Tagann ciall, agus ceannach cairr, le haois

Tuarascáil: Bliain is daichead, pósta, páistí, morgáiste, cárta creidmheasa agus billí

Tuarascáil:Bliain is daichead, pósta, páistí, morgáiste, cárta creidmheasa agus billí. Is duine fásta mé de réir gach slat tomhais nó sin a shílfeá. Ach tá réimse amháin de shaol an duine fásta nach dtig liom a láimhseáil go fóill - carr a cheannach.

Ceann de na tréithe a luaitear le fir go mbíonn muid ar mire faoi charranna. Is fíor go bhfuil tiomáint agam. Is fíor fosta gur breá liom Top Gear BBC2 agus go n-amharcann ar MPH TG4. Bainim sult as an chaint ar fad faoi mhótair agus is breá liom bheith ag amharc ar na carranna.

(Aisling agam féin í go mbeidh, lá de na laethanta, amach anseo, san am atá le teacht, Alfa Romeo agam. Ní miste liom cén cineál Alfa Romeo.)

Is leor a rá nach bhfuil Alfa Romeo á thiomáint agam faoi láthair. Go dtí le deireanas, Citroën Xantia a bhí agam. Tarracóir de charr a bhí sa Xantia; thiocfadh liom eallach a thabhairt chun aonaigh sa Xantia ach níorbh ábhar iontais é sin nó cheannaigh mé an gluaisteán céanna ag feirmeoir.

READ MORE

Bhí barra tarraingte ar an Xantia agus inneall dhá lítear, HDi díosal. Carr breá tiomána a bhí ann agus mé ag dul go Dún na nGall nó go Conamara. Bí ag caint ar chompord. Bhraith mé mar a bheadh feidhmeannach mór le rá ann agus mé ag gluaiseacht thar bealtaí polltacha an Iarthair i mo Xantia.

Ar an drochuair, níor bhean mhór Xantia í mo chéile mná agus bím ag roinnt an chairr léi. Bhí an carr an-trom aici agus bhain donas mór amháin leis mar charr - bhí gaosán chomh fada le gob broic ar an Xantia, rud a chiallaigh nach raibh sé éasca le páirceáil nó chomh sásta sin agus tú ag tiomáint sa chathair.

Shocraigh muid sa deireadh slán a fhágáil leis an Xantia agus carr eile a fháil. Fúm a fágadh sé ó tharla go bhfuil sé amuigh orm gur duine fásta mé. (Féach an cur síos thuas.) Is é rud, ámh, go gcuireann lucht díolta carranna eagla mo bháis orm. Ní hé nár cheannaigh mé carr roimhe seo; cheannaigh.

Ach níl am ar bith ann nach mothaím mar a bheadh gasúr beag ann agus mé i láthair díoltóir cairr. Tá a mbéarlagair féin acu; dallann siad thú le nathanna agus le heolas - d'aon turas. Creidim gur cheart go mbeadh m'athair i mo chuideachta agus mé ag ceannach cairr. Oibrí monarchan a bhí i m'athair agus tuigeann sé inneall agus a leithéid. Tá bosa a lámh chomh donn crua le mahagaine; tá mo bhosa chomh bán lag le sifín.

Faraor, ní raibh sé ar fáil le comhairle a chur orm agus ní raibh de bhuntáiste agam ach go raibh eolas áirithe agam ar an rud a bhí uaim - Citroën eile. Is maith liom Citroën. Ceart go leor, ní Alfa Romeo iad ach tá a stíl Fhrancach féin acu. Ó thosaigh mé a thiomáint, bhí Citroën AX, Xsara agus Xantia agam. Thaitin gach ceann acu liom agus shíl mé go gcloífinn leo. Ar aghaidh liom go dtí an garáiste ar lorg C4 agus thosaigh an chaint chasta: "Tá inneall 1.6 HDi díosal sa C4 seo agus 90 each-chumhacht (horse brake power)."

Bhuel, iontas na n-iontas, thuig mé é an iarraidh seo. Is ionann HDi agus Highpressure Direct Injection, córas ar leith atá ag inneall Citroën le níos mó gusa a bhaint as. Agus níl i gceist le heach-chumhacht ach luasghéarú, an seanrud sin náid go seasca taobh istigh d'am áirithe.

"Bhuel," a dúirt mé liom féin, "tuigim seo. An amhlaidh gur duine fásta mé?" Chuir mé ceisteanna faoi mhíleáiste; scrúdaigh mé an carr ó bhonn go barr. D'amharc mé ar na rothaí agus ar an inneall. D'oscail mé doirse; las mé soilse. Thiomáin mé an C4 suas an bóthar agus d'éist mé go géar leis an inneall. Rinne mé mar a dhéanfadh duine fásta ar bith agus é ar tí carr a cheannach. "Cad é do bharúil?" a d'fhiafraigh an díoltóir díom. "Ní maith liom an dath," a d'fhreagair mé.

