochta

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir Shinn Féin go bhfuil sé “thar a bheith tubaisteach” go bhfuil an Rialtas “ag tarraingt siar” ón ngeallúint sa Chlár Rialtais méadú suntasach a dhéanamh ar sholáthar oideachais trí mheán na Gaeilge.

Chuir an Teachta Ó Snodaigh, atá ina chathaoirleach freisin ar an gComhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta, ceist Dála ar an Aire Oideachais inar fhiosraigh sé di “cathain a bhainfear amach geallúint an Chlár Rialtais soláthar na Gaelscolaíochta a dhúbailt”.

Cé go ndúirt sí ina freagra go bhfuil obair “ar bun” sa Roinn faoi láthair maidir le polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge agus go bhfuil sé “ar intinn” go gcuirfear tús le “cur i bhfeidhm gníomhartha ón bpolasaí” i scoilbhliain na bliana seo chugainn, ní dhearna sí tagairt ar bith don ghealltanas úd.

Deirtear i gClár an Rialtais 2023 go ndéanfar ‘Oibriú i dtreo líon na ndaoine óga atá i scoileanna Gaeilge a dhúbailt’ agus go ndéanfar ‘Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a chur ar fáil, áit a bhfuil éileamh mór ann’.

READ MORE

Pé rud é faoin dara geallúint, b’fhéidir go bhféadfadh an chéad cheann a bheith níos cinntí nó níos soiléire (cén chinnteacht a atá le ‘oibriú i dtreo’ agus ‘cur i bhfeidhm gníomhartha ón bpolasaí’?). Ach, lena cheart a thabhairt don teachta, níor tugadh freagra ar a cheist.

“Tá sé thar a bheith tubaisteach go bhfuil an Rialtas agus an tAire Norma Foley ag tarraingt siar ó gheallúint a rinne siad sa Chlár Rialtais,” a dúirt an Teachta Ó Snodaigh. “Níl fiú tagairt sa bhfreagra don gheallúint úd. Is léir nach bhfuil dúbailt ar an nGaeloideachas mar sprioc a thuilleadh ag Fianna Fáil, Fine Gael nó na Glasaigh.”

“Tá Sinn Féin den tuairim gur chóir cloí le geallúintí, go háirithe maidir le soláthar an Ghaeloideachais, atá mar cheart ag ár leanaí, agus oibreoidh Sinn Féin ag gach leibhéal chun an ceart sin a bhaint amach.”

Reáchtáil grúpaí pobail léirsiú ag Teach Laighean an Chéadaoin seo caite le gníomh a éileamh ar na Treoirlínte Pleanála Gaeltachta. Ar cheann de na héilimh a bhí acu bhí an sprioc go dtabharfar “feidhmeanna soiléire tithíochta” d’Údarás na Gaeltachta mar chuid den Bhille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) atá le foilsiú go luath.

Sa Dáil an mhaidin dár gcionn, dúirt Aire Stát na Gaeltachta Thomas Byrne go gcreideann sé go bhfuil ról lárnach le himirt ag an Údarás i gcúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht.

Léas dóchais b’fhéidir dóibh siúd a deir go bhfuil soiléireacht de dhíth ar ról an Údaráis i gcúrsaí tithíochta.

Is léir go bhfuil míshástacht ag fás i bpobal na Gaeilge le moilleadóireacht ón Roinn Oideachais agus ó Roinn na Gaeltachta i dtaobh soláthar cuí ar oideachas trí mheán na Gaeilge agus na Treoirlínte Pleanála Gaeltachta. Leis an olltoghchán ag teannadh linn, an bhféadfadh go mbíogfaidh rud éigin sa Rialtas agus go bhfeicfimid éilimh ar chothromas á ndeonú sul má chaitear an chéad vóta?

Mar a dúirt gníomhaí teanga amháin ar an gCéadaoin, ‘níl sé ródhéanach don aire an cinneadh ceart a dhéanamh’.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.