Theip ar fheachtas sna 1970í Tithe an Oireachtais a ghaelú

LÉIRÍONN COMHAID stáit atá díreach scaoilte saor faoin “riail 30 bliain” gur chuir ceannasaíocht Fhine Gael cor coise ar fheachtas…

LÉIRÍONN COMHAID stáit atá díreach scaoilte saor faoin “riail 30 bliain” gur chuir ceannasaíocht Fhine Gael cor coise ar fheachtas a bhí ar bun le dhá bhliain i ndeireadh na 1970í le Tithe an Oireachtais a ghaelú.

In Eanáir na bliana, 1979, thug Cathaoirleach Bhord na Gaeilge, Liam Ó Murchú, cuairt ar an Taoiseach Jack Lynch agus moladh aige i leith úsáid na Gaeilge sa Dáil agus sa Seanad.

Ag eascairt as an chruinniú sin, chuir Ó Murchú cáipéis le chéile don Aire Stáit Paddy Lalor – a bhí ina phríomhaoire ag an am – inar bheachtaigh sé polasaí Bhord na Gaeilge i leith an dátheangachais i dTithe an Oireachtais. Thabharfadh díospóireachtaí Gaeilge sa Dáil spreagadh do chlár an bhoird an dátheangachas a chur chun tosaigh i réimsí eile den saol poiblí.

Beartaíodh go mbunofaí Coiste Traspháirtí leis an phlean a chur i gcrích. Mheas an coiste sin nach mbeadh mórán éifeachta ag an phlean, áfach, dá bhfágfaí faoina ndeoin féin é ag Teachtaí aonaracha labhairt i nGaeilge.

READ MORE

Ina áit sin, mhol an Coiste go labharfaí le hairí ag a raibh líofacht áirithe acu “with a view to their including some Irish in, for instance, Second Reading and other important speeches. The initiation of that kind of regular presence of the language in the Houses would undoubtedly encourage a more widespread response which the Committee would of course further stimulate,” a scríobh Ó Murchú chuig an Taoiseach ar 10ú Bealtaine, 1979.

Mar bhuaicphointe ar an phlean, bhí sé i gceist ag Bord na Gaeilge preasagallamh mór a reachtáil gar do Sheachtain na Cásca ina dtabharfadh an Taoiseach thar ceann Fhianna Fáil, an Dr Garret Fitzgerald thar ceann Fhine Gael agus Michael O’Leary thar ceann Pháirtí an Lucht Oibre, a dtacaíocht agus a mbeannacht do na beartais.

Ba léir go raibh Ó Murchú, a bhí ina chraoltóir aitheanta ag an am, ag feidhmiú ag leibhéal an-ard Rialtais agus cluas fhábhrach tugtha ag an Taoiseach agus ag Cathaoirleach an tSeanaid, Séamus O Dóláin, don phlean. Scríobh Jack Lynch chuig a chuid airí rialtais ag impí orthu níos mó Gaeilge a úsáid agus fuair sé gealltanas i scríbhinn óna bhformhór acu.

Is léir, áfach, nach raibh gach duine tógtha leis an phlean seo agus scríobh státseirbhíseach sinsireach amháin i nóta eolais go mbeadh sé níos fóirsteanaí don Uasal Ó Murchú an cheist a phlé le hAire na Gaeltachta, Donncha Ó Gallchobhair, seachas leis an Taoiseach.

Ach ní raibh an Coiste Traspháirtí ag tarraingt lena chéile, ná baol air. Rinne státseirbhíseach amháin tagairt don “considerable friction” a bhí ag na cruinnithe a d’eascair as ar tharla le linn Thráth na gCeist sa Dáil ar 21ú Feabhra, 1979, nuair a thug an tAire Stáit sa Roinn Tionscail, Tráchtáil agus Fuinnimh, Máire Geoghegan-Quinn (a bhí ag déanamh ionadaíochta ar son Aire na Gaeltachta) freagra i nGaeilge amháin ar cheist a chuir an Teachta Jim White (FG).

Dhiúltaigh an tAire Stáit an cheist a fhreagairt arís i mBéarla ar achainí ó White agus mheas Teachtaí áirithe go raibh sé seo drochmhúinte.

“Consequently, when the informal all-party committee had its meetings, the Fine Gael representatives indicated that they would not be prepared to enter into discussions on the matter of the extension of the use of Irish in both Houses until this matter had been satisfactorily resolved,” a scríobh státseirbhíseach amháin.

