Iarmhar an áir sna Stáit Neamhaontaithe

Tá USA inchlúisibh – seachas dóibh siúd ar goideadh an fearann uathu


Is ea, sea, seagh, yea, yip, ió, tá’s agam, tá sibh agus táimid tinn tuirseach, bréan bailithe, dú dóite, scíth scallta agus go fiú leamh liosta de bheith ag éisteacht agus ag léamh um an Trúmpadóir agus Heidhlirí agus ar gach a mbaineann leo le nach mór seachtain anuas.

Foidhnigh tamall, ná himigh (mar adeir gach clár leamh teilifíse roimh na fógraí) mar gheobhaidh tú éachtaint sa cholún seo nach bhfuil le fáil in áit ar bith eile, mar is dual, ar seisean go humhal, mar dhea.

Ós rud é go raibh colún le breacadh agam, agus nach bhféadfainn éalú ó dhradaireacht an domhain, d’éirigh mé í moiche na maidne nuair a bhí na torthaí b’íogaire le fógairt.

Díomá ní raibh orm, agus bíodh go raibh mé ag cnapaireacht ó chlár go clár, ba léir ar na tuairiscí de réir a chéile, ar thráchtaireacht na ngobairí, agus ar ghnúis an Pháirtí Dhaonlathaigh (ní hé an ceann a bhíodh anseo) cé aige a mbeadh an lá, cén port a bheadh seinnte agus cá raibh an gabhar rósta.

READ MORE

Tháinig seo, agus d’imigh sin, agus rinneadh na gnáthóráidí a raibh beala ar a dteanga. Tarraingt le chéile, aontú arís, cneasú thar ghoimh, aon náisiún amháin, inchlúisibhití agus mar sin, agus mar sin, agus mar sin, cé nach gcreideann an neach ar an sliabh ná an tiománaí ar an gclaíomh aon chuid de.

Tá’s againn go léir gur bréaga cróndearga agus dallóga dorcha an méid sin ar fad. Fós féin, bhí caint, feacadh glúine, nod don aineolach, cleite san aer, faiteadh na súl d’fhormhór na ngrúpaí éagsúla idirdhealaithe difriúla iolracha a bhfuil cónaí de shaghas éigin orthu sna Stáit úd udaí a ghlac le dríodar an domhain, le teicheadh na dtráilleanna, le fuílleach an fhuatha anoir.

Caintíodh ar na Meicsicigh, na Puerto Ríocaigh, na Laidnigh, na Gormaigh, na Lgbítígh, na Buicéadmheirgigh, na hInimircigh, na Muslamaigh, na Giúdaigh, na hÉagumasaigh, na Carabhanbhánbhochtánaigh, na Ramharchaipitligh, na Sclábhaithe pá, na Dífhostaithe agus ar aghaidh go himeall Alaska thiar.

Tost

Ach bhí aon dream amháin nár airigh mé pioc, go deimhin féin níor chuala mé dúrd ná siolla ná giob ná húm ná há ná priosla maslach féin ina dtaobh. Ba chuma mura mbeadh cúis acu; ach an chúis atá acu tá chomh beo is a bhí ón lá ar chéad leag Piúratánach a chos ar thrá ghainimhe nó ar charraig Phlymit.

Le cúpla mí anuas tá aighneas ar siúl idir sliocht na ndaoine sin a d’fháiltigh na Piúratánaigh isteach mí mhí-ábharach sin Nollaig 1621, agus iad siúd nár tháinig le caradas. Is é an seanscéal riamh é.

An raibh tú ag an gCarraig, nó an bhfaca tú féin mo chrá? Ní raibh, gan amhras, mar níl gliogar, ná siosán, ná insint bhéil ar an áit chéanna.

Is cinnte nach bhfuil léamh ná scríobh air, mar níl léamh ná scríobh ar rud ar bith a tharlaíonn do bhundúchasaigh na Stát úd a bhfuil Meiriceá air.

Nuair a buaileadh na Sioux, i measc na gcéadta náisiún eile, gealladh talamh is fearann dóibh. Is dócha go bhféadfaí teacht ar chonradh nár briseadh idir iad agus na creachadóirí geala a sciob a n-áitreabh díobh, ach b’é do dhícheall é. Cheapfá ón uair gur tháinig críoch leis na cogaí concais gurbh shin sin.

Ar Risirbhéision Indiach Standing Rock le cúpla mí anuas, táthar ag cur in aghaidh píbe ola a thruailleodh uisce na ndaoine ann. Iad ag troid le hamhráin is le rince amháin. Tá’s againn cheana cén toradh a bheidh air.

Is ea, tá US Trúmpa is Haidhlirí inchlúisibh go brách! Seachas dóibh siúd ar goideadh an fearann uathu.