Foghlaim agus fastaím

Tá giúirléidí agus fearais ann ach níl iontu san ar fad ach feisteas


Feicim go bhfuil an tAire Michael Noonan ag áiteamh gur chóir go mbeadh i-Pad nó taibléad teicnidhathach nó leac na leisce de shaghas éigin ag gach dalta scoile a shlánódh na 5 bliana d’aois.

Ní deir sé linn cé a bheidh ag íoc astu, gan amhras, ach bí cinnte de go mbeidh pinginí ramhra ag titim i dtreo a phócaí féin. Ní hiad a phócaí féin go pearsanta, ach na pócaí sin a bhfuil sé in ann a lámha a chur isteach iontu chun na milseán náisiúnta a dháileadh. Ní miste asail airgid a dhéanamh as páistí na tíre ach oiread.

Agus cén fáth a mbeadh an cláirín seo ar an gcrinlín ag óga ar éigean léamh ná scríobh a bheith acu?

Chun cabhraithe leis an ‘athbheochan eacnamaíochta’, gan amhras, tús agus deireadh agus aidhm agus cuspóir agus críoch agus foirceann agus báire an oideachais go léir.

READ MORE

Is é oighear diachrach an scéil é ná gur thug sé an óráid mhór seo uaidh go díreach ar shála na tuarascála ón OECD a léirigh thar amhras anonn gur ceataí don fhoghlaim é an iomad aimhleasa a bhaint as ríomhairí sa seomra ranga.

Mar aire a bhíonn ag dul sall ar a chuarta dó chun na Bruiséile d’fhonn Gréagaigh a chur ar ais in áit na leathcheinte, thuairimeoinn gur mó a thiteann tuarascálacha ar a ghlúine ná an t-úrscéal is déanaí ó Liam Ó Muirthile ná an cnuasach filíochta is úire ó Billy Ramsell.

Ba dhóigh liom gur fear mór tuarascálacha a léamh é, agus dá réir sin, b’ait liom nach mbeadh clostrácht éigin fachta aige um thaighde an OECD.

Bíodh go bhfuil an tuarascáil scríofa sa stíl leamh sin a chleachtann lucht oideachais chun a thaispeáint nár léigh siad leabhar litríochta riamh, fós féin tá an toradh chomh soiléir leis an luch sa phróca bainne.

Na tíortha sin a bhfuil ineistiú mór déanta acu i gcúrsaí ríomhaireachta sa seomra ranga, tá siad dulta ar gcúl i gcúrsaí scileanna agus eolais agus foghlama. Ní dul ar gcúl beag, ná amhrasach, ná idir eatarthu é, ach oiread, ach dul ar gcúl suntasach.

Agus is suntasaí fós an dul ar gcúl i gcúrsaí matamaitice, an slaitín draíochta sin a chraitear timpeall le néall de dhusta na síóg ina dhiaidh, chun feabhas míorúilteach a chur ar, sea, abair arís é, ár gcúrsaí eacnamaíochta.

Táimse ar an gcéad duine a d’admhódh le haghaidh gach stiall taighde san oideachas, tá a mhalairt de cheirtlín taighde a bhréagnóidh é ag cuntasóir boscaí eile. Ina choinne sin, áfach, bhain an ceann seo le trí scór go leith tír i ngach aon ilchríoch dá bhfuil seachas an tAntartach, agus bhí a raibh á mheas acu seacht léig i bhfarraige níos intomhaiste ná caighdeáin litearthachta, mar shampla.

Ó, sea, seo, seagh, ar eagla na míthuisceana: tá seo á scríobh ar ríomhaire, táim éirithe as an gcleite agus as an gclóscríobhán, is fearr liom carr ná capall, is gean liom bladar ar an teilifís, gluaisim ar eitleáin, tá fón póca agam (uaireanta), is mó sin béile blasta a d’alp mé as an oighean micrithonnach, creidim in Hawkeye (nuair a oireann), b’fhearr liom go mbeadh an dochtúir inniúil ar an léasar ná ar an tseansciain mhaol. Is é sin, ní teicnifóibí mé, ach is deimhnitheach nach teicni-umhlóir síos mé.

Creidim sa teicneolas go trom, ach ina ionad ceart féin. Tá an mhúinteoireacht féin ar nós tógáil pháistí – ceart go leor, ní mhúsclaíonn an mhúinteoireacht tú i lár na hoíche. Ach sa mhéid seo: níl aon tslí nua ann le páistí a thógáil, agus níl aon tslí nua ann le múineadh a dhéanamh.

Is ea, tá giúirléidí ann, agus airnéis, agus uirlisí, agus gléasanna, agus baill acra, agus fearais, agus nicí neacaíos; ach níl iontu san ar fad ach feisteas. Athróidh siad go deo.

Nuair a thiocfaidh ann don aip a dhéanfaidh líne dhíreach den rang, a sholathróidh lón de réir méine, a inseoidh don dalta cad í an chéad cheist eile a chuirfear air, beidh gá fós le caint, beidh riachtanas le caidreamh, beidh féachaint i ngealacán na súl mós luachmhar. Thar aon rud eile, áfach, beidh ar an dalta bocht rud éigin a fhoghlaim.

Tá comhartha i dteanga na mbodhar a léiríonn cad is foghlaim ann go lánsolasmhar. Sa chomhartha sin ardaítear an t-eolas ó leabhar, nó ó leathanach, nó go deimhin ó scáileán, agus seoltar isteach sna aigne nó san inchinn é. Sin uile. Caithfear breith ar rud éigin.

Is é is róbhaol leis an ríomhaire gnáith, áfach, go gcothóidh sé aigne leipreachánach, spideog a léimfidh ó thom go tom gan tumadh, meon neonlasrach a splancfaidh is a éagfaidh, cuimhne chuil Bhealtaine na huaire.

Ní hí an uirlis a mheánn, ach an duine.

Le fírinne, déarfadh múinteoir maith ar bith an méid sin leat.