D’éirigh le rialtas na hÉireann bua suntasach a bhaint amach nuair a ghéill rialtas na Breataine maidir le teagasc na Gaeilge i scoileanna an Tuaiscirt 30 bliain ó shin, de réir cáipéisí rúnda stáit atá ar fáil anois faoin Riail 30 Bliain.
Bhí dianstocaireacht ar bun ag ionadaithe na hÉireann ar an Rúnaíocht Angla-Éireannach ón uair a d’eisigh Aire Oideachais an Tuaiscirt, an Dr Brian Mawhinney, moltaí nua oideachais i Márta, 1988 sa cháipéis ‘Education in Northern Ireland: Proposals for Reform.’
Ba bheag fáilte a chuir ionadaithe an phobail náisiúnaigh roimh mholtaí Mawhinney. Ní raibh ach aon tagairt amháin don Ghaeilge sa cháipéis, is é sin, admháil go raibh roinnt meánscoileanna ag teagasc na teanga cheana féin. Níor moladh, áfach, gur chóir múineadh na Gaeilge a leathnú chuig scoileanna eile agus níor tugadh aon ghealltanas cuidiú breise a thabhairt do na scoileanna a bhí ag teagasc na teanga ag an am.
Go deimhin, tugadh le fios ann go mbeadh múineadh na Gaeilge ina ualach breise siocair go mbeadh ar dhaltaí a fhoghlaimíonn Gaeilge teanga nua-aimseartha eile a fhoghlaim fosta. Bheadh an teanga iasachta sin aitheanta mar bhunábhar curaclaim agus i dteideal codán cuí a fháil d’uaireanta an amchlár scoile a bhí luaite leis na bunábhair.
Ní raibh sé i gceist ag Mawhinney aitheantas a thabhairt don Ghaeilge mar bhunábhar, rud a chiallódh go mbeadh an teanga in iomaíocht le hábhair eile do chéadatán beag d’uaireanta curaclaim.
Bhraith Conradh na Gaeilge go lagófaí seasamh na Gaeilge sa chóras oideachais tuilleadh seachas a chinntiú go mbeadh deis ag gach dalta sa Tuaisceart an teanga a fhoghlaim.
Thug an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Brian Lenihan, le fios i bhfreagra don Chonradh gur “céim ar gcúl do staid na Gaeilge iad na moltaí seo”.
Chuir Gael Linn in iúl d’fheidhmeanaigh na Roinne Gnóthaí Eachtracha mura dtabharfaí deiseanna do dhaltaí an teanga a fhoghlaim ar scoil go dtabharfaí “a ready-made opportunity to IRA-inspired elements to hijack the language”.
Scríobh an Comhairleoir Brian Feeney ón SDLP chuig an Taoiseach, Charles Haughey, faoin ghreadadh a bhí in ann don Ghaeilge dá gcuirfí na moltaí seo i bhfeidhm: “There is going to be a core curriculum and Irish will not be part of that. What therefore is the point of training Irish teachers? What student can be advised to aspire to be an Irish teacher?”
Gheall an Taoiseach dó go bpléifeadh an Rúnaíocht na himpleachtaí tromchúiseacha a bhain leis na moltaí seo mar ábhar práinne agus go ndéanfaidís mianta an phobail náisiúnaigh a chosaint go tréan.
Pléadh an cheist ag cruinniú den Chomhdháil Idir-Rialtasach Angla-Éireannach i mí Mheithimh na bliana sin agus chuir Aire Fuinnimh agus Cumarsáide an ama, Ray Burke, in iúl do Státrúnaí an Tuaiscirt, Tom King, gur ísliú céime a bheadh i moltaí Mawhinney don Ghaeilge.
Thug an Búrcach le fios nár mheas sé go raibh Mawhinney naimhdeach don teanga ach nach rabhthas ag caitheamh leis an Ghaeilge i gcóras oideachais an Tuaiscirt faoi mar a bhí leis an Bhreatainis sa Bhreatain Bheag. Dúirt Tom King gur cheart aitheantas a thabhairt do chultúr agus do theanga na hÉireann ach go raibh rialtas na Breataine glan in éadan an dátheangachais sa Tuaisceart. D’aontaigh an dá thaobh nár mhiste tarraingt le chéile ar an cheist seo chun nach mbronnfaí “propaganda coup” eile ar Shinn Féin.
Chuir rialtas na hÉireann dhá mholadh chun cinn ag an chruinniú sin den Chomhdháil: (a) go mbeadh an Ghaeilge ar fáil mar theanga nua-aimseartha le stádas an bhunábhair nó (b) go mbunófaí bunábhar ar a dtabharfaí “Irish Studies” agus go mbeadh an Ghaeilge á teagasc mar chuid de sin. Dhiúltaigh Mawhinney scun scan don chéad mholadh ach léirigh sé an-spéis sa dara ceann.
Bhí toradh fónta ar stocaireacht thaobh na hÉireann den Rúnaíocht mar nuair a foilsíodh an polasaí úr i mí Dheireadh Fómhair – “Education Reform in Northern Ireland: The Way Forward” – ba léir gur ghéill rialtas na Breataine ar chuid mhaith dá gcuid éileamh.
Fríd is fríd, bhí feidhmeanaigh na hÉireann den tuairim go raibh dul chun cinn mór déanta sa pholasaí ó na moltaí a chuir Mawhinney chun cinn sé mhí roimhe sin.
Bhí clár foghlama agus measúnú faoi leith beartaithe don Ghaeilge agus bheadh deis ag daltaí í a fhoghlaim mar “theanga bhreise nua-aimseartha”. Cé go mbeadh deis ann an Ghaeilge a fhoghlaim, áfach, ní shásódh sí an riachtanas go mbeadh ar dhaltaí teanga iasachta a fhoghlaim. Mar sin de, is teanga bhreise a bheadh sa Ghaeilge do scoláirí an Tuaiscirt.
Ach bheadh stádas oifigiúil ag an teanga mar ábhar sa chóras oideachais feasta agus is ar na scoileanna féin a thitfeadh sé cinneadh a dhéanamh faoin mhéid ama a chaithfidís á teagasc.
Chuir an SDLP fáilte theoranta roimh an pholasaí úr ach ní raibh deireadh leis an stocaireacht, ná baol air. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, tháinig céad Churaclam Thuaisceart Éireann isteach agus bhí an Ghaeilge mar nuatheanga ann agus gan difear ar bith idir í agus na teangacha eile. * Beidh an clár 'Siar 30 Bliain' ar siúl ar TG4 anocht agus amárach ag 7.15 p.m.