Briathar agus gníomh

An bhfuil tús áite ag ceann amháin acu ar a chéile?

Focloir: dua - difficulty; foirm coibhneasta - relative form; díobháil - harm; agó - without doubt; lochtach - defective, turnamh - downfall. máinneáil - dawdling, trírinn - trident.

Tá na mílte focal i gcló i nuachtáin an lae inniu. Agus trácht iontu mar is gnách ar an iliomad gníomh. San aimsir chaite, san aimsir fháistineach, agus aimsirí eile nach iad.

Ach dá fheabhas an tráchtaireacht agus an anailís, fágtar mór-cheisteanna áirithe gan freagra.

'Bhí an Briathar ann i dtús báire,' a scríobh Naomh Eoin. 'Ba é an gníomh a bhí ann i dtús báire' a d'fhreagair Faust de chuid Goethe, agus é ag iarraidh a chuid féin a dhéanamh den soiscéal.

READ MORE

An briathar nó an gníomh? An bhfuil tús áite ag ceann amháin acu ar a chéile? Nó cén ceangal atá eatarthu ? Is mór-cheist í gan aon agó.

Bheadh Fionn agus na Fianna ar aon fhocal leis an soiscéalaí, agus ‘Beart de réir ár mbriathair,’ mar mhana acu. Ach bíonn go leor ócáidí ann nuair is é an gníomh a thagann ar dtús, agus an ‘cur i bhfocail’ ina dhiaidh sin.

Níl aon fhreagra simplí amháin ar an gceist agus is fada a bheidh na saoithe gafa aici. Ach is féidir rud amháin a rá. Dhealródh go bhfuil an-luí againn sa Ghaeilge leis an mbriathar féin.

Tá dhá shórt de bhriathar ann ar ndóigh. Ar an gcéad dul síos, níl ann ach focal, focal ar bith. Ach tá briathar de shórt eile ann, a bhfuil brí níos cúinge leis, an gníomh-fhocal, an roinn chainte, ith, ceannaigh, déan...Agus is mó aird a thugaimid ar an mbriathar den chineál seo sa Ghaeilge. Tá an briathar seo riachtanach chun abairt a dhéanamh, in aon teanga. Ach tá an cuma ar an scéal go mbíonn béim bhreise againn ar an mbriathar san abairt Ghaeilge.

Cuimhnigh ar an dua a chaithimid sa chaint agus sa scríobh, á ghléasadh i slite éagsúla ag brath ar an aimsir agus mórán fachtóirí eile. Is mó foirmeacha ina mbíonn sé gléasta againn - spleách, neamhspleách, dearfach, diúltach. Bíonn sé rialta cuid mhaith den am agus é réimnithe i gceann amháin den dá réimniú. Ach ní fadhb ar bith é an dornán atá neamhrialta.

Ó, agus an fhoirm choibhneasta - cé nach mbíonn sí siúd le cloisteáil chomh minic sin anois. Aoibhinn beatha an scoláire a bhíos á húsáid. Agus an modh táscach agus ceisteach. Nó cad faoin modh coinníollach? Níl le déanamh ach ‘would’ a chur isteach sa Bhéarla, ach cá bhfuil an ealaíon agus an ilghnéitheacht ansin?

Agus cuimhnigh ar ord na bhfocal féin san abairt Ghaeilge - an briathar i gcónaí ar dtús, seachas an t-ainmní nó an cuspóir, murab ionainn agus mórán teangacha eile. D’ith mé an ubh. I ate the egg. J’ai mangé l’oeuf.

Is ea, táimid an-tugtha don bhriathar. Agus ní haon díobháil é sin. Mar dhealródh go bhfuil an briathar i dtráth na laethanta seo. Just do it. Nach léiriú é sin ar an gcasadh briathartha seo i saol an lae inniu? Agus níl aon easpa samplaí eile ar an gcur chuige briathartha seo.

Cad faoi chursaí teagaisc agus torthaí foghlama? Mar tá sampla ann a léiríonn a thábhachtaí is atá an briathar, agus go deimhin, a thugann léargas de chineál éigin ar an gceist a cuireadh ag tús an ailt. I mbeagán focal, baineann an sampla leis an gcúram a bhíonn ar mhúinteoirí agus iad ag pleanáil cúrsa teagaisc, na torthaí foghlama a scríobh amach ionas go bhfuil léiriú iontu ar an bhfios, scil, agus cumas atá mar sprioc.

Cuirtear torthaí foghlama an chúrsa in iúl le grúpa ráiteas (4 go 6 cinn) agus, thar rud ar bith, is den riachtanas go dtosaíonn gach ráiteas díobh seo le ‘briathar gníomhach.’ Ní bheadh a leithéid seo de thoradh foghlama sásúil mar sin, ‘tuig na fachtóirí ba chúis le turnamh impireacht Napoleon.’ Agus an fáth ? Tá ‘tuig’ ina bhriathar lochtach sa chás seo mar níl aon tagairt ann ar conas a chuirfidh an dalta in iúl go dtuigeann sí. B’fhearr a leithéid seo de bhriathar, ‘pléigh na fachtóirí...’ nó ‘scríobh na fachtóirí... ar mhaithe le fianaise na foghlama a thaispeáint agus a thástáil.

Briathra baoth? Is mar seo atá cúrsaí san ardoideachas ach go háirithe, mar a mhol na saineolaithe a bhailigh i mBologne na hIodáile roinnt blianta ó shin. Agus tá an próiseas seo ar learning outcomes á leathnú ar fud na hEorpa ó shin.

Bhíodh am ann nuair a leagtaí amach cúrsa teagaisc le cuntas fada ar an ábhar féin a bhí le foghlaim, ach tá an modh briathartha tagtha isteach ina áit. Agus is cosúil go bhfuil glactha leis go forleathan sa chóras oideachais sa tír seo - níos mó ná roinnt áiteanna eile.

Conclúid? Ní bhíonn an rath ach mar a mbíonn an briathar. Agus mar fhreagra ar an gceist? Briathar nó gníomh? Dhealródh gur gá an dá thrá a fhreastal agus, go deimhin, gur féidir. Dar m’fhocal.

Is léachtóir é Cathal de Paor i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach. Fáilte romhat teagmháil a dhéanamh leis ag @cathaldepaor