Mairnéalaigh na hÉireann ar an trá fholamh

Curimis eagla a gcraicinn ar fhoghlaithe mara leis an litríocht

Arú amárach beidh na nuachtáin agus na meáin ramhar le scéalta ag comóradh lámhach Sheáin Ghearaltaigh Uí Chinnéide leathchéad bliain ó shin.

Is ag ceiliúradh na heachtra a bheidh go leor, mar is léir nárbh aon naomh é dá lán.

Fág draíocht an duine – lándáiríre nó mar dhea – as an áireamh, cuid den spórt is ea an cluiche bliantúil maidir le cé a rinne an bheart.

Is beag duine a ghéilleann anois do theoiric an ghunnadóra aonair Laoi Harbhaí Ó Suaill, mura mbeadh ann ach an tslí ar dúnmharaíodh é siúd chomh fuiriste sin beo (mar adéarfá) ar an teilifís cúpla lá dá éis.

READ MORE

Is é an Leas-Uachtarán Ó Loideáin Báinseach Mac Eoin an t-amhrasán is déanaí, mar is ina bhólaí féin a scaoileadh an t-urchar agus a chúis aige.

Luaitear an Mafia, Cúba, an CIA féin agus scata Meiriceánach eile, ach déantar dearmad ar fad ar an gceangal Éireannach.

Bhí oiread sin dúile aige sa tír seo gur bhagair sé teacht ar ais, ach níl aon scagadh ar na naimhde a mhúscail sé nuair a bhí sé abhus.

Braithim féin gur cheart scrúdú géar a dhéanamh ar Fhianna Fáil agus ar an Eaglais Chaitliceach timpeall ar a bhás, mar is iad faoi dear gach olc in Éirinn ó aimsir na díle.

Níl aon amhras dá mairfeadh tamall eile, agus dá leanfadh a shuirí le hÉirinn, le Banbain, le Fódla (agus le mná eile) go mbeadh sé á lua mar theideal ar cheann de longa nua Chabhlach na hÉireann.

Tar éis an tsaoil, mairnéalach ba ea é féin ar an mbád PT-109 ar an aigéan nach raibh ciúin.

Toisc a sheolta a bheith íslithe, áfach, ar éigean é a bheith san áireamh nuair a shocraigh an tAire Gunnaí agus Gardaí atá os cionn na mara chomh maith nár cheart ár mbád nua a ainmniú as pearsana miotaseolaíochta na tíre níos mó, leithéidí Aising, Aoife, Niamh, Eithne, Orla, agus Moxie Crimefighter (cé nach bhfuil mé cinnte den cheann deiridh sin) mar a bhíodh.

Shocraigh sé go n-ainmneofaí iad as scríbhneoirí, sa chás seo, Beckett agus Joyce, beirt nach n-aithneodh Tonn Ruairí seachas Tóin Tóime, ná Inbhear Scéine thar Inbhir Nis.

Dúirt an tAire gur theastaigh uaidh ainmneacha a thabhairt orthu a mbeadh aitheantas idirnáisiúnta acu: tá an-seans ann nuair a chífeadh na Poncánaigh an LÉ Joyce go gceapfadh siad go raibh baint éigin aige le Joyce Kilmer, an fear a bhreac “I think that I shall never see/a poem as lovely as a tree”.

Ceann de phríomhghnóthaí an chabhlaigh ná seacht gcineál eagla a chur ar na gadaithe iasc a ghnáthaíonn ár gcuid farraigí, iad siúd nach bhfuil díolta leis na Gallaibh, nó leis an Aontas Eorpach.

Seachas clogaid a bhfuil cabair fia smeartha le fuil ag gobadh amach astu, má tú ag iarraidh go bhfuil tú tiomanta ar iad a ruagairt nó a ghabháil, d'fhéadfaí ainmneacha foghlaithe Éireannacha a chur orthu.

Gráinne Mhaol
Rithfeadh Gráinne Mhaol Ní Mháille leat láithreach, bean a chuir sceimhle ar Éilís I Shasana le Gaeilge Mhaigh Eo, mar a chuireann fós ar a lán.

Ach sa chás is gur scríbhneoirí a bhí ag teastáil ón Aire, níorbh fhearr rud a dhéanfadh sé ná daoine a roghnú a raibh baint leis an bhfarraige.

Orthu sin, sa chéad dul amach, bheadh Eoghan Rua Ó Súilleabháin, a chaith tamall i gcabhlach na Breataine.

Má phreasghangáladh féin é ag preasghangairí Shasana, dob fhéidir leis an Éire Nua siombail a dhéanamh de mar chomhoibriú idir an dá thír.

Smaoinigh, áfach, ar an scanradh a chuirfí ar longa eachtrannacha dá dtabharfaí a ainm cheart air sa seanlitriú ar imeall an bháid siar ar fad: “An Long Éireannach Eoghain an Bhéil Bhinn Ruaidh Uí Shúilleabháin.”

Bheadh beagán níos gonta ná an LÉ Ciara. Ní ghoidfí breac ná scadán ná láimhíneach ná leathóg bhallach ná butaimóg bhuntónach féin go ceann cúpla bliain ar a laghad, mise á rá leat.