Tithe don Phobal

‘Tá teach againn!’ arsa an cara, agus bhris na deora áthais uirthi.

Ceann de na cuimhní is faide siar im cheann (tá seo ag dul in olcas, arsa tusa) ná cuairt a thug mo mháthair ar chara léi a raibh cónaí uirthi in árasán i gcathair Chorcaí. Árasán aon seomra a bhí ann. Is cuimhin liom na héadaí taise ar chrochadáin, leaba mhór amháin sa chúinne, mála guail le hais an dorais agus leanbh sa chliabhán. Lánúin iad a bhí iontu nach raibh ach bliain nó dhó pósta agus iad san áit chúng mhíshláintiúil seo le linn an ama sin. Déarfainn nach rabhas ach ceithre nó cúig cinn de bhlianta ag an am.

Bhíos ann go minic roimhe sin agus mé ag déanamh talamh slán de go raibh an gnáthchomhrá ann idir mo mháthair agus a cara, fad is go rabhas ag iarraidh teacht ar bhréagán éigin ar an urlár chun útamála leis. Ach an lá áirithe seo ghealaigh an spéir. Bhí meidhir agus gealadhram ag líonadh an tseomra.

‘Tá teach againn!’ arsa an cara, agus bhris na deora áthais uirthi.

Níor thuigeas fáth an ghairdis ag an am, gan amhras, ach níorbh fhada gur buaileadh isteach im aigne ná go raibh teach bardais ar fáil dóibh i gceann de na láithreáin mhóra tithíochta a bhí á dtógáil ar bhruachbhailte na cathrach ag an am. Is ann a chónaigh siad an chuid eile dá saol, thóg teaghlach mór bríomhar agus d’íoc an cíos míosúil de réir éilimh.

READ MORE

B’in é an nós ba thaitheach le go leor de phobal na tíre ar feadh i bhfad. Níorbh aon chúrsa iontais é. Thógtaí tithe, lonnaíodh gnáthdhaoine ar ghnáth-thuarastal nó ar theacht isteach an neach oibre iontu gan drumaí a bheith á mbualadh ná ciombail phráis ag déanamh gleo. Dhealraigh sé mar chuid den nádúr, daoine ar a n-ábhar féin ina dtithe féin. Ach go ciúin folaitheach, d’imigh sin agus déanadh ‘réadmhaoin’ d’ionad cónaithe daoine, rud a raibh praghas air, seachas luach.

Ar éigean go mbeadh hurlamaboc an lae inniu ann murach gur fionnadh go raibh eastáit nua tithíochta á slogadh ag súmairí idirnáisiúnta. Baineadh oiread sin de stangadh as an rialtas gur chorraigh siad a dtóin.

Ó sea, go fiú i ndiaidh an tseansaoil sin a dheachtaigh mé, bhí daoine sna gairmeacha sábháilte, na gardaí, na múinteoirí, na státseirbhísigh de ghrád áirithe agus daoine ar a amhlachas de phá in ann teach a cheannach san ardchathair agus sna cathracha eile ar aon tuarastal amháin. Nuair a fáisceadh orthu sin rótheann bhí lánúin phósta de na haicmí sin fós in ann na puint ghlasa a chur le chéile chun na húsairí a shásamh. Is ea, Dia go deo leis na seanlaethanta…

Is chuige atáimid anois gurb ar éigean is féidir leis an dlíodóir óg ag diabhlaíocht, an dochtúir ar a chleachtadh, an fiaclóir ag stoitheadh ná an polaiteoir amh féin ag polaitiú áras a cheannach gan a bheatha a chur i ngeall don arrachtach airgeadúil atá ag alpadh an domhain níos craosaí ná bláthú na cruinne.

Ní hé nach bhfuil a dheimhinfhios ag an aos reachtaíochta cad tá le déanamh; níl an ceapadh is lú acu. Pé plean nua laethúil snasta a nochtar is deacair aon iontaoibh a thabhairt leis. Bíodh a theist sin orthu ag grágalaigh, ag gogallaigh is ag gobstaireacht gach nóin is deireadh lae is gan aon ghéilleadh acu don rud is soiléire amuigh atá le déanamh.

Fill arís. Téir siar. Caith tamall ag maireachtaint san aimsir chaite. Déan an rud a dhéantaí. Múscail eilit na tógála i gcoillte bliain. Lig don stát, nó don chomhairle chontae, nó don bhardas tithe a thógáil faoi stiúir chomhlacht atá i lámha an rialtais. Íocfaidh an cíos astu i bhfad na haimsire. An-simplí. QED.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar