‘Erasmus na Gaeilge’ fógartha ag Seán Kyne

Cabhróidh ciste nua le 175 mac léann cur fúthu ar feadh trí mhí sa nGaeltacht

Tá ciste a chabhróidh le mic léinn tríú leibhéal cur fúthu ar feadh trí mhí sa Ghaeltacht fógartha ag Aire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne.

Cuirfear €250,000 ar fáil mar mhaoiniú don scéim atá á thionscnamh mar chuid de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge.

Is le teaghlaigh atá cáilithe faoi Scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a bheidh an fóirdheontas, ar fiú suas le €1,428 é in aghaidh an mhic léinn, iníoctha.

De réir Roinn na Gaeltachta, táthar ag súil leis go mbainfidh suas le 175 mac léinn leas as an scéim in aghaidh na bliana.

READ MORE

Beidh an tréimhse tumtha teanga trí mhí dírithe orthu siúd a bhfuil an Ghaeilge mar chroí-ábhar acu ar an Ollscoil agus orthu siúd nach í an Ghaeilge an croí-ábhar léinn atá acu, ach a bhfuil ard-inniúlacht sa teanga de dhíth orthu le feidhmiú i saol na hoibre.

Tá súil leis go gcabhróidh an infheistíocht seo freastal níos fearr a dhéanamh ar na héilimh an phobail ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge ó thaobh an státchórais de.

Dúirt an tAire Stáit: “Is cúis mhór áthais dom a bheith in ann an ciste nua seo a fhógairt ar mhaithe le tacú tuilleadh le mic léinn tríú leibhéal ar fud na hÉireann an Ghaeilge atá acu a shaibhriú tuilleadh agus trí mhí a chaitheamh in aontíos le teaghlaigh Ghaeltachta fad is atá siad ag freastal ar chúrsaí cáilithe sa Ghaeltacht.

“Is iad na ceantair Ghaeltachta fearann dúchais na Gaeilge agus de thoradh an bhirt seo cuirfear ar chumas suas le 175 mac léinn in aghaidh na bliana a bheith tumtha sa Ghaeilge – rud a bheidh ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta araon.

“Cabhróidh sé seo ar fad chomh maith ar ndóigh chun acmhainn an státchórais a fhorbairt tuilleadh le freastal níos fearr a dhéanamh ar na héilimh bhreise atá agus a bheidh ann ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge sa tréimhse atá romhainn,” a dúirt an tAire Kyne.

Tá i gceist ag an Roinn féachaint chuige “oiread is féidir - i gcomhar le lucht eagraithe na seimeastar Gaeltachta”, go bhfaigheann ceantair éagsúla Ghaeltachta tairbhe as an scéim nua.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.