Dá mbeadh cúinsí faoi thalamh Cré na Cille i bhfeidhm i reilig Ghlasnaíon inniu nárbh iontach na comhráití a bheadh le cloisint? Go háirithe dá mbeadh cóip de chlár rún Ardfheis Fhianna Fáil tar éis a bheith séidthe isteach ag an ngaoth.
Bheadh sclogaíl bheag mhioscaiseach ag teacht ó uaigh Uí Choileáin ach i gcúinne na bPoblachtach, bheadh sé ina raic agus ó uaigh an-fhada amháin chloisfeá osna throm chléibh.
Míshocair na taibhsí a shiúlann i measc na leac sin faoi láthair.
Fáth a mbuartha ná ceist bheag amháin: an bhfuil an tuar ag teacht fá thairngireacht John M Kelly TD siar sna 1970í – Fine Gael agus Fianna Fáil ag teacht le chéile?
Níl fós. Ach san ardfheis ag an deireadh seachtaine, pléifidh baill Fhianna Fáil rún a fhiafraíonn ar chóir don bpáirtí a fhógairt nach rachadh siad isteach i gcomhrialtas le Fine Gael tar éis an chéad olltoghcháin eile.
Beidh sé suimiúil a fheiceáil cad é mar a láimhseálfaidh an cheannaireacht an cheist seo. Bí cinnte gurbh fhearr leo nach mbeadh an cheist curtha in aon chor agus go bhfuil cleas éigin ceaptha acu chun é a chur ar an mhéar fhada.
Ach muna ndéanann siad é sin, is aisteach an fhaopach ina bhfágann sé an páirtí.
Tá sé ráite cheana féin ag an gceannaire Micheál Ó Máirtín nach rachaidh siad faoi scread asail de Shinn Féin.
Tá a fhios againn uathu freisin nach mian leo dul isteach in aon chomhrialtas mar leathbhádóir sóisearach. Is beag nach gcuireann sé sin amháin as an áireamh iad.
Má deir siad ag an ardfheis nach nglacfaidh siad páirt i gcomhrialtas le Fine Gael ar ais nó ar éigean, is cosúil go bhfuil an doras dúnta ar fad acu.
An t-ábhar iontais is mó, ar ndóigh, go bhfuil siad fiú á phlé ar chor ar bith. Bhíodh tréimhse ann nuair a chuirfí fios ar fhir na gcótaí bána dá gcuirfeá an smaoineamh sin i láthair.
An léiríonn sé go bhfuil baill áirithe buartha go dtiocfaidh brú ollmhór ar an bpáirtí, tar éis an toghcháin, agus gurbh fhearr go mbeadh ceangal na gcúig gcaol ar an gceannaireacht?
Nó an é gur mhaith le dream taobh istigh den bpáirtí a thomhas cén glacadh a bheadh lena leithéid de mholadh?
Cibé acu, léiríonn sé go bhfuil pointe an-íseal misnigh sroiste ag an bpáirtí in ainneoin dhícheall Uí Mháirtín. Is fada anois a dtriall ón bpáirtí ollchumhachtach a rialaigh an Stát ar feadh an oiread sin blianta gur cheap siad dáiríre gur rud aduain a bhí i gcomhrialtas.
Tá cuid den meon sin ann fós, is léir, ainneoin tubaiste an rialtais dheireanaigh.
Beidh go leor den mbuaileam sciath agus den mbolscaireacht le cloisint as an ardfheis ach tá a fhios ag Fianna Fáil níos fearr ná éinne an tábhacht a bhaineann le cumhacht.
Cuimhnigh ar Brian Chowen le linn ardfheis 1992 agus é ag caint faoi ghlacadh leis an bPáirtí Daonlathach mar chomhleacaithe rialtais: “What about the PDs? When in doubt, leave them out.”
Nár thug Albert Reynolds “a temporary little arrangement” go tarcaisneach ar an gcomhrialtas leis na Daonlathaigh chéanna? Labhair P Flynn faoin mbaol go ndéanfadh comhrialtas leis na Daonlathaigh “croíluachanna Fhianna Fáil” a chreimeadh.
An diabhal is a mháthair a dhéanfadh siad chun a leithéid a sheachaint, a dúradh ag an am. Ach nuair a tháinig an crú ar an tairne, rinne siad an margadh.
Múineann gá seift agus is é Fianna Fáil a scríobh an lámhleabhar ar sheifteanna.
Renua réidh don gcluiche?
Fad is a bhíonn Fianna Fáil agus Sinn Féin gnóthach ag baint plaiceanna as a chéile, tá Fine Gael ar mhuin na muice. Má leantar le feabhas na heacnamaíochta, tá an chuma ar an scéal go bhféadfadh siad filleadh le breis bheag agus leathchéad suíochán.
Ina dhiaidh sin, braitheann sé ar líon na suíochán a fhaigheann an Lucht Oibre. Má thógann lán mara gach bád, b’fhéidir nach mbeadh an slad orthusan chomh holc agus a measadh – ach caillfidh siad suíocháin.
An cárta oscailte atá á imirt ag an dá pháirtí rialtais faoi láthair ná aer an dóchais a dhiúltú do pháirtithe eile; a fhógairt gur Fine Gael agus Lucht Oibre amháin a bheidh sa gcéad rialtas eile.
An teachtaireacht chuig na vótóirí ná nach bhfuil aon rogha acu, gur dream easaontaithe mífhreagrach iad na páirtithe eile.
Ach, ar ndóigh, muna bhfaigheann an Lucht Oibre go leor vótaí, beidh ar Fhine Gael an tríú páirtnéir a lorg. Seachas margadh aonair a dhéanamh le leathdhosaen neamhspleách, beidh fonn ar Fhine Gael margadh a dhéanamh le páirtí eagraithe amháin a bhfuil an meon céanna aige.
Gach seans go dtionntóidh siad ar Shalomé na heite deise, Lucinda Creighton, agus ar a comhleacaithe sa bpáirtí nua, Renua. Sa deireadh thiar, ba bhaill dílse de chuid Fhine Gael iad na daoine seo go dtí an raic faoi ábhar amháin a bhain le cearta baill vótáil de réir a gcoinsiasa.
Is í sin an chúis gur bunaíodh Renua chomh tapaidh sin agus go raibh cuma chomh haimhréidh ar an láinseáil. Fiú go fóill, táimid ag fanacht le polasaithe ón bpáirtí. Tiocfaidh siad gan dabht.
Ach an rud is tábhachtaí go bhfuil an páirtí ann díreach in am, rud a fhágann Creighton ina suí ag an mbord cártaí agus lámh mháite aici.