Lá an Luain

Aighneas idir impireacht agus saoirse ba ea 1916


Ní foláir nó gur lá ar nós lae saoire ar bith eile é. Daoine ag múscailt go mall, cuid acu ag siúl thart, bálchluichí ar fhaiche, daoine le hairgead ag cur geall ar chapaill.

Sin mar a bhíonn agus shin mar a bíos.

Caithfidh gur chuma nó geamaireacht é fear ina sheasamh os comhair Ard-Oifig an Phoist ag léamh leis as forógra nach bhféadfaí breith air ar ala na huaire.

Bhí na seintimintí go breá agus go fileata, agus an reitric féin go rinnghéar, ach cad ba bhrí leo?

READ MORE

Bhí daoine seachas a chéile a thuig. Beirt eachtrannach ag siúl na slí an mhaidin áirithe sin, is maith a thuig siad cad a bhí ar bun.

Lochlannach ón tSualainn agus Fionlannach a bhí ann a thairg a gcuid seirbhísí don chomplacht a bhí in Ard-Oifig an Phoist.

Bhí ionadh ar lucht gabhála Oifig an Phoist, gan amhras, cérbh iad na daoine seo, agus cad ar a shon go raibh siad toilteanach dul sa bhearna bhaoil ar son na hÉireann.

Béarla ar bith ní raibh ag fear na Fionlainne, ach labhair an Lochlannach ar a shon: ‘An Fhionlainn, tír bheag, alpann an Rúis í…’ agus tar éis beagán tathanta, deir siad go raibh siad ann chun troid ar son na náisiún mbeaga.

Cár chualamar na focail sin cheana?

Bhí rud éigin ginte istigh i gcroí na beirte mairnéalach seo nach ag troid ar son na hÉireann amháin a bheadh siad, ach ar son na ndaoine mbeaga, na ndaoine gan chumhacht, gan ghuth. Na daoine sin a bhí ina dtráill ag na himpireachtaí móra.

Glacadh leo isteach agus rinne siad a gcion féin ar shlite éagsúla.

Murab ionann agus go leor eile a mhaígh go raibh siad sa GPO, is iad a bhí go dearfa.

Níl aon lua ar cérbh é an Sualannach sa taifead oifigiúil, ach d’éirigh le rialtas a thíre é a scaoileadh saor nuair a bhí daoine eile á scaoileadh.

Tháinig sé slán toisc go raibh rialtas neamhspleách ag a thír féin a labhair ar a shon.

Níorbh ionann agus cás an Fhionlannaigh é a gabhadh agus a cuireadh sa charcair i Knutsfield sa Bhreatain dála go leor eile. Ní raibh aon stát dá chuid féin aige, mar bhí Ard-Diúcacht na Fionlainne mar shlogachuid d’Impireacht na Rúise san am.

Tony Makapaltis an t-ainm a tugadh air, ar dócha gurbh é Antii ar a laghad a bhí ar a chéad ainm, pé truailliú a déanadh ar a shloinne.

Tá an chuma air gur sloinne Laitviach é, agus thiocfadh gurb ea, nó gur déanadh cac-i-mála ceart dá raibh á rá aige.

Focal Béarla ní raibh aige, ach de dhealramh bhí an Choróin Mhuire as Gaeilge ar eolas go paiteanta aige faoi dheireadh na seachtaine. Níl aon deimhne againn ar cad a tharla dó ina dhiaidh sin.

Tá aon ní amháin cinnte, áfach. Níor throid sé ar son saoirse na Fionlainne i gcoinne na Rúise dá mhéid a mhéin chuige.

Níor throid sé ar son saoirse na Fionlainne i gcoinne na Rúise ar aon chúis shimplí amháin: nuair a d’fhógair Comhdháil Bhaile na tíre gur theastaigh uathu scaradh leis an Rúis tar éis na réabhlóide Sóivéidí ansin, an bhfuil a fhios agat cad a tharla?!

Smaoinítear go glé air seo!

Ghlac an Rúis leis!

Dúirt siad, féach, tá sibh tar éis vótáil go daonlathach go bhfuil sibh ag iarraidh bhur gcuid saoirse féin a bheith agaibh. Sin é guth an phobail. Sin é toil na ndaoine. Abhae libh! Imígí! Amach an doras!

Cad ina thaobh in ainm Croim agus Cromail agus Castlereagh agus Carson agus Cumberland agus Churchill agus an Rí é féin nár ghlac Rialtas Bhreatain na linne leis an réiteach simplí sin? Abraimis go fiú in 1688 nó in 1788, nó in 1798, nó in 1888, nó i 1898, nó in 1908, nó in 1918?

Smaoinítear ar an bhforéigean nach ndéanfaí.

Is de shuimiúlacht an friotal atá i bhForógra Saoirse na Fionlainne a tugadh amach ar an 4ú Nollaig 1917 agus a bhfuil macallaí láidre ann dár bhforógra Cásca féin.

Ní hé gur sciobadh an saghas teanga sin uainne, ach gur teanga uilíoch í, teanga idirnáisiúnta na saoirse riamh anall.

Gheibhimid ann trácht ar an dúil i “ceannas iomlán” na ndaoine agus nár cheart go rialófaí stát ar bith ag stát eile “in aghaidh a thola” agus an t-éileamh a bheith bunaithe ar “na céadta bliain de chultúr” agus mar sin de.

An ghnáth-stuif.

Gnáth-stuif a thuigfeadh aon duine a bhfuil dúil sa daonlathas aige.

Aighneas idir impireacht agus saoirse ba ea 1916. Thuig Antii Makapaltis é sin, ach is rud é nach dtuigeann gach Éireannach – mar ba léir ar chuid den ábhar teilifíse a craoladh le déanaí.