Amach romhainn

Is í an cheist is gátaraí, ná cad tá le déanamh?


Bheadh sé furasta foclóir an uafáis a thaoscadh go bun ag trácht ar bharbaracht an deireadh seachtaine i bPáras.

B’fhéidir gur cheart é sin a dhéanamh. Uaireanta caithfear an racht id chroí a chur os ard, uaireanta is gá an bhinb a scaoileadh.

Bheadh sé furasta, leis, na cúiseanna a thaighdeadh agus stair léanmhar na Fraince agus na nArabach a rianadh arís eile. Scéal fada a ghabhann siar chomh fada agus is mian leat atá ann, agus níl aon duine ag iarraidh é sin a chloisint arís, go háirithe anois.

Is í an cheist is gátaraí, ná cad tá le déanamh? Nuair a bheidh an t-uafás seo síothlaithe siar sa chuimhne i dteannta gach uafáis eile – agus síothlóidh – beidh an baol fós ann, beidh an sceimhle fós ar na sráideanna, an t-eagla ar an aonach, an fhaichill san amharclann, an tsúil aniar sa bhialann. Beidh an t-aer ramhar le bagairt na marbh i gcónaí.

READ MORE

Is den daonnacht an díoltas, gan amhras. Is den daonnacht go mbeadh mar fhreagra tosaigh dul ag bualadh deas agus clé agus idir eatarthu. Cad eile a dhéanfá i gclós na scoile dá bhfaighfeá dorn sa phus? Cloistear polaiteoirí agus eile ag éamh: ‘Caithfear rud éigin a dhéanamh?’

Caithfear, is fíor, ach cad é?

B’fhiú smaoineamh siar ar ar dhein na Stáit Aontaithe tar éis 9/11. Dhein buíon bheag de sceimhlitheoirí, a bhformhór ón Araib Shádaisteach, ionsaí ar Nua-Eabhrac. An toradh? Ionradh a dhéanamh ar an Iaráic! Agus a thoradh sin arís? Is rómhaith is ró-eol dúinn gach tubaist a lean.

Má tá tú ag cromadh ar bhualadh deas agus clé, b’fhearr go mbeadh a fhios agat cad í an iarmhairt a bheidh air. Agus ós ní é gur madhmú cuartach i slabhra fada gach beart míleata nach bhfeadair cá bhfuil a scor, d’oirfeadh machnamh éigin dá éadomhaine féin é.

Is cinnte gurb í an tslándáil is riachtanaí ar fad i dtosach. Tuilleadh eolais, tuilleadh faisnéise, tuilleadh fianaise, tuilleadh feasa, tuilleadh faire, tuilleadh bheith istigh i measc na bpobal ina bpleanáiltear na bearta barbartha. Déanfar sin, a fhad is a ghabhann. Ach ní ghabhfaidh sin an bóthar ar fad, dá fheabhas is mar a bheidh. Is leor aon pholl beag amháin in eangach leathan na slándála chun gach seift a chur ó rath.

Tá sin géibheannach thar amhras i láthair na huaire. Ach cad is féidir, nó ba cheart a dhéanamh i bhfad na haimsire? An bhfuil réiteach ar bith amuigh ansin a bheadh cothrom agus cóir?

Mo thuairim féin nach réiteach ar bith é a thuilleadh buamála, an chéad smaoineamh a chuaigh trí chloigeann na n-údarás san Fhrainc. Intuigthe, adéarfá, ach cad chuige? An bhfuil aon tír nó sciar de thír ar bith ar chlár na cruinne atá buamáilte níos troime agus níos leanúnaí ná an tSiria?

Tá Assad á buamáil, tá na Ruisigh á buamáil, tá na Meiriceánaigh á buamáil, tá na Francaigh á buamáil, agus tá na Briotanaigh ag bagairt ar í a bhuamáil ar eagla go bhfágfaí lasmuigh den chluiche mór iad.

Agus seo á léamh agat anois go díreach, is é is dóichí go bhfuil cith roicéad agus frasa báis ón spéir ag titim anuas ar Al-Raqqa agus ar Aleppo agus ar Saraqib agus abair leat. Agus chun críche…?

Ní chloífear ISIS leis an mbás anuas ón spéir. Ní dhéanfar é gan, mar adeir siad, ‘buataisí ar an mblár’.

Níl aon cheann de na cumhachtaí eachtrannacha sásta sin a dhéanamh, óir tiocfaidh boscaí na bhfear óg abhaile arís dúnta suas go dlúth. Ach cuir i gcás go scriosfar iad, agus déarfadh duine ar bith le ruainne daonnachta ann go bhfuil sin tuillte acu, cad a tharlóidh ansin?

I dtosach bhí an Taliban, ansin Al-Queda, agus anois ISIS, gach ceann níos déine ná a chéile. An dóigh leat, lándáiríre, lámh ar do chroí, dá ruaigfí ISIS de thalamh an domhain gurb é sin deireadh an scéil?

Dá ndéanfaí ionradh eile fós ar thír Arabach, agus dá marófaí cúpla céad míle eile duine, dá dtógfaí campaí géibhinn ó thaobh taobh na ngaineamhlach, dá dtabharfaí rialú AnglaFhrancachPhoncánach ar ais, dá sracfaí gach caille agus gach hijab agus gach niqab anuas de gach bean Mhoslamach, an dóigh leat lándáiríre ar fad ar fad, go réiteodh sin an cheist?

Fuílleach an áir atá in ISIS. Is iad an mhuintir iad a díbríodh nuair a buadh ar an bpobal Sunni san Iaráic, agus sa tSiria. Nuair a phlancfar, cad a dhéanfar dá éis? Ní rachaidh an pobal sin as faoi bhun iad go léir a mharú. Caithfear uair éigin socrú polaitiúil a dhéanamh leis an bpobal áirithe Sunni sin atá lasmuigh de dhioscúrsa an domhain faoi láthair.

Is í an cheist eile, an mbeidh aon cheannairí réasúnta fágtha acu nuair a bheidh deireadh déanta leo an turas seo?