Ná géillimis do chiníochas caide in am ar bith

Moltar an spórt; múchtar na maslaí

Cad é faoin spéir ghorm, cad é i gcuntas Dia na Glóire agus déithe na treibhe agus spridí na sinsear a thugann le fios do dhaoine áirithe go bhfuil céim níos airde sa tsaol acu seachas daoine eile?

Cad é is bun le ciníochas, go háirithe nuair atá an cine mílítheach ar a mine ghéire ag iarraidh craiceann níos dorcha a fháil faoi sholas gréine an deiscirt ná mar a dheonaítear dóibh?

Cad é a chuireann isteach sa chloigeann tiubh gur fearr ar leibhéal éigin iad de bharr dath a chraicinn? Cén ainsprid a mhúscail an fhéith bhuile sin gan dealramh go gcomharthaíonn seithe amháin níos lú ná seithe eile?

Seans go bhfuil mé fíoreisceachtúil agus seanfhaiseanta. Ach ceapaim gurb ionann an duine mar dhuine is cuma é a bheith buí, bán, dubh, gorm, corcra nó craorag agus cónaí air i dtuaisceart cathrach, i ndeisceart cathrach, nó ina norrie, ina scuddaí, ina ghlugaí, é a bheith as Gáirdíní Uí Mháille, as An Gort Álainn, Baile Uí Bhrocaigh, Tudor Lawns...

READ MORE

Ní mar sin don saol. Sa mhéid sin táim ciontach, agus ciontach go héag.

Dealraíonn nach foláir daoine a mheas de réir gné chraicinn, seoladh baile, blas cainte, culaith éadaigh, snas ar bhróga, gile fiacla, sileadh charabhait, rogha bhialainne, lóbasfhuil ríoga, filleadh ciarsúir, scoil oideachais, gairm bheatha...

Fág gur féidir leat cuid éigin díobh sin a athrú, sa chás is go mbeifeá chomh dúr is a cheapadh go bhfuil siad tábhachtach, ní féidir faic a dhéanamh maidir le dath do chraicinn muran Michael Jackson (an ceoltóir, rinceoir, amhránaí) tú agus máinlia plaisteach den scoth agat.

Is é sin a fhágann rud éigin go speisialta gránna agus domhaite maidir leis an gciníochas in aghaidh daoine gorma atá anois chomh coitianta sin i measc lucht leanta sacair ar fud na hEorpa agus, ár náire, nár chuaigh ár gcluichí dúchais saor uaidh ach oiread.

Nuair a tosnaíodh ar ghlamairt mhoncaí a dhéanamh leis an bpeileadóir Yaya Touré in Moscó an tseachtain cheana, níorbh fhéidir gan chuimhneamh gurb iad seo mar lucht leanta a bheadh mar sclábhaithe go buan dá mba nár bhain a seanmháithreacha agus a seanaithreacha an cogadh i gcoinne na bhFaisisteach Gearmánach.

Ní hí an argóint, go raibh nó go bhfuil dreamanna eile id choinne mar chine, an pointe tosaigh is fearr in aghaidh na biogóideachta, ach is pointe tosaigh é, go háirithe i gcás daoine atá chomh ceannchabáisteach sin nach féidir leo an choiscéim bheag samhlaíochta féin a thabhairt.

Cén poll de phoill na hamaidí as a dtagann an nimh seo? Is fíor gurb áis í an spórt le cuid den fhuinneamh breise buile sin ionainn a scaoileadh, formhór an ama go neamhdhíobhálach.

Agus is deacair réiteach a dhéanamh le cead a bheith agat do rogha rud a rá – arb é ceart chun saoirse cainte a bheith agat é – agus iarracht a dhéanamh ar chosc a chur le callaireacht mhaslach chiníoch.

Aontaím le saoirse cainte, go fiú le saoirse chun maslaí a chaitheamh ar an mbonn simplí má dhiúltaím cead cainte don duine thall, tá lánchead aige siúd cead cainte a dhiúltú domsa.

Ach baineann iarmhairt le gach beart, agus gineann gníomh freagra. An t-aon eachtra amháin a ritheann liom as eachtraí gránna uile impireacht na Breataine ar féidir a rá go neamhbhalbh gur dhein sé leas ná an tslí ar cuireadh deireadh le sutaí, an nós a bhí forleathan i measc phobal áirithe san India baintreach a loscadh ina beatha tar éis báis a fir chéile.

Is cosúil gur dhein lucht sochraide gearán nuair a chuir oifigeach Sasanach stop le híobairt mná éigin sa tine, á mhaíomh gurb é a nós agus a gcleachtadh é. “Sea, má sea,” arsa an t-oifigeach Sasanach, “ach tá nós agus cleachtadh againne, má dhéantar baintreach a loscadh go ndéanfaimidne na daoine sin a lámhach.” Ní gá a rá gur mhúch sin an tine gan mhoill.

Bíodh cead ag an ngrathain ghránna a rogha rud a rá, ach pionósaítear na clubanna a ligeann leo; dúntar na geataí ortu; stoptar cluichí i lár imeartha; nó baintear comórtas Chorn an Domhain díobh, bíodh sin sa Chatar, nó sa Rúis féin.

Mhúchfadh sin tine an chiníochais gan mhoill.