Chilcot agus ceist an chogaidh

Baineann Chilcot leis an aimsir i láthair agus leis an aimsir amach romhainn


Thóg sé tamall orm an dá mhilliún éigin focal i dTuarascáil Chilcot a léamh is a shlogadh, mar adéarfá. B'fhearr liom Cogadh agus Síocháin a léamh cúpla uair in ainneoin crá croí Tolstoi timpeall ar bhodaigh bhaotha agus ar chailleacha caocha na huasalaicme lofa.

Bodaigh bhaotha agus cailleacha caocha tá go rábach le fáil ar gach leathanach de Chilcot.

Cogadh agus Síocháin ár linne é gan an fhealsúnacht. Deir daoine aineolacha gurb í an fhealsúnacht is mó a loiteann úrscéal Tolstoi, nuair gurb í is solasmhaire ina thaobh; ach is í an easpa fealsúnachta a loiteann Chilcot.

Níl ann ach tuarascáil leamh i bhfriotal níos leimhe a chrochann páipear falla ar dhúnphort bunaíochta nach bhfuil sásta an rud b’fhollasaí ar fad a admháil: theastaigh ó Tony Blair dul chun cogaidh ba chuma, ba chuma, ba chuma.

READ MORE

Bhí a fhios sin againne a bhfuil cúpla cluas le cloisint againn, agus beagán eolais chaoil ar stair na n-impireachtaí. Port síorphortaireach den cholún seo ba ea an cogadh – nó an t-ionradh – céanna.

Níor ghá dhá mhilliún focal go leith agus tuilleadh lena mheas. Ní raibh a dhíth ach cop-on.

Bhí airm ollscriostacha ag Saddam, dar leis an mBlár Cogaidh.

Bhí an tír ag cur thar maoil le WMDíonna. Bhí WMDeamhna ar fud an bhaill. Ach dá mbeadh airm ag Saddam, is cinnte nach ndéanfaí ionsaí air.

Níl aon bhaol go ndéanfar ionsaí ná ionradh ar an gCóiré ó Thuaidh.

Cén fáth san?

Mar tá airm ollscriostacha acu!

Níl de chosaint ar mhaistín nó ar bhullaí ach maistín nó bullaí eile.

Ba bheag duine a bhí chomh sleamhain slibireáilte slím slíocach ina chuid cainte leis an mbarbarach Blair. Chuir sé an chluain ghealfhiaclach ar go leor. Ghluais na focail uaidh go seolta. Ba mhinic mé ag feitheamh leis an gcleas: leithéid, “There is ample evidence that Saddam Hussein has weapons of mass destruction ... (ansin tost beag, slogadh sa scornach, glanadh fiacla, osna anála) ... research capabilities” nó flóisíní dá sórt. Is é sin, go bhféadfadh go dtarlódh go ráineodh go mb’fhéidir go dtiocfadh go ndéanfadh Saddam a dhícheall a bheith chomh lánbharbartha le cách uair éigin amach anseo.

Níor cheart dúinn an milleán a fhágáil ansin. Na nuachtáin i Sasana a bhí go mór ar son an áir ag an am bhí siad go breá glórach ina choinne sna seachtainí seo cheana. Sin fimíneacht. An nuachtán seo féin, d’fhoilsigh siad dialann shaighdiúra ‘Éireannach’ a bhí ag troid ar son na gabhála ag an am. Níor saighdiúir Éireannach é ach an oiread is nár shaighdiúirí Éireannacha iad siúd a throid ag an Somme.

Saighdiúirí in arm na Breataine iad, agus n’fheadar fútsa, ach níor mhaith liom go mbeadh aon bhaint ag an Stát seo againne le marú agus le coscairt agus le slad na mílte míle gnáthdhaoine san Iaráic.

Tá’s agam go maith go raibh Muslamaigh Sunni agus Muslamaigh Shi’ite agus Críostaithe éagsúla agus beagán Giúdach agus Jaineanaigh agus Bahaíochaí a cuireadh de dhroim seoil nó a maraíodh, ach níor thuigeas go gcaithfeadh inchlúisivití dul chomh fada sin.

Ba cheart go mbeadh náire ar an nuachtán seo gur thug siad deis do dhaoine a bhí amuigh ansin ag déanamh mísce a bport féin a sheinneamh.

Ach ní bhaineann Chilcot leis an aimsir chaite. Tá’s againn ar fad cad a tharla. Baineann leis an aimsir i láthair agus leis an aimsir fháistineach amach romhainn.

“B’in sin agus seo anseo,” nó a leithéid mar leithscéal, agus déantar dearmad dá réir.

Ach nuair a fhógrófar an chéad chogadh eile, nach mbeidh na bréaga céanna le cloisint, agus nach mbeidh toradh an bhinse fhiosraithe mar an gcéanna?