Nithe nach dtarlóidh

Liosta de na nithe nach dtarlóidh seachas aon dóchas baoth


An tráth seo bliana is gnách go dtosnóidh daoine ar fhéachaint rompu ar a bhfuil i ndán dúinn. Beidh liosta de mhianta réidh ullamh acu, ach is beag seans go réalófar ceann ar bith díobh. De thoisc gur duine réadach mé féin agus mo cheithre chrúb ar an talamh agam níor mhaith liom go gcuirfí díomá ar dhuine ar bith.

Dá réir sin, b’fhearr liom liosta a dhéanamh de na nithe nach dtarlóidh an bhliain seo chugainn seachas aon dóchas baoth a thabhairt do dhaoine.

Is féidir liom buille faoi thuairim a thabhairt maidir lena dtarlóidh, ach táim lándeimhnitheach cinnte dearfa, agus go siúrálta siar amach maidir leo seo nach dtarlóidh in aon chor:

1. Ní bhainfidh Pobbalacht na hÉireann Corn Sucars na hEorpa sa bhFrainc an bhliain seo chugainn.

READ MORE

2. Ar son cothromaíochta, agus ar son comhionannais agus comh-mheas pobail, ní bhainfidh Norn Aidhrlan é ach an oiread.

3. Ní dhéanfaidh Daniel O’Donnell rud ar bith as an tslí ach beidh chomh deas naofa is a bhí sé riamh.

4. Ní déarfaidh John Bruton rud ar bith dearfach mar gheall ar 1916 (seachas an Somme).

5. Ní bheidh Joan Burton ina Taoiseach.

6. Ní bhuafaidh Cecelia Ahern duais Nobel na Litríochta.

7. Ní dhéanfaidh Lucsamburg ionsaí ar an tSiria.

8. Ní inseofar an fhírinne in aon leabhar dírbheathaisnéise, go háirithe, dírbheathaisnéisí spóirt.

9. Ní vótáilfidh an Úcráin ar son na Rúise i gComórtas Amhránaíochta na Eorosiúicrefíse, agus a mhalairt timpeall.

10. Ní bheidh milliúnaithe bancbhriste na tíre ina gcónaí i dTeach na mBocht.

11. Ní fheicfear coirpeach airgeadais ar bith ceangailte i ngeimhleacha crua ag dul don phríosún.

12. Ní bhuafaidh peileadóirí Chill Chainnigh Craobh na hÉireann.

13. Ní cheapfar bealach ar bith nua le páistí a thógáil.

14. Ní bhfaighfear amach conas a chuirtear na fígí sna rollaí fíge.

15. Ní nochtfar teoiric gach teoirice go fiú go teoiriciúíl.

16. Ní thiocfaidh deireadh an domhain.

17. Ní dhéanfar faic ar éigean maidir le téamh na cruinne.

18. Ní chuirfear smaointe agus samhlaíocht ar ais in oiliúint mhúinteoirí agus iriseoirí agus lucht dlí mar mhalairt ar theicnící nicí nicí a bhuaigh an cogadh in aghaidh an eolais agus an oideachais go dtí seo.

19. Ní dhéanfar gan mhuca i málaí a cheannach.

20. Ní chuirfear aon teora le tuarastail ardfheidhmeannaigh ghnóluchtaí go fiú is má theipeann orthu.

21. Ní réabfaidh ISIS nó ISIL nó IS nó Dais thar chríocha amach chun gabháltais a dhéanamh ar thíortha eile.

22. Ní thiocfaidh deireadh le nuachtáin.

23. Ní thuigfidh formhór an phobail gramadach i dteanga ar bith, ach leanfaidh siad orthu ag caint go hintuigthe.

24. Ní sheasóidh duine ar bith againn ar Mhars.

25. Ní fhreagróidh polaiteoirí ceisteanna simplí a chuirfear orthu.

26. Ní dhéanfar Críostaithe de mhuintir na hAraibe Sádaisticí.

27. Ní thaoscfar an tSionainn.

28. Ní bhuafaidh amhránaí sean-nóis as Conamara an Comórtas Eorachlíse i mbliana (ná Conallach, ná Déiseach, ná Múscraíoch féin ach an oiread).

29. Ní bhacfar le mac an bhacaigh ar shráideanna na tíre, agus ní bhacfar leis an mbacach féin seachas ar son seile agus masla a chaitheamh ina threo.

30. Ní fhágfaidh an Bhanríocht Saghas Aontaithe an Neamhaontas Eorpach.

31. Ní chloisfear mórán easaontais ó iriseoirí meánaicmneacha maidir le haisghairm an Ochtú Leasaithe ar an mBunreacht agus ní fhoilseofar mórán áitimh ina gcoinne.

32. Ní chloisfear mórán easaontais ó iriseoirí maidir le cad é an smaoineamh is faiseanta atá thuas cibé é féin fad is go n-oireann dóibh siúd a íocann an bille.

33. Ní bhfaighfear mórán scríbhneoirí sna nuachtáin mhórdhíola a léigh leabhar riamh nach raibh ar an leabhar a raibh glacadh leis sa tseomra nuachta ar eagla na heagla, ach ní ar eagla na heaglaise.

34. Ní bheidh smaointe an fhaisin mórán níos éagsúla ná mar a bhí siad anuraidh.

35. Ní dhéanfar Scoil Shamhraidh Merriman a eagrú in Ulan Bator, in ainneoin na fianaise.

36. Ní cheapfar nach gcaithfidh Rialtas faoi cheannas Fhine Gael a bheith ann.

37. Ní thógfar an droichead sin go Toraigh a gealladh le fada.

38. Ní thiocfaidh Bertie Ahern ar ais mar Thaoiseach.