Callán caoin na cathrach

Is é dúchas na cathrach toit a shlogadh


Is maith liom an chathair: Baile Átha Cliath, Corcaigh, Baile Feart, Caill Chainnigh, Doire Chalgaigh, go fiú Luimneachagus an ghrian ag taitneamh i gContae an Chláir. Agus amuigh ansin sna críocha i gcéin i measc a bhfuil siúlta agam, gleo Ghlaschú, mire Mhoscó, ainriail na hAetáine, liútaréatar Lagos, cleatar Chairo, tormán Timbuktu, rúpáil na Róimhe, gach ceann díobh lena fhuinneamh féin gan chrích.

Ní dual don chathair a bheith pleanáilte. Is fíor gurb ann dóibh na cathracha leamha pleanáilte, go háirithe i Meiriceá ó thuaidh nuair a bhí caoi ag daoine a raibh rialóirí ina lámha línte díreacha a tharraingt ar pháipéir bhána. Is geall le bheith ag siúl trí cheacht céimseatan cuid acu.

Fás ainrialach é an chathair. Daoine ag teicheadh ó leamhas na tuaithe, ó chúngaigeantacht na gcomharsan, ó chaoile na súl sna fuinneoga cúnga. Is binn leis na teifigh sin boladh na coincréite agus úire an tarramhacadaim, agus féile mhilis na gcloch ar muin cloiche.

Glanmhalairt í seo ar “chathair fhallsa” Mháirtín Uí Dhireáin. Níorbh é sin an cleachtadh a d’ardaigh croí agus meanmna na mílte a d’athraigh coirséad halla phobail an tsagairt pharóiste ar ghabhalugam dhioscó na cathrach. B’é an comhthionól tuaithe a bhí riamh ag fáisceadh ar an gcroí, agus réim na habhann is gaoth ghlan na farraige a scuab na hógánaigh ó na cnoic is ó na gleannta chun na mbailte isteach.

READ MORE

B’í ainriail agus saoirse na cathrach a mheall daoine riamh. An treibh a fhágaint id dhiaidh agus dul amach ar an tseiscinn dhomhain. Miondéithe an tobair áitiúil a bhá. Dílseacht an tslabhra bhig a bhriseadh. Dul ag tumadh is ag snámh i measc an phobail mheasctha, arb í an chathair a buaic.

Is ag éalú ón gciúnas, ciúnas na reilige is na nglúnta a rialaigh an pobal a bhíonn daoine agus iad ag triall ar an gcathair. Ag éalú ón gcrosbhóthar simplí sin a thugann rogha duit idir teach an phobail, teach an tábhairne, teach an diabhail agus teach an deamhain.

Sa chathair duit, tá crosbhóithre ag crosthrasnú ar a chéile go crosach ionas go dtagann an t-aoibhneas neamheolach chugat, an tuiscint nach gá dhuit seasamh ag crosbhóthar ar bith. Is leor éisteacht le tiompán an tráchta ag dul tharat agus gleo an domhain a shlogadh id scámhóga isteach.

Is amhlaidh gur mhúscail na smaointe seo arís ionam mar le blianta beaga anuas tá mórmhaoir agus geafair arda cathrach ar a mine ghéire ag iarraidh ceantar tuaithe a dhéanamh den bhaile mór.

Is é sin le rá, tá siad ag iarraidh go mbeadh lár na cathrach saor ó mhótair agus ó charranna agus ó charbaid agus ó chairteanna agus ó ghluaisteáin agus ó thrucailí.

Tá siad ag iarraidh oiread agus is féidir den bhaile mór álainn a thabhairt ar láimh do choisithe, nuair is le rotha a bhaineann an chathair le ceart.

Más mian leat dul ag siúl, gabh amach chun na sléibhte, téir bealach Chill Mhantáin, feictear an t-iolar órga thuas.

Bailigh leat ar Shlí an Atlantaigh don Bhild Bhestern Bhé áit a bhfuil daoine “Living on your western shore/saw summer sunsets/ asked for more” agus ag canadh amhráin d’Éirinn. Ach muran mian leat do chosa a luail agus gluaiseacht ar rotha mar a cheap Dia dhúinn, b’fhearr fanacht sa chathair.

Tá an chuma air go bhfuil Rialtas Bhaile Átha Cliath ag moladh go bhfágfaí níos mó sráideanna fós faoin lucht siúil, agus teorainniú dá réir orthu siúd a bhfuil dhá roth nó ceithre roth féin fúthu, idir bhusanna áille béistiúla agus na gluaisteáin a bhíonn ag géis go garbhálainn ar fhliuchbhóithre. An chathair a thabhairt chun míneadais, chun ciúnais, chun smachta is ea a mian.

Is é nach dtuigtear go bhfuil sin glan in aghaidh dúchais. Is é dúchas na cathrach a bheith fiain, a bheith scaoilte, a bheith lán de ghleo is de ghlisiam is de ghliogramghliog. Nead seangán is ea an chathair, ach gan an t-ord céanna a bheith uirthi.

Is é dúchas na cathrach toit a shlogadh, is bonnáin na ngluaisteán a ghlacadh id chluasa, is éamh bhuachaillí na nuachtán a mhóradh, glam an mhargaidh a fhulaingt, screadach na ngluaisteán a phógadh, boladh na sceithphíopaí a ól, a bheith greamaithe go brách sa tranglam idir dhá sholas ghlasa, snámh ar an diúradheabhra shráidéigse arb é fothromáil ár linne í…Nach aoibhinn mar shiansa é !

Ná baintear é sin dínn ar son coisithe coimeádacha caomhacha an phiúratánachais nua atá ag iarraidh sinn a tharraingt siar go dtí na meánaoiseanna nuair a bhí córacha taistil ag na huaisle amháin!