An tUafás is déanaí a chonaic muid

Bhí náire orm a bheith im shaoránach deich mbliana ó shin


Ba mhaith leat a cheapadh nár tharla sé riamh. Ba mhaith leat a cheapadh nár tharla an scannal atá anois ag nochtadh maidir le tuama Thuama riamh.

Ba mhaith leat a cheapadh go bhféadfaimis dul siar 100, nó 200 bliain féin chun ar tharla a chur ina cheart. Ach faraoir ghéar, ní féidir sin a dhéanamh.

Is é is féidir linn a dhéanamh drochbhearta an lae inniu a chur ina gceart. Is é is féidir linn inniu na nithe gránna atá againn á dhéanamh anois faoi láthair ar ala na huaire seo a leigheas ionas nach mbeidh orainn leithscéalta a ghabháil le glúine níos faide anall.

Is é is féidir linn a dhéanamh ná a léiriú nach bhfuilimid ar a laghad chomh barbartha leis na barbaraigh úd ab shinsir dúinn sna laethanta barbartha borba úd fadó.

READ MORE

Bhueil, sea, is de chlann an inlightinmint sinn agus ní dhéanfaimis aon ní mar sin níos mó. Ní hionann peacaí beaga an lae inniu agus peacaí móra an lae inné, gan amhras, agus níl aon duine ag rá gurb inchomparáide an rud a rinne glúin dhorcha roimhe seo agus glúin seo an tsolais.

Ní féidir go bhfuil síol an uafáis agus an leatroim agus an aicmeachais agus an chiníochais le fáil thart timpeall inniu.

Ní féidir a rá go bhfuil síol sin an uafáis san aitheantas nach daoine cothroma cách, fág nithe beaga suaracha a bhaineann le seoladh baile, le carabhán, le blas cainte, le hurlabhra dúchais, le scolaíocht, le dath craicinn, le branda siopa as an áireamh.

Tuigfear go bhfuilimidne is bhfad níos tuisceanaí agus níos carthanúla ná mar a bhí na pobail aineolacha romhainn – agus seans go bhfuil. Seans, leis, go bhfónt.

Deich mbliana ó shin cruinn díreach de réir dáta agus lae bhí caoi againn ar a bheith oscailte fáilteach le daoine ba lú ádh ná sinn féin.

Bhí seans againn fáilte a chur roimh dhaoine ba bhoichte is ba dhearóile ná sinn féin, cuid mhór acu a gheobhadh bás den ghorta (an cuimhin libh é sin?) mura dtiocfadh siad chugainn.

Deich mbliana ó shin shocraíomar go mbeimis chomh ciníoch gránna cúnaigeanta sprionlaithe leis an gcuid ba ghránna den Eoraip chiníoch impiriúlach a scrios formhór an domhain le scata de chéadta bliain anuas.

Cothrom an lae seo sa bhliain 2004, náiríomar sinn féin. Cothrom an lae seo níorbh Éireannaigh feasta iad páistí beaga neamhurchóideacha a saolaíodh ar chraiceann an talaimh seo mar ba spúinseoirí iad, agus súmairí, agus turasóirí airgid, agus leisceoirí.

Cothrom an lae seo 10 mbliana ó shin, bhí náire orm a bheith im shaoránach de chuid na Poblachta seo.

Cothrom an lae seo ar an 11ú Meitheamh 2004 ghlacamar le reifreann a shocraigh go mbeimis feasta chomh geal in aghaidh daoine dorcha is a bheadh Cú Clucs Clannach ar bith.

Ó sea, ní rud a bhain le craiceann a bhí ann, aha, mar dhea! Bhain le craiceann mar a bhainenn seoladh le luach tí. Bhain le craiceann mar a bhaineann buí le banana.

Ní heol dom gur chuir aon dream in aghaidh Gearmánach, ná Sasanach, ná Sualannach a bheith sa tír.

Ní cúrsaí craicinn lasmuigh den phósadh ba chás linn, ach an craiceann féin.

Is maith is fiú cuimhneamh siar ar na hargóintí a shloig sibh – clúidíní saora do mháithreacha na hAfraice agus a leithéid diúltaithe dár máithreacha féin, fir dhorcha ag iarraidh bhan óg na hÉireann a dhéanamh torrach d’fhonn fanúint anseo, nach bhféadfaí fáil isteach sna hospidéil mháithreachais bhí ag cur thar maoil chomh mór sin le heachtrannaigh, go raibh bean ón Nigéir a shaolaigh leanbh amháin de chúigirín ina tír féin agus ceathrar in Éirinn, go raibh eagla ar ghnáthmháithreacha na hÉireann ina gcuid barda féin roimh an tuile isteach ón Afraic, go raibh daoine ar fud an domhain ag iarraidh a shocrú go saolófaí a gcuid leanaí in Éirinn ar son duaiseanna an leasa shóisialaigh...

Cothrom an lae seo, 10 mbliana ó shin, d’athraigh Éire. Cothrom an lae seo, deich mbliana ó shin, nuair a cheapamar go rabhamar saibhir, d’éiríomar sprionlaithe. Cothrom an lae seo deich mbliana ó shin ní raibh ann feasta ach gach duine ar a shon féin; agus nuair a theip ar an gcóras ní raibh fós againn ach gach duine is gach aicme ar a shon féin ar ais.

Gan amhras, dá dtiocfaí i bhfad na haimsire ar reilig chomónta na mílte páistí a dhíbríomar thar loch amach de thoil phobail le comhghairdeachas daonlathach ní bheimis aon phioc ciontach ina mbás, ach an oiread leis an tuama i dTuaim…