Ceist na teanga ina cnámh spairne

Bhí iaróg trasteorann ann faoi chúrsaí Gaeilge 30 bliain ó shin


Ag am go bhfuil ceist na teanga i gcroílár chlár oibre na polaitíochta sa Tuaisceart, tá sé tráthúil go bhfuil eolas nua ar fáil anois faoin choimhlint idir údaráis na Poblachta agus an Tuaiscirt faoi chás na Gaeilge 30 bliain ó shin.

As cáipéisí ar chomhaid de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha ón bhliain 1987 atá ar fáil sa Chartlann Náisiúnta anois tríd an “Riail 30 Bliain” a thagann an léargas nua ar an díospóireacht teanga trasteorann.

Bhí sé curtha i leith Státrúnaí an Tuaiscirt, Tom King, go raibh sé ag moilleadóireacht, go raibh eagla air cinntí a dhéanamh agus go raibh imní ann gur Sinn Féin a bhainfeadh buntáiste as aon dul chun cinn a ghéillfí ar chúrsaí teanga.

Bhí Brian Lenihan, a bhí ina Thánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha, buartha go raibh an IRA Sealadach ag iarraidh an bonn a bhaint den náisiúnachas bunreachtúil agus theastaigh uaidh a chinntiú gur tríd an bpolaitíocht a dhéanfaí dul chun cinn seachas trí fhoréigean.

READ MORE

Thug Fo-rúnaí na Rúnaíochta Angla-Éireannaí, Ronnie Spence, le fios go discréideach d’Éamonn Ó Tuathail ón Roinn Gnóthaí Eachtracha i Márta 1987 go raibh moltaí rialtas na hÉireann faoin Ghaeilge á scansáil go cúramach ag státseirbhís an Tuaiscirt agus go raibh moltaí dá gcuid féin curtha acu chuig King “who cannot make up his mind”. Dúradh fosta go raibh an Státrúnaí “fearful of the consequences” dá ngéillfeadh sé barraíocht ar chúrsaí teanga.

Scríobh an Tánaiste, Brian Lenihan, chuig King ag éileamh go ndéanfaí leasú ar an Acht um Rialtas Áitiúil (1949) a chur cosc ar ainmneacha sráide nó bailte a bheith crochta in airde in aon teanga eile seachas an Béarla.

Ach thug Ronnie Spence le fios go raibh drogall ar státseirbhís an Tuaiscirt dul i ngleic leis an chás: “The question of how to test public opinion in a particular street or how to force unionist councils to comply and to pay for the erection of street signs in Irish, is a much more complicated and difficult legal area which he thought it best to leave aside for the present.”

Bhí géilleadh beag déanta, áfach: bhí maoiniú tugtha d’Ollscoil na Ríona chun gasaitéar de leaganacha Gaeilge de logainmneacha an Tuaiscirt a chur le chéile.

Anuas air sin, bhí léarscáil dátheangach de chuid na Suirbhéireachta Ordanáise réidh le foilsiú. Ach ba léir go raibh ag teip ar mhisneach King a dúirt nár thuig sé cad é an chúis nár iarradh ar chomhlacht phríobháideach an obair seo a dhéanamh seachas a bheith ag brath ar chomhlachtaí poiblí.

Bhí Rialtas na hÉireann ag éileamh fosta go mbeadh cead comhfhreagras a dhéanamh le hoifigí stáit an Tuaiscirt trí mheán na Gaeilge – ceart nach mbeadh daingnithe le dlí ó dheas den Teorainn go ceann 16 bliain eile ag an am!

Bhí ranna stáit áirithe sa Tuaisceart sásta glacadh le litreacha i nGaeilge ar bhonn ad hoc ach ní raibh rialtas na Breataine sásta géilleadh ar an phrionsabal go fóill.

Bhíothas buartha go mbainfeadh Sinn Féin buntáiste as agus go seolfaidís rabhartha litreacha i nGaeilge go fo-oifigí beaga stáit (ar nós oifigí timpeallachta i bhFear Manach) agus fios maith acu nach mbeadh sé d’acmhainn acu freastal orthu.

Ba léir go raibh Rialtas na hÉireann mífhoighdeach faoin easpa dul chun cinn a bhí á dhéanamh ar chúrsaí teanga. Rinne an Tánaiste tagairt dó i gcruinniú a bhí aige le King i Londain ar 6ú Aibreán ach ní bhfuair sé de shásamh uaidh ach go raibh moltaí á mheas aige i dtaobh na Gaeilge faoi láthair.

Scríobh an Tánaiste chuig an Státrúnaí mar ábhar práinne i mBealtaine 1987 inar mhaigh sé go raibh iarrachtaí ar bun ag an IRA Sealadach an bonn a bhaint don náisiúnachas bunreachtúil.

Ar an ábhar sin bhí sé rí-thábhachtach don phobal náisiúnach go ndéanfaí dul chun cinn ar cheist na teanga agus bhí sé tábhachtach fosta, dar leis an Tánaiste, go mbeadh sé le feiceáil gur tríd an Chomhdháil Idir-Rialtasach a dhéanfaí dul chun cinn seachas trí fhoréigean.

“The Irish language is, of course, of great symbolic importance to nationalists. You have referred to a number of issues as ripe for decision: this would be an appropriate moment to bring these forward,” a dúirt an Tánaiste.

I measc na nithe a bhí i gceist aige bhí leasú ar Acht na bliana 1949, foilsiú an ghaisitéir agus an léarscáil dátheangach agus go dtabharfadh Comhairle Ealaíon na Breataine a thuilleadh deontais do thograí teanga sa Tuaisceart. “An announcement of your intention to take action on these lines would be very helpful at the present stage.”

Ag eascairt as an litir sin, chas ionadaithe ón dá thaobh den rúnaíocht ar a chéile chun na fadhbanna a phlé. Bhí cúrsaí slándála thar a bheith leochaileach ag am tar éis gur mharaigh an SAS ochtar ball den IRA i luíochán i Loch gCál, Co Ard Mhacha.

Bhí feachtas toghchánaíochta ar bun sa Bhreatain agus sa Tuaisceart ag an am agus thug taobh na Breataine den rúnaíocht le fios go mbeadh deacrachtaí áirithe ag baint le polasaithe áirithe i dtaobh na Gaeilge a fhógairt ag an am sin.

Cé gur athcheapadh Tom King mar Státrúnaí an Tuaiscirt tar éis an olltoghcháin níor deineadh aon mhórfhógra faoi chúrsaí Gaeilge i 1987 mar a bhí á éileamh ag Rialtas na hÉireann.