Ag comóradh éachtaí Casement 100 bliain ó shin

Tuairisc Putumayo Mhic Easmuinn an dara tuairisc thábhachtach a scríobh sé

Tá 100 bliain ann (13ú Iúil) ó d’fhoilsigh Teach na dTeachtaí an tuairisc dheireanach a scríobh an fear cróga sin Ruairí Mac Easmuinn faoi na hainghníomhartha a imríodh ar na daoine dúchasacha a bhí ag obair don Peruvian Amazon Company i Meiriceá Theas.

Bhí an comhlacht cláraithe sa Bhreatain agus nuair a leathadh tuairiscí de mhí-úsáid na n-oibrithe dúchasacha, cuireadh Mac Easmuinn, consal-ginearál na Breataine i Rio de Janeiro, go dtí an Putumayo chun imscrúdú a dhéanamh.

Ba é tuairisc Putumayo Mhic Easmuinn an dara tuairisc thábhachtach a scríobh sé mar nocht sé i 1904 an drochúsáid uafásach a bhí ag tarlú do na dúchasaigh mhífhortúnacha a bhí ag obair ar fháschoillte rubair rí na Beilige Leopold II sa Chongó.

D’fhéadfaí a rá go bhfuil níos mó suime ag daoine i Ruairí Mac Easmuinn ná mar atá i mbeagnach duine ar bith eile i stair na hÉireann.

READ MORE

Bhí páirt ag Ruairí Mac Easmuinn i sraith eachtraí stairiúla nach bhféadfadh leis an ngnáthdhuine ach samhlú ar pháirt a bheith aige iontu. Bhí sé san Afraic ó 1884 go 1903, i rith thréimhse mire coilínithe na hEorpa – “an sciolairt don Afraic” mar a thugtar go coitianta air.

Ansin ar aghaidh leis go Meiriceá Theas, áit a raibh sé idir 1906 agus 1911.

Bhí sé ar ais in Éirinn arís ó 1911 go 1914 ag obair ar son féinrialach agus ghluaiseacht na nÓglach agus, ar deireadh, chaith sé tréimhse sa Ghearmáin ó 1914 go 1916 ag lorg cabhrach d’éirí amach in Éirinn.

Tá fianaise ann go raibh Mac Easmuinn ina náisiúnaí óna óige. Ach is beag an dabht atá ann go raibh sé dílis don impireacht Bhriotanach ar a laghad chomh fada síos le Cogadh na mBórach 1899-1902.

Ach cuid de na rudaí a tharla le linn an chomhraic sin, bhain siad an dalladh púicín de maidir leis na buntáistí a bhaineann le himpiriúlachas.

Bhí an-tionchar go deo ag an athbheochan chultúrtha in Éirinn ag deireadh an 19ú haois agus ag tús an 20ú haois air. Chuaigh Conradh na Gaeilge i bhfeidhm go mór air ach go háirithe.

I mí an Mhárta 1904, scríobh sé an dán álainn seo faoin dteanga:

“It is gone from the hill and the glen, /The strong speech of our sires; /It is sunk in the mire and the fen/Of our nameless desires. /Like the flicker of gold on the whin /That the spring breath unites,/It is deep in our hearts and shall win/Into flame where it smites.”

Ní raibh mórán Gaeilge aige féin ach chreid sé nárbh fhéidir náisiúntacht a bheith ann gan an teanga.

Thóg sé de chúram air féin coláistí a eagrú sa Ghaeltacht chun an teanga a mhúineadh.

Bhí sé ina bhall den choiste a chuir tús le Feis na nGleann i ngleannta Aontroma i 1904.

Ón uair a chroiche i bPríosún Pentonville i Londain i Lúnasa 1916, agus fiú amháin roimhe sin, tá na dialanna a scríobh sé ina n-ábhar conspóide a leanann go dtí an lá atá inniu ann

Cuireann siad in iúl gur homaighnéasach a bhí ann a raibh a lán caidreamh ócáidiúil aige.

Pé rud faoi sin, ní raibh moráltacht ar bith ag baint leis an úsáid a bhain na Sasanaigh as na dialanna chun deimhniú de go bhféadfaidís é a chrochadh.

Is beag duine inniu a gcuirfeadh sé isteach air go raibh Mac Easmuinn ina homaighnéasach ach ba chóir go ndéanfadh a chomhthírigh cuimhneamh ar an mhaitheas mhór a rinne sé le linn a shaoil.