Tá an gleann go haoibhinn ar maidin, an ghrian ag lonnrú ar chorrshraoillín ceo agus an radharc anonn go Néifinn taibhsiúil.
Tá sé chomh maith agam lán mo shúl a bhaint as óir má fhaigheann Eirgrid a bhealach athróidh sé go mór sna blianta atá amach romhainn. Tá líne de phiolóin ardchumhachta beartaithe ag Eirgrid idir Béal Átha an Chomhraic i dTuaisceart Mhaigh Eo agus Contae Liatroma mar chuid d’fhorbairt mhór náisiúnta atá ag dó na geirbe ag 19 contae faoi láthair. Aithnítear an gá le líne ardchumhachta ach an teachtaireacht ón bpobal anseo ná “cur faoi thalamh í”.
Beidh na Fathaigh Ollmhóra Iarainn, a bheidh idir 27 méadar agus 43 méadar ar airde, ag máirseáil trasna na tíre ag scriosadh áilleacht an cheantair.
Cé go ngoilleann sin ar gach uile dhuine ní hé milleadh an radhairc an chloch is mó ar a bpaidrín. D’fhéadfadh an líne a bheith i bhfoisceacht 50 méadar do theach.
Deir Eirgrid go bhfuil córas comhairliúcháin ar siúl acu le fada ach is beag aird atá tugtha acu ar imní an phobail. Tá an chluas bhodhar tugtha don éileamh an líne a chur faoi thalamh. Tá an pobal fad an bhealaigh á n-eagrú féin.
Thosaigh Eirgrid i mbun comhairliúcháin ar líne an Iarthair timpeall sé mhí ó shin agus bhí roinnt bealaí faoi chaibidil, a dúradar. Fógraíodh an bealach is ansa leo cúpla seachtain ó shin.
Tháinig litreacha chuig na húinéirí talún seachtain ó shin agus léarscáileanna a thaispeáin an chuid den líne a thrasnaigh a gcuid talún. Níl aon teacht ar léarscáil iomlán den bhealach, ní mór d’úinéirí míreanna mearaí a dhéanamh lena gcuid léarscáileanna chun an líne iomlán a dhéanamh amach.
Faitíos faoi shláinte an rud is mó atá ag goilliúint ar an bpobal. Rinneadh beag is fiú faoin imní maidir leis an éifeacht leictreamaignéadach ag na laethanta eolais agus is é sin an rud is mó atá ag cothú sceoin i measc an phobail. Deir Eirgrid go bhfuil an imní seo gan bhunús; tagraíonn siad ina gcuid bileog eolais do thuairisc ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a thuairiscíonn nach bhfuil aon chruthúnas ann go bhfuil ceangal idir an réimse leictreamaignéadach agus sláinte. Luann an pobal staidéir eile a thugann a mhalairt le fios agus is léir nach gcreideann siad Eirgrid. Tá ceisteanna ag feilméirí faoi shábháilteacht a gcuid stoc agus ag fiafraí an ndéanfar díobháil dóibh agus don bhiashlabhra níos faide anonn?
Luach maoine an imní mhór eile. Tá daoine den tuairim go gcaillfidh siad 30 faoin gcéad de luach na maoine, luach atá buailte cheana féin ag an gcúlú eacnamaíoch. Tá mórán lánúineacha a fuair morgáistí móra le tithe a cheannach agus a shíleann nach mbeidh luach ar bith le fáil acu má bhíonn piolóin sa gharraí céanna leo nó in aice láimhe.
Braitheann Maigh Eo agus Liatroim go mór ar thurasóireacht agus is cinnte nach gcuideoidh piolóin ollmhóra le forbairt an tionscail sin. Tá an líne atá beartaithe le hAbhainn na Muaidhe le trasnú agus le dul cóngarach do Loch Conn, áit a bhfuil tionscal láidir iascaireachta. Is tearmann é an loch d’ainmhithe agus d’éanlaith agus, cé go mbíonn an pobal ag gearán gur mó aird a bhíonn ar ainmhithe ná ar dhaoine, b’fhéidir gurb éan nó ainmhí neamhgháthach éigin a shábhálfaidh an ceantar.
Tá amhras faoi Eirgrid agus a gcur chuige léirithe go láidir anseo, daoine ag gearán faoin bpróiseas agus faoi litreacha a sheol an comhlacht ag maíomh go raibh siad i mbun comhfhreagrais leanúnaigh le daoine. Tá nasc déanta leis an Eagraíocht in Oirthuaisceart na Tíre, North-East Pylon Pressure atá ag gabháil d’fheachtas den chineál céanna le sé bliana agus tá eagraíocht náisiúnta beartaithe. Eagrófar slógaí i ngach ceantar a bhfuil líne ardchumhachta os cionn talún beartaithe dó.
Ardaíonn an scéal seo amhras faoi pholaiteoirí freisin. Nuair a d’ainmnigh an tAire Pat Rabbitte, John O’Connor, iarchathaoirleach an Bhoird Pleanála mar chathaoirleach ar Eirgrid, chothaigh sin níos mó amhrais fós.
Cé go ndeirtear go bhfuil cúlbhinseoirí a pháirtí féin agus cúlbhinseoirí Fhine Gael in adharca leis an Aire is beag atá cloiste faoi i Maigh Eo ónár dTeachtaí Dála.
Maidir leis na comhairleoirí contae is cosúil nach bhfuil le seasamh leis an bpobal ina n-éileamh ar chóras faoi thalamh ach Sinn Féin agus corr-neamhspleáchaí. Beidh na toghcháin áitiúla Meitheamh seo chugainn iontach suimiúil.