Scríobh mé alt i nuachtán mór náisiúnta anuraidh. As Béarla. Den chéad uair ariamh. Rinne mé píosa ar an raidió sa teanga sin chomh maith.
“An bhfuil tú ag dul le hiriseoireacht anois?” a dúirt Béarlóir muinteartha liom, a bhfuil aithne agam air mo shaol ar fad.
Lig mé osna dhomhain asam. Ach d’fhreagair mé an cheist go foighneach: “Tá,” arsa mise, “is amhlaidh go bhfuil mé fostaithe le seacht mbliana anuas ag obair mar iriseoir leis an gcraoltóir náisiúnta. Nach raibh a fhios agat?”
“Bhí a fhios agam gur ‘Gaeilgeoir’ a bhí ionat ceart go leor,” arsa an Béarlóir, “ach níor thuig mé gur iriseoir a bhí ionat. An bhfuil tú ag obair don 6.1? Aisteach, ní fhaca mé ariamh tú.”
Rinne mé aoibh dhoicheallach leis.
“Nílim”, arsa mise. “Táim ag obair leis an tseirbhís Ghaeilge, Nuacht.”
“Mar Ghaeilgeoir?” arsa seisean.
Níl anseo ach sampla amháin de na rudaí a bhíonn ag dó na geirbe agam faoina bheith ag plé leis an nGaeilge; an míniúchán leanúnach maidir le do phost.
Ach tá liosta mór fada agam de na rudaí a chuireann an tochais orm. Seo thíos an t-eagrán gearr den liosta sin:
“Ceartúcháin.”
Cuirim an locht ar Hibernia agus ar Choláiste Phádraig. Agus ar an Rialtas as a gcuid easpa infheistíochta i gcúram leanaí. Céard sa diabhal atá i gceist agam?
Bhuel, tuigeann mná sna 20í déanacha agus sna 30í nach féidir leo a bheith ag tógáil páistí agus ag obair óna hocht a chlog ar maidin go dtí a hocht a chlog istoíche. Ní thig leo an dá thrá a fhreastal.
Mar sin, filleann siad ar an gcoláiste chun cáilíocht iarchéime a bhaint amach sa mhúinteoireacht bhunscoile.
Agus cé a íocann as sin? “Gaeilgeoirí.” Bíonn muid ag ceartú gramadaí agus aistí agus tráchtas ar son ár gcuid cairde de shíor. Tá na daoine seo ag teacht i dtír orainn agus caithfimid an fód a sheasamh ina gcoinne.
“Tá an Ghaeilge athraithe go mór.”
Bíonn an ceann seo ina chrá croí dom agus mé ag cuartú daoine le hagallamh a dhéanamh liom. Cuirim scairt ar eagraíocht: “Haigh, táim ag déanamh scéil inniu maidir le cúrsaí tithíochta do Nuacht RTÉ agus Nuacht TG4. An bhfuil aon duine ansin a d’fhéadfadh mír chainte a dhéanamh dúinn as Gaeilge?”
“Bhuel, 20 bliain ó shin d’fhéadfainn é a dhéanamh ceart go leor,” a deir an té san eagraíocht. “Bhí Gaeilge líofa agam ar scoil. Ach tá athrú iomlán tagtha ar an nGaeilge anois. Teanga iomlán éagsúil atá inti.”
Teastaíonn uaim a rá leis an duine seo gur léigh mise 50 leathanach de Chré na Cille agus Scothscéalta ina n-iomláine. Scríobhadh iad siúd i 1949 agus 1956 faoi seach.
Chonacthas domsa go raibh Ó Cadhain agus Ó Conaire ag scríobh sa teanga chéanna atá ar eolas agamsa i 2015. Mar sin, seachas sa gcás go bhfuil an té go bhfuilim ag labhairt leis ag tarraingt ar 100 bliain d’aois, thabharfainn buille faoi thuairim go raibh sé ag caint ráiméise.
“Anois, d’fhéadfainn an t-agallamh sin a dhéanamh as Fraincis.”
Mar chuid de mo phost, bíonn orm go leor glaonna a dhéanamh le lucht labhartha na Gaeilge a aimsiú (féach ar uimhir a dó).
Seachas a admháil gur duine aonteangach é, tarlóidh sé go minic go ndéarfaidh duine in eagraíocht leat go bhféadfadh sé an t-agallamh a dhéanamh i dteanga éigin eile.
Ach ar an drochuair, ní féidir leis é a dhéanamh i nGaeilge.
Mar tá a chuid Gaeilge caillte aige.
Nó b’fhéidir mar gheall ar go bhfuil athrú chomh mór sin tagtha ar an teanga...
“Tá tú ag obair do TnaG?”
Tá a fhios agat go bhfuil tú i dtrioblóid nuair a chloiseann tú an ceann sin. Tá an duine sin beagnach scór bliain as dáta. Is féidir liom “TGFour” a láimhseáil mar b’fhéidir nach bhfuil pioc Gaeilge ag an duine sin agus ar a laghad, tá an t-ainm ceart ar eolas aige. Ach léiríonn TnaG easpa iomlán tuisceana.
Agus is cuma cé mhéad uair a deir tú le duine go bhfuil tú fostaithe ag RTÉ, déarfaidh sé gur “Caoimhe from TnaG” atá ionat.
“Tá an Ghaeilge sna scoileanna go holc”
Is féidir liom gealltanas a thabhairt do gach duine nach bhfuil mar chuid de phobal na Gaeilge: níl daoine ón bpobal sin ag iarraidh plé leanúnach a dhéanamh ar an nGaeilge.
Nílimid ag iarraidh a chloisteáil agus muid ag ithe dinnéir lenár gcuid cairde faoi do Sheáinín beag agus faoin mbealach go raibh “Gaeilge líofa aige” sa gcéad rang le Bean Uí Chonghaile. Ach anois, níl Gaeilge ar bith aige sa tarna rang mar go bhfuil an bómán sin, Bean Uí Ghallchóir aige.
“B’fhéidir go bhfuil an Ghaeilge athraithe go mór,” a theastaíonn uaim a rá leo. “Nó b’fhéidir gur bhain Bean Uí Ghallchóir pas amach de bhrí gur cheartaigh mise a cuid oibre uilig agus í ag gabháil go Hibernia.”
Tá go leor rudaí faoin nGaeilge a chuireann olc orm, cinnte. Ach ar ndóigh, tá go leor rudaí faoin teanga a chuireann gliondar agus bród orm. D'fhéadfadh na nithe sin a roinnt libh, ach cá mbeadh an tsiamsaíocht ansin? Is iriseoir le Nuacht RTÉ/TG4 í Caoimhe Ní Laighin