Broimneach na bó

Bó – béist nár dhein dochar d’aon tsaghas do dhuine ar bith


B’fhéidir gurb ait le daoine gur tharla dhá eachtra le chéile le seachtainí beaga anuas, agus dá n-inseofá don asal iad, bhuailfeadh sé cic ort.

Níl a fhios agam ach oiread le bó cad is brí leo sa tslánchruinne, ach i ndeireadh an ghoirt agus i gcúinne na páirce is dócha gur scéal é atá i mbéal an mhadra.

Is ea, leis, is déarfá gur cheart dúinn a bheith ag súil go mbíonn gach muc ag romhar dó féin, ach capall gan srian ba ea an t-airgead a bhí feirmeoirí Éireann ag dáileadh ar na bulláin ramhra a bhí acu féin.

Socraíodh go mbeadh na boic mhóra i gCumann Feirmeoirí Éireann ar muin na muice, agus ba chuma dá mbeadh cách a chéile eile ar nós an asail.

READ MORE

Is rófhíor nach dteitheann cú roimh chnámh, ach mar sin féin bhí rud éigin iomarcach ag baint leis na ba a bhí á gcur thar abhainn agus isteach sa scioból ag ceannairí na scológ méithe, go fiú do na scológa méithe iad féin.

Is é adéarfadh an gnáthfheirmeoir ná nach foláir nó bhí an gabhar á róstadh de shíor is de ghnáth nuair a léigh siad mar gheall ar na tuarastail agus na socruithe pinsean a bhí ag na boic mhóra acu dóibh féin.

Shílfeá go raibh cat is dhá eireaball á dhéanamh acu leis an airgead a bhí á fháil, go áirithe mura raibh sé á thuilleamh acu féin.

Muc i mála

Ní thógfá orthu é dá gceapfadh siad go raibh muc i mála á fáil ar a gcuid allais agus ar a gcuid síntiús a cheannaigh siad go daor.

Bhí sé ceart go leor, gan amhras, oiread airgid a fháil is nárbh fhiú leis an madra tafann a dhéanamh air, ach níor mhar sin do na gnáththuathánaigh nach raibh taithí acu ach ar an mbainne bearrtha, nó sin adúirt siad.

Cuid acu a raibh deilbh luiche orthu le hocras, nó uaireanta gan cearc fós fágtha faoi ia an tí a dhéanfadh an t-aoileach a scríobadh dóibh le súil go bhfaigheadh siad ubh ag dul amú.

Níorbh é nár thuig siad go maith gur ar mhaithe leis féin a dhéanann an cat crónán agus nach rí é an coileach ar a mhaide fóir; ach ar chúis éigin b’í an mhuc ab fhaide siar sa chró ina smaointe go ramhródh siad go léir a mbolg fein ar dtús.

B’in iad ag déanamh ba agus béisteanna díobh féin ag cráineadh a raibh d’euróchaí beaga a fuarthas mar dheontas as pócaí agus as poill fholaigh na ngnáthfheirmeoirí.

Ba bheag muc na sceiche nár chuir sin mairt ar a chroí.

Bhíothas faoi reith le fearg nuair a fuarthas ina dhiaidh sin gur chuir siad na cránta chucu ina málaí dóibh féin i bhfochair na ngandal.

D’fhéadfadh siad imeacht leo ina bpoc, gan amhras, ach is gairid gur tuigeadh dóibh gurbh fhuar acu an ghadhrúlacht suas is anuas le bheith ina bpeataí uan, go háirithe nuair a bhí an chéad chogadh nua eile le cur.

Ba chuma leo sa chat mara cad a bhí á thuilleamh lastuas fad is go dtabharfaí aire dóibh féin laistíos .i. é ina ghruth is ina mheadhg acu.

Ní bheadh a fhios agat faoi thailte na bó finne conas a mhair daoine ar an bhfeirm roimh theacht an Chómhargaidh, nó pé ainm atá air inniu.

Ach is maith gurbh eol dóibh go mbeifí ina ngadhair fhiaigh ar a dtóir dá dtabharfaí oiread is scrimh iongan circe de chreidiúint don bhláthú cruinne seo.

Milleán

Ba mheasa ná sin é go rabhthas ag leagadh an mhilleáin ar bhroimneach na bó, béist nár dhein dochar d’aon tsaghas do dhuine ar bith ó rugadh na muca.

Bhí a fhios ag gach aon mhuc mháthar nach raibh aon bhaint ag an tréad beithíoch seo a thuill na hoirc is na hairc dóibh le téamh an domhain, le coire na cruinne, leis an áiteamh gurb iad Tuvalu agus Corcaigh is túisce a rachadh faoin bhfarraige síos.

Meas madra ní raibh acu ar thuairimí bhardail mar sin a d’áitigh go raibh baint éigin ag muintir na feirme leis an aimsir lofa sa gheimhreadh agus le teas gan teorainn an tsamhraidh.

Tá eolaithe ann, ná bíodh aon amhras ort, a shéanann go bhfuil aeráid an domhain tugtha leis ag an ngabhar, agus cuireann a bhfianaise oiread lúcháire ar na feirmeoirí is dá mbeadh ba bainne fachta acu – de bhreis ar a bhfuil acu cheana féin.

Níl siad sásta go bhfaigheadh siad íde na muc ó dhaoine atá breá sásta a gcuid stéigeanna a ithe agus iad ina gcaoire le craos.

B’fhearr leo an cat marbh ná bheith ag fulaingt an reithe chogaidh argóna seo ó dhaoine a dhéanann codladh gé ar leaba chlúmh lachan.

Níl ann ach gal soip agus sméamh gaoithe ó thufóga gan eolas.