Beocheist:Nuair a dhúisigh mé ar maidin bhí an ghrian ina maide fada caol buí ar an síleál. Shíneas amach mo lámh le breith air mar sa leathchodladh b'fhacthas dom go mba peann luaidhe é.
Ag dul a luí dom is é a bhí mar ábhar machnaimh agam, freagra an scríbhneora Faulkner ar an gceist: cad a bhí riachtanach le scríobh? Peann luaidhe. Rud eile a chualas le déanaí, gur chuig Tuaisceart na hAfraice a théadh Beckett ar laethanta saoire. Bhuel, arsa mise liom féin go heolgasach, bhíos díreach tar éis teacht ar ais ón Túinéis, bhí Fraincis aige.
B'é an chéad uair agam ann é, nó in aon chuid den Mhaigréib, mar a thugtar ar Mharacó, an Algéir, An Túinéis agus an Libia, atá taobh thíos den Spáinn, den Fhrainc, den Iodáil agus den Ghréig faoi sheach. Luaim an ceangal seo mar níorbh fhada ann mé, cumhra na seasmaíne ag dul i bhfeidhm orm ní foláir, go rabhas ag déanamh athchóiriú ar an Aontas Eorpach.
Má d'aistrigh méadú 2,004 crosbhóthar an Aontais soir ón Bhruiséil go Beirlín, shíleas, má tá an Tuirc ar a bhealach isteach, cén fáth, dá dtogródh na tíortha seo é, nach mbeidís ann freisin, agus an Mheán-Mhuir arís ina crosbhóthar, mar a bhí tráth.
Maidir le cúrsaí creidimh dúradh liom, agus b'fhacthas dom, go raibh saoirse iomlán ó thaobh leithéidí éadach na mban, ól alcóil, dul chuig an mosc agus freagairt don ghlaoch chun paidreoireachta. Tá ardeaglais bhreá ar phríomhshráid an phríomhbhaile, Túinis, é fágtha, mar aon le líofacht sa bhFraincis, mar uacht ó na Francaigh a raibh an Túinéis mar choimirceas acu sna blianta 1881-1956. Níorbh iad ba thúisce a tháinig le smacht a chuir ar chúrsaí trádála fánaithe an fhásaigh, na Beirbir.
Míle bliain RC is ea chuir na Féinicigh fúthu ann gur lean ina ndiaidh sin na Rómhánaigh, Críostaíocht Bhiosántach gur tháinig ansin Ioslamachas na nArabach, gur fhan na Múraigh tamall, gur lean neamhspleáchas 300 bliain, gur tháinig Otamáin na Tuirce a rialaigh go raibh éirí amach ina gcoinne gur tháinig ar deireadh na Francaigh. Tá a rian fágtha acu ar fad ar an tír - iarsmaí na Carthaige taobh amuigh de chathair Thúinis, iarsmaí chathracha Rómhánacha ar fud na tíre agus na mósáiceanna a bhí iontu anois ar an mbailiúchán is mó mósáiceanna Rómhánacha ar domhan.
Ceann de "cheithre gheata chun na bhflaithis" is ea Kairouan - Mecca, Medina agus Iarúsailéim na cinn eile. Lár-ionad déantúsaíochta cairpéad is ea an baile seo, nár éalaíos as gan ruga fada dearg a cheannach don halla agus síneadh láimhe a thabhairt don bheirt a rinne beart de.
Sa mbaile nó i mbialanna a óltar alcól agus in áit an teach tábhairne tá an 'café maure' (múrach), áit a n-óltar 'thé de menthe' nó caife láidir ar chuisíní compórdacha agus cácaí beaga almóine nó dátaí ar bhoirdín beag os do chomhair amach.
Is cuimhin liom, le dul faoi na gréine i gCafe des Nattes, gur bhraitheas suaimhneas a tháinig leis a gceol ón éanadán greanta sa chúinne agus gur airíos cosúlacht idir shean-nós Chonamara agus an ceol ag teacht ón gcóras fuaime, gur shíleas go bhféadfadh go bhfuil an ceart ag Bob Quinn sa méid a deir sé in Atlantean (1985) faoin ceangal cultúrtha seo.
Ní hé an ceol amháin a bhí ag réiteach liom ach bhíos tar éis tráthnóna aoibhinn earraigh a chaitheamh sa Chartaig, ceann scríbe, fáth agus ábhar mo thurais. Murab ionann agus Úna Ní Mhaoileoin a admhaíonn ina leabhar Turas go Túinis (1969) gur "peaca marfach é" nach ndeachaigh sí ann, a luaithe a bhaineas amach an phríomhchathair, bhíos ar an traein leictreach ar mo bhealach ann.
Amach uaim trasna stráice beag farraige bhí péire simnéithe arda, stríopaí dearga agus bána mórthimpeall orthu, gur cuireadh an radharc ón Dart ó dheas i gcuimhne dom. An Aenid i mo phóca agam, chonaiceas greann sa chosúlacht idir mé agus lucht léite Ulysses ag lorg eolas na slí chuig Túr an tSeoighigh.
Is sa Chartaig, i dteannta na banríona a thóg an chathair sa bhliain 814 RC, atá Aenéas i leabhar IV d'eipic Virgil. Dido ainm na banríona san eachtra thragóideach seo, nó mar a tugadh uirthi ina hóige, Elissa. Ag trácht ar eipicí, tá baint ag dhá oileán éagsúla amach ó chósta na Túinéise le heachtraí, Circe agus an Lucht ite Lótais, san Odaisé le Hóiméar.
Ní turas eipiciúil, ach ticéad ó ghníomhaire taistil, a thug mise chun na Túinéise, ach maireann i mo chuimhne cumhra an cous cous a d'itheas sa medina, seanbhaile Thúinis, agus pléisiúr na mbuicéad uisce te a doirteadh anuas orm sa bhfolca Turcach ar a dtugtar Hammam.