An samhradh nach bhfilleann

Slán leis an samhradh – ar éigean go raibh aithne againn air!


Tá an samhradh gan a bheith ag filleadh ar Éirinn, nó ar feadh tamaill fós, is b’fhéidir go dtiocfadh arís is ar tharla cheana nach bhfuil dearmadta ar nós samhradh gach gasúr is girseach mheánscoile a bhí sna laethanta meala sin i mí an Mheithimh nuair a bhí an ghrian ag taitneamh is nach trua nach raibh na scrúduithe le déanamh i rith an tsamhraidh ar fad mar bheadh an aimsir go hálainn dúinn go léir is beidh na daltaí céanna dár rialú laistigh de dheich mbliana má bhíonn an t-ádh leo ar nós iníonacha agus clann mhac na heastaiblisminte nach dtuigeann gur eastaiblisminteoirí iad agus an samhradh sin leis go raibh comórtas peile na hEorpa againn agus nuair a bhuaigh nead phréacháin sin na hÍoslainne in airde ar imeall mhol an domhain ar an tsean-namhaid nach sean-namhaid níos mó í dúinn agus ghluais na céadta de mhílte amach go Sancho Panza agus go Cosaí Deasaí chun an braon anuas a sheachaint gach lá agus chun go bhfeicfí an meall sin sa spéir a thugtaí an ghrian air fadó agus ansin bhí breis agus 100 lá curtha isteach ag an Rialtas agus sinn ag faire na scoilteanna cheana féin agus ag dúil go ndéarfadh duine éigin rud éigin amaideach d’fhonn an cian a thógáil dínn agus gan amhras tagann an guth aniar aneas a mhaíonn nach bhfuil aon bhaint ag broimneach na mba i gCiarraí le téamh an domhain agus má tharlaíonn go bhfuil an ceart aige ní bheidh a fhios againn go ceann na gcéadta bliain ar aon nós agus ar an gcuma chéanna i ngan fhios dúinn thosnaigh cluichí chraobh na hÉireann agus in ainneoin an ghnáthgheit anseo is ansiúd tagann aníos as an soitheach na foirne céanna bliain i ndiaidh bliana agus cé go bhfuil go hiontach i gcónaí thabharfá rud ar bith ar fhoireann peile as Fear Manach nó foireann iomána as Contae Lú a bheith ag iomaíocht sna beanna deireanacha den chomórtas ach tháinig na cluichí eile sin chugainn as Rio a thug ardú meanmna dúinn sna maidneacha dorcha tar éis an Mheithimh agus go ró-áirithe nuair a sheol Analise an bhóchna go healaíonta agus na Donnabhánaigh ag roiseadh leo rámh ar rámh leis na curachóirí ab fhearr ar domhan ach gur dhorchaigh an feall a déanadh ar na dornálaithe an spéir siar amach agus nuair a bheidh na daltaí ar ais ar scoil agus na mic léinn sna tithe tábhairne arís agus Páirc an Chrócaigh ciúin tar éis gach liú cloisfear chéadamhráin na Nollag ar an ngaoith agus cromfar ar chaint leamh a dhéanamh timpeall ar an mbuiséad agus tiocfaidh tuirse ar dhuilleoga na gcrann a chromfaidh ar luascadh go ciúin anuas ar na sráideanna áit a sleamhnóidh daoine orthu óir níl go leor glantóirí fostaithe ceal airgid seachas a bhfuil ag na bainc agus i gcuntais thar lear agus brisfear cromáin chun daoine a leagadh ar thrallaíonna sna hospidéil áit nach bhfuil dóthain foirne fostaithe ceal airgid seachas an méid a tugadh do na bainc agus i gcuntais thar lear agus beimid in ann slán a fhágáil i gceart leis an samhradh nach mbeidh ag filleadh ar Éirinn go ceann…