Is ball den chorp í an teanga, agus insíonn an focal a scéal féin dúinn. Tugann sí le fios gur inár gcoirp féin atá sí lonnaithe, gur feinimeán fisiceach atá i bhfoghlaim na Gaeilge.
Úsáidtear an téarma teanga i dteagasc na Gaeilge, ach is minic a léirítear foghlaim na teanga mar phróiseas líneach na hintleachta, próiseas bailithe eolais, nach bhfuil baint ag an gcorp leis.
Taobh amuigh de shaincheisteanna na foghraíochta agus na cluasfhoghlama, tá an méid sin le feiceáil ní amháin sa phlé a dhéantar ar cheisteanna foghlama na Gaeilge ag gach leibhéal oideachais, ach maidir leis an stór focal teoranta ar an gcorp a chuirtear ar fáil d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge.
Is léir gur próiseas briathartha atá i gcuid mhaith den fhoghlaim teanga a bhraitheann ar fhaisnéis, idir struchtúir ghramadaí, stór focal agus chomhréire.
Ach mar a léiríonn prionsabail fhoghlama in ábhair eile, níl i ngné an eolais ach cuid bheag de scéal anordúil na foghlama. Tá próisis na samhlaíochta, an chomhordaithe agus na luaile i gceist nach mbraitheann ar eolas ná ar fheasacht teanga.
An chéad rud a fhoghlaimíonn an páiste sa rang Gaeilge ná conas cead a lorg ón múinteoir dul go dtí an leithreas. Ach ní déarfar leis agus é ina fhoghlaimeoir fásta cad iad na focail Ghaeilge le cur síos ar a ndéanann a chorp istigh sa leithreas tar éis dó an doras a dhúnadh ina dhiaidh.
An bhfuil cead agam dul go dtí an leithreas?
Tá, ach níl cead agam an focal “mún” a mhúineadh duit.
De réir mar a dhúntar doirse áirithe, áfach, osclaítear doirse eile: foghlaimeoidh an dalta Gaeilge faoi na háiseanna maithe ina cheantar, idir an t-ionad siopadóireachta agus an phictiúrlann, ó halla an phobail go dtí an dánlann.
Ach ní fhoghlaimeoidh sé mar gheall ar an áis is iontaí ina cheantar ná faoin gcéad suíomh lena dtosaíonn agus lena gcríochnaíonn a mhothúcháin agus a thuairimí agus an fhoghlaim: a fhisiciúlacht féin.
Má tá suíomh le brath ar an saothar liteartha, bíonn an suíomh fisiceach ag teastáil ón bhfoghlaimeoir Gaeilge, leis.
Is ionann an suíomh sin agus canbhás an ealaíontóra, nó suíomh an scríbhneora.
Is é suíomh tosaigh ná foghlama ná an corp, mar sin an áit ina neadófar na mothúcháin agus an paisean atá riachtanach le rud ar bith a fhoghlaim.
Ar shlí, is scríbhneoir é an foghlaimeoir teanga atá ag athscríobh a shaoil féin le teanga nua.
Tá feidhmeanna an choirp agus ceisteanna sláinte a thaithíonn gach aoinne mar chuid den téarmaíocht atá ag teastáil ó fhoghlaimeoirí na Gaeilge.
Ach dála Bhainis Uí Lanagáin, cad is fiú an chos a chur isteach agus baill eile a chur amach?
Mura gcuirtear an téarma ar fáil don fhoghlaimeoir, níl ann don taithí. Níl ann don bhean ag ligean sraotha, ná don pháiste le cruabholg, ná don fhear ag brúchtadh.
Níl ann don téarmaíocht do bhaill ghiniúna an fhir ná na mná, na focail a insíonn gur bean í seo, gur fear é sin.
Níl ann don bhean a théann faoi scrúdú smearaidh, nó don fhear a bhfuil deacrachtaí próstataigh aige.
Má tá cead againn corpas na Gaeilge a mhúineadh sa seimineár litríochta, nár cheart baill bheatha uile an choirp a mhúineadh sa ghnáthrang teagaisc béaldorais?
Agus má táimid chun institiúidí ar nós laethanta saoire agus bialanna a mhúineadh don fhoghlaimeoir, nár cheart focail a bhaineann leis an dúlra a mhúineadh chomh maith céanna?
Faoi dheireadh an chúrsa ba cheart go mbeadh a fhios agam conas cur síos a dhéanamh ar an mbeach a phrioc mé chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus mé ag póirseáil san ionad siopadóireachta (mar is maith liom a bheith ag siopadóireacht nuair a bhíonn an t-am agus an t-airgead agam!)
Nó conas cur síos a dhéanamh ar an ngaoth a leag amach ar mo bhundún mé nuair a chuaigh mé ag bogshodar sa Ghaeltacht agus mé ar mo laethanta saoire ann. Nó conas cur síos a dhéanamh ar an bhfaoileán a chac ar mo cheann nuair a bhí mé ag feitheamh ag stad an bhus i mo cheantar (mar is ceantar álainn é a bhfuil áiseanna maithe ann).
Ina dhiaidh sin, braitheann cuid mhaith d’fhoghlaim teanga ar scileanna luaileacha agus fisiceacha a tharraingíonn ar an gcothromaíocht agus ar an ngluaiseacht i gcorp an duine.
Ceann amháin de na scileanna sin ná an iarracht fhisiceach agus mheabhrach an Ghaeilge a labhairt, agus abairtí a shamhlú agus a chruthú ó thús deireadh agus droim ar ais.
Samhlaigh go bhfuil tú ag dul isteach i scoil scairte i do cheann féin, ag scaoileadh le do shamhlaíocht. An chéad fhocal a fhoghlaimeoidh tú ná claí.
Rud beag eile: ní bhraitheann foghlaim do chuid Gaeilge ar do mháthair ná d’athair ná ar dhaoine le Gaeilge a bhfuil aithne agat orthu.
Braitheann sé ortsa, ar do mheon agus ar do chorp.
Is mórtheanga uilíoch í a bhfuil coirp an chine daonna mar oidhreacht aici.
Foghlaimeoidh tú faoin Tuiseal Ginideach, ach níl a leithéid de rud ann agus an Tuiseal Géiniteach: níor thángthas ar aon DNA speisialta um fhoghlaim na Gaeilge.
Go fóill, ar aon nós.