Beocheist: The refurbished birthplace of Patrick and Willie Pearse is now a centre for discussion, writes Seán Ó Riain
Institiúid na hÉireann: "Ecclesiastical and Architectural Sculptors - Pearse & Sons." Tá an comhartha ar ais os cionn an dorais díreach mar a bhí 100 bliain ó shin ach gnó eile ar fad atá ar siúl laistigh na laethanta seo.
Tar éis bheith ina luí díomhaoin le fada tá an teach inar rugadh Patrick agus Willie Pearse ag 27 Sráid an Phiarsaigh, i gceartlár na hardchathrach, ina cheanncheathrú anois ag Institiúid na hÉireann. Bunaíodh an institiúid i 1996 le smaointeoireacht phoblachtach a chur chun cinn.
Ceathrar páiste a rugadh do Margaret agus James Pearse sa teach seo. Bhí James ina dhealbhadóir a tháinig anall ó Shasana.
D'éirigh chomh maith san leis gur bhog an chlann go bruachbhaile Dhumhach Trá ach lean obair na dealbhadóireachta ar aghaidh i Sráid Brunswick (Sráid an Phiarsaigh anois). Nuair a d'éag sé i 1900 bhí an fhoireann oibre ba mhó i mBaile Átha Cliath don saghas sin gnó ag James Pearse.
Thóg Willie is Pádraig cúram an ghnó orthu féin. Ach bhí spéis ag Willie sa cheol is d'imigh go Londain is Páras le staidéar a dhéanamh agus bhí Pádraig féin gafa i gConradh na Gaeilge. Ansin tháinig lag trá i gcúrsaí tógála agus b'éigean an gnó a dhíol i 1910 ar bheagán airgid.
Lonnaigh comhlachtaí éagsúla sa teach thar na blianta ach bhí fíor-dhrochchaoi air nuair a cheannaigh Institiúid na hÉireann é i 1998. Dhíol an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta is Oileán as an obair phaiteanta athchóirithe.
Creideann an Institiúid gur ceart í an fhéinchinniúint atá le feidhmiú de réir smaointe poblachtacha an cheartais, na saoirse, na comhchothroime, an bhráithreachais agus an daonlathais. Cuireann an Institiúid roimpi comhshaol a chruthú ina mbeidh borradh ar na smaointe seo agus inar féidir leo dul i bhfeidhm ar chúrsaí na linne seo.
"Níl sé i gceist againn," arsa Finbar Cullen, riarthóir na hInstitiúide, "iarsmalann a dhéanamh as an teach." Foilsíonn an Institiúid iris, The Republic: A Journal of Contemporary and Historical Debate, dhá uair sa bhliain.
In aiste "Beyond Nationalism" sa chéad eagrán, deir Cullen go n-aithníonn an poblachtánachas go bhfuil pobal ann agus gur cheart do dhaoine bheith buartha faoi leas an phobail sin agus ní fúthu féin amháin. Ní haon mhaitheas teoiric sheascair bheith ag duine munar féidir leis é a chur i bhfeidhm ar an saol réadach agus ar chruacheisteanna inscne, eitneachais, collaíochta is aicme.
Tá clár cuimsitheach léachtaí is seimineár ag an Institiúid. Tá sraith léachtaí i nGaeilge - le cainteoirí iomráiteacha ar ábhair mar mhórchultúir an domhain is mionchultúir na hÉireann; an Piarsach agus an Ghaeltacht; an Ghaeilge, an dlí is an bunreacht; teifigh is ciníochas in Éirinn; Protastúnaigh agus an Ghaeilge - díreach tagtha chun críche.
Eagraíodh seimineáir ar chogadh na hAfganastáine agus ar an téama "Republicanism and Feminism: Debates from the past - relevance for the future".
Labhair Pádraig McCarten, mac le Patrick McCarten a bhí ina bhall den IRB agus a bhí gníomhach i SAM ag tús an chéid seo caite, le baill na hInstitiúide - blaiseadh beo na staire. Ghlac daoine mar Chiarán Benson, Cormac Breathnach, Jimmy Murphy is Pat Boran páirt i seimineár eile ar an daonlathas is na healaíona.
I gcomhar le Poetry Ireland d'eagraigh an Institiúid taispeántas mar chuid den tSeachtain Eorpach in aghaidh an Chiníochais. "Tá súil againn," a dúirt Cullen, "níos mó den saghas sin ruda a dhéanamh, b'fhéidir taispeántas ealaíne ón Lucht Siúil amach anseo."
Deir Cullen go bhfuilid sona sásta go bhfuil teach cónaithe na bPiarsach á úsáid arís agus go bhfuil rudaí a bhaineann leis an Ghaeilge ar siúl ann, mar shampla, ranganna Gaeilge.
Tá an Institiúid beag beann ar pháirtithe polaitiúla. Maidir le háiseanna na hInstitiúide, táthar ag féachaint chuige go n-úsáidfidh réimse leathan daoine an teach agus nach luafar an Institiúid le haon pháirtí ná le haon dream ná dearcadh ar leith.
Tá ealaíontóirí, scríbhneoirí, fealsúnaithe, foilsitheoirí i measc éarlamh is ball na hInstitiúide. Is é an t-ealaíontóir Robert Ballagh an t-uachtarán i láthair na huaire.
Tá an Institiúid ag súil leis an bhallraíocht a leathnú agus táthar ag obair leis ar phlean forbartha trí bliana a thabharfaidh maoiniú is bonn seasta don obair atá idir lámha acu.