Cothrom na Féinne, mar dhea

Bréag is ea é go bhfuil dúil ag formhór an phobail sa chothroime


Duine ar bith a raibh sé d’ádh leis tamall a chaitheamh in Hermitage Chathair Pheadair, nó Leningrad mar a bhí air tráth, tuigfidh sé rud amháin go dóite. Nuair adeir mé ‘tamall’ is dócha gur cúpla uair an chloig is ea is mó a d’fhéadfá a chaitheamh ann as a chéile.

Deir treoirleabhar amháin go nglacfadh sé breis agus aon bhliain déag dul tríd i gceart, agus gach rud a ghoid is a cheannaigh na Tsáir a bhlaiseadh go neamhiomlán. Is é an rud a thuigfí go dóite, áfach, ná cén fáth a raibh réabhlóid na Rúise ann.

Tagann ann do réabhlóid ar bith mar í toisc an éagsúlacht mhór a bhíonn ann idir na súmairí móra ramhra thuas agus lucht allais agus sclábhaíochta thíos.

B’ann don daonlathas sóisialta in iarthar agus i dtuaisceart na hEorpa chun na foircinn sin a thabhairt dá chéile agus chun go mbunófaí cothroime níos fearr idir gach aicme. Is beag duine adéarfadh nárbh iarracht ar fónamh í sin.

READ MORE

Go deimhin, sa mhéid is gur féidir aon tuairisc eacnamaíochta a chreidiúint, is beag amhras atá ann gur fearr as iad na pobail sin a bhfuil cothroime mhór iontu seachas iad siúd ina bhfuil na haicmí saibhre agus na boicht seacht mbilliún zilliún ó chéile.

Is fearr as iad ó thaobh sláinte, ó thaobh oideachais, ó thaobh easpa coiriúlachta, ó thaobh sástachta na ndaoine de. Níl sa leabhar sin a foilsíodh suim bheag blianta ó shin The Spirit Level: Why Equality is Better for Everyone le Richard Wilkinson agus Kate Pickett ach an léargas is táscúla de na céadta a chruthaíonn an cás céanna.

Ní hionadh, mar sin, gurb é sin an mana a bhíonn ag gach páirtí polaitíochta, ag urlabhraithe pobail, ag na heaglaisí, ag tráchtairí den uile dhath, nach mór. Is beag duine a thiocfaidh amach agus adéarfaidh go lom, ‘Creidim san éagothroime! An té atá thuas, óltar deoch air, agus an té atá thíos buailtear cos air.’

Go deimhin, na PDíonna féin, an uair ba mheasa dá raibh, agus b’in gach lá, ní raibh siad chomh macánta sin cé gur tugadh gach nod do na heolaigh.

Ariú, mo chreach, cad é an fhírinne?

Bréag is ea é go bhfuil dúil ag formhór an phobail sa chothroime. Dúil atá acu ina leas féin, an leas is gaire dá bpóca, inniu agus anois agus láithreach bonn baill!

Is minic magadh á dhéanamh ag daoine, mar adeir siad, ‘sofaisticiúla’ mar gheall ar na Healy Raes i gCiarraí nó pé neamhspleách eile is mian leat de thuras na huaire. Tarraingíonn siad uisce chun a muilte áitiúla féin, cuireann siad a dtréad bó thar abhainn, ní fheiceann siad an leas náisiúnta.

Ach cén fáth a vótáileann daoine, abraimis, ar son Fine Gael, ach ar son na cúise céanna, ach gur cúis aicme is ea í sa chéad áit, seachas cúis áitiúil?

Vótáilimid toisc go gcuirfidh an páirtí seo, nó an páirtí siúd, níos mó airgid inár sparán pearsanta isteach, gearrfaidh siad an cháin agam féin, cosnóidh siad mo mhaoin phríobháideach, coinneoidh siad luach mo thí in airde, coimeádfar lucht siúil ón doras, ní náisiúnófar na bainc, ní bhainfear le scoileanna galánta, ní ardófar an pá náisiúnta íosta, beidh siad dian ar lucht stailce…

B’fhéidir nach bhfuil lá milleáin ar chuid díobh sin arna dtógáil ceann ar cheann nó ina n-aonar. Ach níor ghá dhuit a bheith id shaoi gan locht lena mheas nach ionann leas na haicme, agus an leas náisiúnta.

Nuair a luaitear ‘cothroime’ arís, déantar é a scagadh ó bhonn, nó ligtear do sheanracht gáire.