Thiocfadh leat mórán lochtanna a fháil ar an Ultais – an chaint áitiúil sin atá le fáil thall is abhus ar imeall oir-thuaisceart na hÉireann. Thiocfadh leat locht a fháil ar an bhearna ollmhór idir an chaint mar a scríobhtar í agus mar a chantar í; ar an litriú; ar an pholaitiú gan náire a dhéanann an DUP uirthi; ar mhí-éifeacht Tha Boord o Ulstèr-Scotch, leathbhádóir Fhoras na Gaeilge; ar na cláir theilifíse nach mbíonn thar moladh beirte.
Níl mórán le moladh faoina bhfoilsítear san Ultais. Níor éirigh le foilseachán ar bith greim a fháil ar shamhlaíocht an phobail ó foilsíodh The Hamely Tongue le James Fenton. Sa bhliain 1995 a foilsíodh an téacs ceannródaíoch sin agus ní dócha gur áibhéil a rá nach raibh oiread airde ag an phobal mór ar leabhar ar bith eile ó shin. Go dtí an lá atá inniu ann, b'fhéidir.
Nó seo chugainn Tha Fower Gospels: Matthew, Mark, Luke and John in Ulster-Scots (The Ullans Press).
Tugann an t-eolas ar chúl an leabhair ábhar machnaimh duit: “Ulster-Scots is the native tongue of many rural communities in Northern Ireland...” “Many”? “Northern Ireland”? Cad chuige, mar sin, nach “Northern-Irish Scots” atá uirthi? Cad é a tharla do chainteoirí Dhún na nGall?
Mar sin féin, mar sin féin, mar sin féin, ó tharla gur téacs Críostaí atá ann, bímis carthanach.
Oibrithe deonacha Ultaise agus aistritheoirí gairmiúla an Bhíobla atá freagrach as an aistriú seo go hUltais agus ní thiocfadh leat gan aitheantas a thabhairt don dua a chaith siad leis an fhiontar.
Cad é an aird a bheidh ag daoine ar an leabhar nua?
Tá rud inteacht iontach rómánsúil faoin fhiontar ar fad, daoine ag obair leo go dícheallach le saothar bunaidh creidimh a thiontú ó Bhéarla – tá barraíocht Béarla ar domhan againn – go caint thíriúil an teallaigh.
Mura ndéanann an téacs rud ar bith eile, is cinnte nach rachaidh daoine a mhagadh faoi de bharr gur téacs cráifeach é agus is beag duine a bhfuil spéis sa spioradáltacht aige nach gcuirfidh spéis ann.
Ar an chuid is lú de, is glór sainiúil Críostaí é.
Ach an gcuirfidh an pobal mór spéis ann? Sin, is dócha, an áit a mbeidh deacracht ann. Tá an claonadh sin – nó an riachtanas sin – le fad láimhe a chur idir caint na ndaoine agus teanga liteartha a chumadh le sonrú go láidir san Ultais anseo. Ní chluinfidh tú duine ar bith go deo ag caint ar an dóigh a labhrann daoine sna Soiscéil anseo. Ní hionann sin is a rá nach mbainfidh daoine sult as é a léamh.
Fágaim sliocht beag as an Soiscéal de réir Naomh Eoin agat nó “Guid Wittins frae Jhone”: “Richt at tha stairt, ye haed tha Wurd. Tha Wurd wus thair alang wi God, an tha Wurd wus God. He wus thair alang wi God richt frae tha stairt. Iverie last thing wus made throu hïm; athoot hïm, naethin ava was iver made. In hïm wus life, an thïs life wus tha licht o mankine. Tha licht beams ïn tha mirk, but tha mirk cannae pit it oot.”
Anois sin agat filíocht!
Deja vu in Albain
Agus TG4 beagnach 20 bliain ar an saol, is minic a ritheann sé liom nach bhfuil duine ar bith le Gaeilge nó áit ar bith in Éirinn nach raibh le feiceáil ar an stáisiún ag am amháin nó eile. Seans go bhfuil an fhadhb chéanna ag a gcomrádaithe ar BBC Alba.
Ag amharc ar dhá chlár ar stáisiún na Gàidhlig a bhí mé an tseachtain seo caite – Calanais: Full Circle – clár faisnéise faoi ionad turasóireachta in aice leis na galláin cháiliúla ar Leòdhas agus Kerry is Kirsty: Rothan gu Robhanais, clár siamsaíochta faoi dheirfiúracha agus iad ag rothaíocht in Inse Ghall.
Tharla go raibh an bheirt 'K' ar Leòdhas fosta an oíche a raibh mise ag amharc orthu agus tharla go raibh comhrá acu le duine de na daoine a bhí ar Calanais: Full Circle an oíche roimh ré.
Sin agat saol oileáin gan amhras.
Téama eile a bhí sa dá chlár ná go raibh turasóirí agus rothaithe le cluinstin ag gearán faoi chúrsaí aimsire. Bhí ionad na gcuairteoirí ag cailleadh airgid de bharr na drochaimsire. Bhí mná cróga na rothar báite go craiceann ag an fhearthainn agus feannta go cnámh ag an ghaoth agus iad ag rothaíocht leo ar oileáin áille Inse Ghall.
(D’imigh smaointeamh rómánsúil ar bith de mo chuid féin rothaíocht a dhéanamh ar na hoileáin i ndiaidh dom eachtra an bheirt bhan a bhreathnú.)
Mar sin féin, is beag gaoth – ahem! – nach séideann maith ar bith.
Bíodh is nach bhfuil ach ‘cúpla focal’ Gàidhlig agam, tá mé measartha cinnte de gurb ionann “fliuch” sa dá theanga.