Slánaitheoir gona róbaí dearga

Cuirtear daoine ó dhoras agus iad ar lorg dídine don oíche fadó, fadó...


Tharla sna laetha sin gur chuaigh an ghairm amach ionas go ndéanfaí áireamh ar an domhan go léir.

Agus ghluais na daoine ar fad ionas go ndéanfaí iad a áireamh, gach aon duine ina chathair féin.

Agus chuaigh Seosamh agus Muire ó Ghaililí agus bhí an aimsir ann nach mór chun na clainne do bhreith nuair a shroich siad baile beag Beithil.

Agus chuaigh siad ó dhoras go doras ag lorg áite chun na hoíche a chaitheamh ann. Agus cé go raibh déanaí an lae ag bagairt níor chuir sin aon bhuaireamh orthu mar ba láidir a gcreideamh i nDia.

READ MORE

Agus dúradh leo ag doras amháin nár ghlac siad isteach daoine ó Ghaililí, agus ag doras eile nach raibh fáilte roimh bhean a bhí ag iompar linbh, agus ag doras eile fós nár thaitnigh eachtrannaigh leo mar bhí siad leisciúil nó ag iarraidh déirce.

Ráinig siad doras amháin, áfach, ina raibh dea-araí ar fhear an tí ann, agus ghlac sé trua dóibh, agus ghabh sé leithscéal.

‘Is amhlaidh go bhfuil an tigh ósta seo lán go draid,’ ar seisean, ‘mar tá an Nollaig chugainn agus gach duine ar bís agus ag coinne leis an lá mór.’

‘Tá lá mór le bheith againne, leis,’ arsa Seosamh, ag comharthú Muire ar muin an asail dó.

Agus thuig an fear agus líon a chroí le trua dóibh agus dúirt leo go raibh stábla ar chúl an tí agus go bhféadfadh siad a gcloigeann a chur síos ann go dtí go mbeadh folúntas san ósta féin.

‘Tá an áit cóirithe agam i gcomhair na féile, mar a chífidh sibh,’ ar seisean. ‘Ach ná cuireadh sin aon mhairg oraibh, fad is nach mbaineann sibh le haon rud, nó nach mbriseann sibh rud ar bith.’

Agus ghabh siad buíochas leis go béasach, agus ghluais leo nuair a d’airigh siad an fear ag rá leo in ard a ghutha: ‘Tá cúpla béist ansin cheana féin, ach ná cuireadh siad sin aon chorrabhuais oraibh ach an oiread.’

Agus shroich siad an stábla agus chuaigh siad isteach ann agus chonaic siad go raibh sé go maith.

Bhí coinnle ar lasadh gach aon áit agus bhí maisiúcháin dhaite ar crochadh ar fud na háite. Istigh sa chúinne ann bhí crann mór glas i bhfoirm triantáin ag gliúcaíocht orthu. Agus ar an gcrann san, leis, bhí maisiúcháin eile, agus liathróidí beaga solasmhara, agus féiríní arna gclúdach le páipéir a raibh splincíní geala ag lonradh orthu. Agus bhí cuileann in airde i mullach na háite, fara le craobhóga den drualus ar sileadh anuas.

Agus ansin leath a súile orthu nuair a chonaic siad na hainmhithe nach raibh aon ainm acu orthu. Dhá cheann díobh a bhí ann, duine díobh a raibh beanna móra lastuas air ionas go gceapfá go raibh sceach gan duilleoga ag fás ar a cheann. Agus an duine eile mar a chéile ach í i leith na bige.

Agus san fhuinneoig bhí bosca beag de bheithilín, ina raibh figiúir bheaga ina seasamh, caipíní orthu agus casúir ina lámha mar a bheadh abhaic ann a raibh saothar le déanamh acu.

Ba mhó fós an t-iontas a bhí orthu nuair a chonaic siad an fear laistigh.

‘Cé sibhse?’ d’fhiafraigh sé, ach ní go borb ar fad, mar bhí an fhéile i ngar dóibh.

‘Mise Seosamh, agus seo í mo bhean, Muire, agus cé tusa, agus cad tá á dhéanamh agatsa anseo?’

‘Mise ar nós cáich,’ arsa an fear, ‘táim anseo ag feitheamh leis an slánaitheoir.’

‘An slánaitheoir?’

‘Is ea, deirtear go dtiocfaidh sé lá ar bith feasta gona róbaí dearga ina charr sleamhnáin á dtarraingt ag foireann réinfhianna aduaidh.’