Súile caocha an chine dhaonna

Ní bhíonn saoi gan locht


Níorbh é an chuid ba mheasa de chás Niall Collins bocht é a bheith ag lúbadh is ag snaidhmearnaigh ar bhior dá dhéantús féin.

Ba ghreannmhaire gur thug sé go binbeach faoi Enda dhá bhliain ó shin toisc gur scríobh sé siúd litir chun an Aire Dlí agus Éigirt ag fiosrú faoi chás dlí eile; agus, gan amhras, tá Enda breá sásta an comhar a dhíol leis gan aon lua ar ar dhein sé féin, agus gan imir rua náire ar bith a theacht ina phluca.

Cur síos níos caoine is ea “íoróin”, ach téann de dhaoine atá istigh ina lár a míréir a fheiscint.

Ba dheacair a thuiscint conas nach bhféadfadh léitheoirí nuachta teilifíse gan titim ina rollóga gáirí agus iad ag trácht ar Sheán Ciarraí na Stát Aontaithe a bheith ag gearán faoin Rúis ag déanamh ionraidh ar an gCrimé “óir ní féidir le tíortha láidre dul timpeall hólas bolas ag déanamh ionsaithe ar thíortha eile”!

READ MORE

(Ní cheadódh an t-eagarthóir dom ach comhartha uaillbhreasa amháin i ndiaidh na habairte sin.)

Beag an sólás dúinn go raibh riamh mar sin, agus níos measa.

Cheannaigh Cumann Coilíneach Mheiriceá slisne talún in iarthar na hAfraice sa bhliain 1821.

B’é bhí i gceist na sclábhaithe a fuasclaíodh nó a díbríodh as plandálacha i ndeisceart Fhearann an Mhisnigh agus Ionad na Saoirse a chur soir ar ais chun a n-ilchríche dúchais féin.

Is de sin an tír a dtugaimid An Libéir anois uirthi. Bhí go maith dóibh siúd a d’fhill, ach bhí go holc don chuid eile ar leo an talamh i dtosach.

Ní túisce ann do na lonnaitheoirí nua – ar sclábhaithe cúpla bliain roimhe sin iad – ná gur mháistrí feasta iad agus sclábhaithe dá gcuid féin acu. Caitheadh na Giúdaigh amach as Sasana sa bhliain 1290, agus bhí siad á ndíbirt mar chine as tíortha éagsúla na hEorpa i rith na meánaoiseanna, á ruaigeadh as cathracha de chuid na hEilbhéise, na hIodáile, na Gearmáine.

Ba spórt Eorpach thar a bheith coitianta é seilg na nGiúdach.

Agus anois tá Pailistínigh neamhchiontacha ina macalla droim ar ais den leatrom sin.

Is maith linn talamh slán a dhéanamh de gur laochra gan cháim iad na daoine a sheas ar son cearta na tíre seo.

Ceann de mhórleabhair agus de mhór-ráitis dhínit an duine is Irisleabhar Príosúin Sheáin Mhistéil, leabhar a thabharfadh ardú meanman duit ar a sceimhle, ar a scéal, is ar a áiteamh.

Go deimhin, clasaic de chuid litríocht Bhéarla na tíre seo é an leabhar céanna. Rosca tuisceana agus feirge is ea go leor dar scríobh sé sa Nation ina bhfaca sé tubaist an ghorta roimh go leor eile, agus san United Irishman ina dhiaidh sin.

Ní fhéadfá gan a rá agus iad á léamh agat, “Seo duine a thuigeann cos-ar-bolg! Seo duine ar mór aige cearta an duine!”

Och, agus faraoir ghéar ghéar, tréas i gcoinne na smaointe sin gach ar dhein sé nuair a bhain sé na Stáit Aontaithe amach tar éis dó éalú as campa géibhinn Van Diemen’s Land, áit a raibh an pobal dúchais á gcinedhíothú duine ar dhuine mar a mharófaí cuileoga ar leathsciathán.

Toisc gurbh iriseoir den scoth é ghabh sé leis an gceird sin arís san nuachtán The Citizen a sheas go daingean le cearta na nGael.

Cúis náire, áfach, nár sheas sé le cearta an duine ghoirm. Bhí Mitchell go binbeach in aghaidh fhuascailt na sclábhaithe, agus d’áitigh sé gur “an innately inferior people” ba ea sliocht na nAfracach a tugadh sall faoi bholtaí ceangailte crua, go díreach mar a tugadh é féin chun na gcríocha ó dheas.

Ar chúis éigin ní fhaca sé an nasc idir a bhraighdeanas féin agus geimhlí daoine eile. Bhí an sclábhaíocht “go maith ann féin”, agus mhol sé go dtionscnófaí arís an trádáil sclábhaíochta tar éis gur scoireadh de. Caithfidh mé a rá go n-iompaíonn cuid dar scríobh sé mo bholg.

An chéad rud a dhéanann duine i gcás mar seo ná go dtéann ag fiach leithscéalta.

Tar éis an tsaoil, ní féidir gur easpa mheabhrach a bhí ann.

Shíl Immanuel Kant agus David Hume agus Voltaire féin go raibh daoine faoi chraiceann dorcha níos dorcha san intinn chomh maith, ar leor é le gach eile a bhreac siad a chaitheamh sa chiseán bruscair.

Is é sin le rá, níl aon leithscéal ag John Mitchell sa mhéid a scríobh is a d’áitigh sé.

Biogóideach cúngaigeanta claon ba ea é ar smál síoraí a thuairimí bréana ar a chuid scríbhinní Éireannacha. Dhófainn a chuid leabhar, ach nach gcreidim i leabhair a dhó.

An té nach dtuigeann nach sia gob na gé ná gob an ghandail níl cead goib ar bith aige.