Cláir nua oideachais agus post thar sáile


Chuir an tAire Stáit don Ghaeilge agus don Ghaeltacht Joe McHugh, TD, fáilte roimh chláir nua oideachais a chuirfeadh le líon na múinteoirí atá ábalta teagasc trí mheán na Gaeilge. Soláthróidh na cláir nua suas le 60 áit úr le haghaidh oiliúint múinteoirí, de réir an Rialtais.

Dúirt McHugh an tseachtain seo caite go gcuirfeadh “na múinteoirí nua seo go mór leis an chaighdeán agus leis an ardchaighdeán i scoileanna Gaeltachta agus i nGaelscoileanna. Cabhróidh na cláir le freastal ar an éileamh atá ag fás ar áiteanna scoile i scoileanna lán-Ghaeilge agus cabhróidh siad lena chinntiú go bhfaighidh daoine óga treoir, tacaíocht agus ceannaireacht ó mhúinteoirí gur gá dóibh an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn”.

Institiúid Oideachais Marino, Baile Átha Cliath, agus Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, a chuirfidh na cláir ar fáil.

Lecteur Gaeilge Beidh post mar “lecteur de langue étrangère” i nGaeilge ar fáil i Meán Fómhair ar Université de Bretagne Occidentale i mBrest. Post lánaimseartha bliana atá ann.

READ MORE

I measc na ndualgas, beidh ar an té a cheapfar an Ghaeilge a theagasc d’fhoghlaimeoirí agus agus an teanga, litríocht agus cultúr a theagasc trí Bhéarla do mhic léinn iarchéime. An Aoine 18ú, mí na Bealtaine, an sprioclá do CV.

Eolas: celtique.medieval@univ-brest.fr nó celtique.moderne@univ-brest.fr