Beart teanga

Níl a fhios agam cad é mar a mhothaigh Éamon Ó Cuív nuair a d'ainmnigh an Taoiseach, Bertie Ahern, é ina Aire Gaeltachta arís. Lig mé féin osna mhíthrócaireach agus smaoinigh gur cheart don Taoiseach sos a thabhairt d'Éamon Ó Cuív agus, níos tábhachtaí, sos a thabhairt don cholún seo bheith ag scríobh faoi. Bíodh sin mar atá, is ar ghuaillí stuama Uí Chuív atá cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta arís eile. Tapaíonn an colún seo an deis ligean do léitheoirí comhairle a chur air agus roinnt moltaí a dhéanamh i dtaobh na Gaeilge.

Scríobhann Ciarán Donaghy (45), státseirbhíseach a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath, gur ghnách leis agus a bheirt pháistí dul go Caifé Úna agus Caifé Trí D le go gcluinfeadh siad Gaeilge á labhairt i suíomh poiblí ach ó dhruid an dá chaifé "níl aon áit i mBaile Átha Cliath ina bhfuil daoine in ann bualadh le chéile i rith an lae trí Ghaeilge. Níl aon áit do pháistí i mBaile Átha Cliath taobh amuigh den chóras oideachais. Sílim go bhfuil sé tábhachtach áit nó caifé bheith ann ina bhfuil gach duine - óg, fásta agus teaghlaigh - in ann bualadh le chéile chun an Ghaeilge a úsáid agus a chloisteáil."

Scríobhann Seán Ó Meara (74), scríbhneoir, go bhfuil "treorú in easnamh ar Ghaeilgeoirí mar sinne i bhforbairt na teanga".

Is ball de chiorcal comhrá i mBaile Átha Cliath é agus ba mhaith leis agus lena chomrádaithe cainte go mbeadh an Ghaeilge in úsáid mar ghnáththeanga ranna stáit taobh istigh de chúig bliana nó go mbeadh sé "oiriúnach cuid dá ndíospóireachtaí ar a laghad bheith trí Ghaeilge ... nithe a bhaineann leis an teanga féin, cultúr na tíre, Gaeilgeoirí is Gaeltachtaí."

Tugann gearrscannáin do pháistí ar TG4 dóchas dó: "Ta siad go hiontach d'fhoghlaimeoiri fasta fosta. Molaim scileanna na ndaoine a dhéanann an dubáil agus na giniais a aistríonn focla na n-amhrán go Gaeilge is a chanann."

Creideann Clive Geraghty (66), aisteoir, gur cheart don Rialtas agus do mhuintir na hÉireann cluas le héisteacht a thabhairt don choimisinéir san Aontas Eorpach, Vivian Redding:

"Dúirt sí "Making Irish an official language will not bring you a thing. You know what you should do in Ireland? Speak Irish, write Irish, be proud of Irish, use Irish in everyday language and show Irish culture to the 26 nations around you." ... Tá an fhírinne aici.

"An rud amháin a chuideodh le daoine ná laghdú a chur i bhfeidhm i gcostas ranganna Gaeilge. D'fhéadfadh an Rialtas deontais sa bhreis a thabhairt do Ghael-Linn, Gael-Chultúr, srl, chun cabhrú le gnáthdhaoine Gaeilge a fhoghlaim agus a fheabhsú."

Cad é an beart a ba cheart don Rialtas a dhéanamh le cuidiú leatsa, le do pháistí nó le do chairde Gaeilge a labhairt? pomuiri@irish-times.ie

Cuairt phríosúin

Tá an Ciorcal Caidrimh atá lonnaithe i gCultúrlann na hÉireann, Baile Átha Cliath, le cuairt a thabhairt ar Phríosún Chill Mhaighneann sa chathair Dé Máirt ag 11am. Is i nGaeilge a bheidh an chuairt.

Dúirt eagraí an chiorcail, Seán Ó Cuinn, go mbíonn an bhéim ar chaidreamh trí Ghaeilge in imeachtaí an ghrúpa seachas ar theagasc foirmeálta. Beirt a bheidh ag treorú na gcuairteoirí, Pádraig agus Úna Ó Callanáin.

Tá baint ag Úna leis an phríosún nó is ann a cuireadh a seanathair, Mícheál Ó Mealláin, chun báis i ndiaidh Éirí Amach 1916. Tiocfaidh an ciorcal le chéile ag geata an phríosúin agus cuirfidh siad fáilte roimh chách.

Tá roinnt imeachtaí eile Gaeilge beartaithe ag an ghrúpa le linn an tsamhraidh. Tabharfaidh siad cuairt ar Sea Life, Bré, Co Chill Mhantáin, Dé Máirt 10ú Iúil agus cuairt ar Árasáin Stáit Chaisleán Bhaile Átha Cliath, Dé Máirt 14ú Lúnasa.

Eolas: 01-2895778

caidreamhcompany - díosaldiesel - forbairtdevelopment

giniasgenius - lítearlitre - l uasghéarúacceleration