Gavrilo, mo pháirtí

B’é Gavrilo a dhein an tArd-Diúc a lámhach


Bíonn a chuid peata dhátaí amuigh ansin ag gach duine. An lá ar chaill tú an cluiche sin, an lá ar thit tú i ngrá.

A bhformhór timpeall ar an lá a rugadh tú agus na heachtraí a tharla cothrom na huaire sin.

Amárach mo lá mór féin, bíodh nach bhfuil a fhios sin ag mórán daoine, agus is maith sin.

Ach is é an lá é chomh maith inar scaoil Gavrilo Princips an t-urchar a chualathas ar fud an domhain, an piléar a thionscain bás na milliún ar scáth amaidí.

READ MORE

Ar eagla nach bhfuil a fhios agat, b’é Gavrilo a dhein an tArd-Diúc Fraincí Feardorcha na hOstaire-Ungáire a lámhach ar an 28ú Meitheamh 1914 ar chúinne sráide in Sarajevo agus a thug leithscéal do chumhachtaí Impiriúlacha na hEorpa a gcuid féasta fola a ullmhú ina dhiaidh.

Mo thuairim féin go mbeadh an chéad chogadh mór againn pé san Eoraip é, mar bhí na cumhachtaí móra ag triall chun an tórraimh agus ag téisclim chun báis le blianta.

Ní hé go n-aontaím gur cheart gach aon Ard-Diúc nó Ard-Dic féin a lámhach agus iad ag siúl na slí…ach mar sin féin.

Is fíor nach orthu atá an milleán mura bhfuil níos mó cillíní inchinne acu ná mar atá ag an gcnuimh sa chrisalaid, nó cluasa níos mó ná an eilifint Afracach… ach mar sin féin.

Bhí a chúis féin ag Gavrilo. Duine ar bith a dhéanann iarracht ar stair na dtíortha Balcánacha a roiseadh óna chéile, tá nach mór fuar aige.

Sinne atá ag féachaint uirthi ón taobh amuigh ní léir dúinn ach an screamh, agus uachtar na screimhe féin (theastaigh uaim an tuiseal ginideach sin a úsáid le fada an lá).

Tá taointe na staire sin chomh dlúth trína chéile le meigeall gabhair.

Dúirt an staraí Eric Hobsbawm go n-insíodh na sagairt agus maithe na n-eaglaisí na scéalta uafáis a ghluaiseadh ó ghlúin go glúin, agus gurbh in é an fáth go raibh siad in adharca a chéile. Bíodh a mhíniú simplí féin ag gach simpleoir!

Níl aon ealaín ann a nochtfaidh meon an duine duit ina shlánchruinne; ach is deimhin go dtuigeann muintir na mBalcán a bhfuil á comáint féin níos fearr ná aon duine eile.

Is féidir féachaint ar bhochtaineacht theaghlach Princips: tigh beag, lag ina lár, deatach ag dul amach trí pholl sa díon lasnairde, páistí ag fáil bháis go hóg, ón lámh go dtí an béal, iad ina sclábhaithe feodacha. Ach bhí cách na tuaithe mar sin, nach mór.

Léitheoir ba ea é, ach is iomaí léitheoir nár mharaigh Ard-Diúc. Chuir sé in aghaidh maistíneachta agus bullaíochta ar scoil: d’ionsaigh sé múinteoir a thug leadradh do bhuachaill óg agus iad sa bhunscaoil.

B’fhéidir go bhfuil nod beag anseo dúinn.

Ní raibh riamh i miontíortha na hEorpa ach bréagáin do na cumhachtaí móra. Féiríní le tabhairt thart ar a seal nuair a thit an socrú deiridh – Comhdháil Vín, Comhdháil Bheirlín – as a chéile. Agus ní mór a rá go raibh sé sa bhfaisean le tamall roimhe sin iarracht ar dhúnmharú a dhéanamh ar rí nó ar ruire. Suim bheag de bhlianta roimhe sin dúnmharaíodh Ríthe na Gréige, na Poirtingéile, na hIodáile, fara Ard-Vizier na hImpireachta Ottoman, agus Príomh Aire na Seirbia féin.

Cén fáth go dtiomáinfeadh duine ar bith timpeall i ngluaisteán oscailte ar shráideanna i mbaile mór nach raibh fáilte roimhe agus é seo san aer?

Is dócha nár ghnáthdhaoine iad Franz Ferdinand na hOstaire, ná a bhean chéile an Chuntaois Sophie Chotek von Chotkowa und Wognin von (lean leat…). Bhain siad leis na Habsburgairí “the most physically corrupt royal house in Europe”, mar adúirt James Joyce, agus m’anam go raibh freasúra acu.

An mhaidin áirithe sin, ní raibh an t-ádh leis. Is fíor go ndéarfá go raibh veist philéardíonach á caitheamh aige, mura raibh ann ach an oiread sin bonn míleata a bhí ar a chliabhrach.

Agus bhí sé tar éis aon abairt amháin sa teanga áitiúil a labhairt leis an slua cúpla nóiméad roimhe sin, mar a dhéanann lucht ríogúil.

Nuair a chas sé isteach ar chúinne na sráide bhí Gavrilo ullamh. Ba leor aon urchar amháin.

Is d’íoróin an chúrsa gurb é A 111118 uimhir phláta an ghluaisteáin ina raibh sé, is é sin, uimhreacha dháta na síochána a tharla ceithre bliana ina dhiaidh sin; agus is oigheariarsma bhreise í gur ‘Gabriel de Prionsa’ an tiontú a dhéanfaimis ar Gavrilo Princips i dteangacha eile anois.

Pé ní faoin gcogadh mór, bhí baint nach beag aige le cur as do phrionsaí ar fud na hEorpa.

Cuid den stair í sin, leis.