Tháinig Cathal Ó hEochaidh i gcomharbacht ar Jack Lynch i Nollaig 1979, ach sheas seisean leis an gheallúint a thug an Loingseach páirt a ghlacadh sa phreasagallamh. Mhair an teannas sa Choiste Traspháirtí, áfach, ó tharla go raibh Aire na Gaeltachta diongbháilte gur i nGaeilge amháin a d’fhreagrófaí ceisteanna forlíontacha chuige.

I meamram ar 8ú Nollaig, 1979 scríobhadh: “Fine Gael have made a big issue of this point and are not prepared to make any move on Liam O’Murchús proposals unless it is agreed that the Minister for the Gaeltacht should reply to supplementary questions in English. This would be a retrograde step and Liam O’Murchú had indicated that he certainly would not regard it as appropriate to yield to the Fine Gael demand.”

Lean Ó Murchú ag impí ar an rialtas an preasagallamh a ghairm agus é den tuairim go raibh tacaíocht thraspháirtí ann dó. Nuair a fiosraíodh an scéal, áfach, fuarthas amach nach raibh Fine Gael ar bord go hiomlán cé go raibh Páirtí an Lucht Oibre i bhfách go mór leis.

Thug an Teachta Michael Begley ón Daingean, a bhí i mbun idirbheartaíochta d’Fhine Gael ar an ábhar, le fios go neamhbhalbh nach raibh siad ag iarraidh go bhfaigheadh an plean aon phoiblíocht sna meáin ar eagla nach n-éireodh leo a sprioc a bhaint amach.

“Mr O’Murchú explained that this does not suit what he has in mind and he is very anxious that they should be started off with a lot of publicity,” a dúradh i meamram de chuid na státseirbhíse.

Cuireadh dáta an phreasagallaimh siar arís is arís eile. Cé go raibh an rialtas fós ag tacú leis an phlean, thug an tAire Stáit i Roinn an Taoisigh, Seán Moore, le fios don Uas Ó Murchú nach bhféadfaí iarratas foirmeálta a dhéanamh chuig an Taoiseach go dtí go dtabharfadh sé tuairisc dó faoina chuid cainteanna le ceannaire Fhine Gael.

Ach chuir an Dr Garret Fitzgerald caipín an bháis ar an phlean don seoladh. I litir a scríobh sé chuig Ó Murchú ar 25ú Meitheamh, 1980 rinne sé maolú mór ar a raibh molta.

Dúirt sé gur phléigh sé an t-ábhar ag cruinniú de bhinse tosaigh an pháirtí agus gur aontaíodh nach dtacódh Fine Gael le húsáid bhreise na Gaeilge sa Dáil ach amháin sa chás go mbeadh líofacht sa teanga ag an aire cuí agus ag urlabhraithe an fhreasúra ar an ábhar sin. Dúirt an Dr Fitzgerald go raibh cúig roinn ag an am sin a bhféadfadh a leithéid a bheith i gceist ann.

Ag deireadh na litreach, áfach, chuir sé clabhsúr nach mór leis an fheachtas nuair a léirigh sé dearcadh cheannasaíocht Fhine Gael ar an ábhar: “However, there was an unanimous view that these matters, while worthwhile, would not be sufficiently significant to warrant a press conference which might in fact be counter-productive, and that in any event it would be wise to wait and see how successful we are before beating the drum.”

Buille an bháis ab ea an litir sin don phlean i leith ghaelú Thithe an Oireachtais agus tháinig deireadh leis an chomhfhreagras go luath ina dhiaidh sin.

Maidir le diúltú rialtas Fhianna Fáil an ama sin ceisteanna breise Dála chuig Aire na Gaeltachta a fhreagairt trí Bhéarla, is léir nach fada a mhair an prionsabal sin. Óir is minicí ná a mhalairt le blianta anuas gur trí Bhéarla a fhreagraíter na ceisteanna forlíontacha i gcás na Gaeltachta agus na Gaeilge.


Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap

baoldanger – cáipéisdocument – ceannasaíochtleadership – comhfhreagrascorrespondence – díospóireachtdebate – diúltúrefusal – éifeachteffect – iarratasrequest – pleanplan – prionsabalprinciple – tacaíochtsupport – teangalanguage – traspháirtícross-party