Nótaí: Eolaire na Scríbhneoirí Gaeilge le seoladh

Eolaire agus suíomh gréasáin nua Aontas na Scríbhneoirí le seoladh i mBaile Átha Cliath

* Seolfaidh an craoltóir Sinéad Ní Uallacháin Eolaire na Scríbhneoirí Gaeilge agus suíomh gréasáin nua Aontas na Scríbhneoirí (aontasnascribhneoiri.ie) i mBaile Átha Cliath ar Dé Satharn an 23ú lá Feabhra.

Ar an bhfód ó 2015 i leith, tugann Aontas na Scríbhneoirí ardán do scríbhneoirí na Gaeilge ionas gur féidir leo dul i dteagmháil le chéile agus cúrsaí a bhaineann leis an cheird a phlé.

Tá sé mar chuspóir acu freisin scríbhneoireacht na Gaeilge a fhorbairt agus a seasamh a ardú go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.

Cuirfear Eolaire na Scríbhneoirí Gaeilge ar fáil mar chuid den suíomh nua. Beidh fáil ar liosta imchuardaithe de scríbhneoirí Gaeilge an lae inniu agus féadfar cuardach a dhéanamh de réir ainm, inscne, seánra scríbhneoireachta srl.

READ MORE

Seolfar Eolaire na Scríbhneoirí Gaeilge agus an suíomh gréasáin nua ar Dé Satharn an 23ú lá Feabhra ó 4 - 6in in ionad Ghaelchultúir, 11 Sráid an Chláraigh, BÁC 2. Tuilleadh eolais: annaheussaff@gmail.com.

* Bronnfaidh Seán Kyne, Príomh Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin duaiseanna ar bhuaiteoirí chomórtas na n-Aistritheoirí Óga ag searmanas i mBaile Átha Cliath ar Dé Luain an 11ú Márta.

Ghlac 21 scoil páirt sa chomórtas ag a bhfuil sé mar sprioc ardchaighdeán sa Ghaeilge a chur chun cinn, ilteangachas a spreagadh i measc daltaí meánscoile agus spéis i ngairmeacha teanga a mhúscailt.

Cuireadh tús leis an gcomórtas dhá bhliain ó shin agus agus bhí sé oscailte do dhaltaí a bhí 15 bliana d’aois a bhí ag freastal ar scoileanna Gaeilge. Bhí sé chatagóir i gcomórtas na bliana seo. Bhí duais ann d’aistritheoir óg as gach cúige, mórdhuais don aistriúchán ab fhearr as oileán na hÉireann ar fad agus duais don duine a rinne an t-aistriúchán is fearr ó theanga eile seachas an Béarla.

Liosta na mbuaiteoirí: An t-aistriúchán is fearr as ceithre chúige Éireann: Domhnall Ó Braonáin, Coláiste Cholmcille, Co. na Gaillimhe; An t-aistriúchán (ó Bhéarla go Gaeilge) is fearr a rinneadh i gCúige Chonnacht: Domhnall Ó Braonáin, Coláiste Cholmcille, Co. na Gaillimhe; An t-aistriúchán (ó Bhéarla go Gaeilge) is fearr a rinneadh i gCúige Laighean: Rachel Ní Ghruagáin, Coláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath, An t-aistriúchán (ó Bhéarla go Gaeilge) is fearr a rinneadh i gCúige Mumhan: Hannah Ní Shearcaigh, Coláiste Íde, Co. Chiarraí, an t-aistriúchán (ó Bhéarla go Gaeilge) is fearr a rinneadh i gCúige Uladh: Cliodhna Ní Mhianáin, Gaelcholáiste Dhoire agus an t-aistriúcháin is fearr a rinneadh ó theanga seachas an Béarla: Zoya Nic Eibhearaird Coláiste Pobail Ráth Cairn, Co na Mí (aistriúchán ó Ghearmáinis go Gaeilge).

* Bás tobann is ábhar do dhráma nua ó pheann Chathal Póirtéir atá le craoladh ar Raidió na Life (raidionalife.ie). Dráma lán le rúin agus tragóid é 'Teachtaireachtaí Iar-Bháis' agus é ag leanúint traidisiúin an seánra bleachtaireachta. Craolfar an dráma Dé Céadaoin 20ú Feabhra ag 8in agus athchraolfar é ag 10am Dé Satharn 23ú Feabhra.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.