Ról na hÉireann i gcomhthéacs idirnáisiúnta

Na Náisiún Aontaithe: Céard is fiú an bua is déanaí agus cén chumhacht a thagann leis?

FOCLÓIR: comhbhá - empathy, comhpháirtíocht - co-partnership, neamhspleáchas - independence, gníomhach - active, dí-armáil núicléach - nuclear disarmament, rannpháirtithe - participants, cóilíneachas - colonialism.

Bhí obair na gcapall déanta agus an t-airgead caite. A luaithe agus a bhain Éire amach an suíochán ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe cuireadh tús leis an díospóireacht faoin úsáid a bhainfí as.

Tuairim’s gach 20 bliain déanann Éire iarracht ballraíocht ar an gComhairle Slándála a fháil. Cuireadh tús leis an iarracht seo chomh fada siar le 2005 agus is cosúil nach próiseas simplí a bhí i gceist.

Cé gur caitheadh beagnach €900,000 ar fheachtas na hÉireann sular caitheadh oiread agus vóta amháin ba mhór an bua é mar sin féin - ach go háirithe nuair ab iad Ceanada agus an Ioruaidh na céilí iomaiochta a bhí againn. Is dhá thír iomráiteach iadsan a bhfuil ard-mheas orthu go hidirnáisiúnta.

READ MORE

De réir foilseacháin de chuid an Roinn Gnóthaí Eachtracha bunaíodh feachtas na hÉireann ar thrí mhórthéama: ‘Ionbhá’ nó Comhbhá, Comhpháirtíocht agus Neamhspleáchas.

Is cinnte gur téamaí iad seo a thagann le thaithí na tíre ó 1955 i leith nuair a glacadh linn mar bhall don chéad uair. Tá ard-mheas ag Éirinn ar na Náisiún Aontaithe, freisin. Bíonn muid sásta dul i gcomhar go gníomhach leis ó thaobh na ndualgas atá orainn mar chomhalta agus ó 1958 i leith, ní raibh oiread agus mí amháin ann nuair nach raibh baill d’arm na hÉireann i mbun seirbhíse thar lear leis.

Ach céard is fiú an bua is déanaí agus cén chumhacht a thagann leis?

Bealach isteach atá ann, de réir roinnt tráchtairí, ar fhóram inar féidir linn tionchar dearfach a bheith againn ar mhór stáitse an domhain.

Dar ndóigh, ní eagras foirfe é na Náisiún Aontaithe. Go minic theip air. Ní gá ach smaoineamh ar Srebrenica, Ruanda, an Phalaistín, Siarra Leon, an tSiria agus Yemen le tuiscint a fháil ar na constaicí agus na dúshláin mhóra atá roimhe.

Ach, tá a lán déanta ag Éirinn ar son na síochána agus ar son an daonlathais faoi scáth an eagrais.

Ní féidir a shéanadh go bhfuil obair mhaith déanta. Tá aird ar leith ag na Náisiún Aontaithe ar dhí-armáil núicléach, ar sheirbhísí leighis a chur ar fáil do thíortha an triú domhain agus ar chearta daonna a chur chun cinn go hidirnáisiúnta.

Le linn na seachtainní romhainn déanfar plé ar an leas a bhainfear as an nguth ar leith a bheidh ag Éirinn sna Náisiún Aontaithe.

Is minic, i gcaitheamh na mblianta, a aithníodh go bhfuil comh-chúlra ag Éirinn agus na tíortha sin a bhris amach ó shlabhraí an choilíneachais agus a shamhlaigh na Náisiún Aontaithe mar bhealach chun a saoirse a dhearbhú agus a chur chun cinn. Ba cheart, mar sin, go mbeadh tuiscint ar leith againn ar anachain an chóilíneachais agus ar fhiúntas an dí-chóilínithe. Is cuid dhílis de sin é caomhnú, athbheochan agus cosaint teangacha dúchais an domhain.

Tá préamhacha an stáit Éireannaigh in athbheochan teanga. Shílfeá mar sin gurb é an rud is dual dó seasamh ar leith a ghlacadh ar an gCoiste Slándála maidir le teangacha an chine daonna atá i mbaol agus ag imeacht as go seachtainiúil de dheasca an chóilíneachais sa chéad áit agus mar thoradh ar ollchumhacht teangacha eile atá de shíor ag dul i dtreis.

Tá cuid den obair sin á dhéanamh ag UNESCO, áisinteacht oideachais, eolaíochta agus chultúir na Náisiún Aontaithe, ach ní léir go bhfuil aon aird mórán ag na stáit mhóra ar an obair sin. Tá deis anois ag Éire é a chur ar a súile dóibh agus ag an am céanna luach teangacha an chine daonna a chur i dtrácht go domhanda.

Ón árdán nua, sealadach atá againn cuirimis ar a súile dóibh go bhfuil cuid bhunúsach de oidhreacht agus de shaibhreas agus de acmhainní an chine daonna á dhíothú agus nach baol dóibh ná dá dteangacha tréana, láidre féin deis mhaireachtála a thabhairt do theangacha mionlaithe an domhain.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.