An Peann Coitianta: Má bhí peaca ar bith le cur i leith cheannródaithe na hathbhechana náisiúnta ag tús an 20ú hAois, is é, mar a deir an teangeolaí James McCloskey ina leabhar Guthanna in Éag/Voices Silenced peaca an ródhóchais é "rud nár thógtha orthu.
Níor triaileadh riamh roimhe teanga a thabhairt ar ais a bhí chomh gar d'imeall na huaighe agus a bhí an Ghaeilge céad bliain ó shin."
Ceann de na rudaí a bhain teagasc na Gaeilge sa chóras scolaíochta amach - "an rud is suntasaí faoi chás na Gaeilge" a deir McCloskey - "an dóigh ar cruthaíodh an pobal 'tánaisteach' cainteoirí, daoine nach bhfuil an teanga ó dhúchas acu ach a bhfuil leibhéal réasúnta cumais bainte amach acu".
Bhíos ag caint le duine díobh sin ag an deireadh seachtaine, comhairleoir sinsearach leighis a bhfuil Prionsabal Archimedes fós de ghlanmheabhair aige, agus labhairt na Gaeilge ar a thoil aige.
Fág is gur leabhar tráthúil é Compulsory Irish, leis an stair a bhaineann sé. Ní haon leabhar cuimsitheach ar an nGaeilge san oideachas é idir na 1870í agus na 1970í, mar a mhaíonn sé. Insint ar ghné atá ann, agus go deimhin, is i dtús na ré is laige ar fad é - faoi bhun fiche leathanach idir 1870 agus 1920 - nuair is é sin an uair ar leagadh an fráma iomlán oideachais amach, geall leis, faoin gcóras Sasanach.
Ní féidir an scéal sa Stát nuabhunaithe a insint gan tuiscint chuimsitheach a fháil ar an ré sin, agus fágann san an leabhar iomlán cliathánach. Níor mhór, chun tuiscint a fháil ar an dtreímhse sin, leabhar Mháirtín Uí Mhurchú Cumann Buan-Choimeádta na Gaeilge: Tús an Athréimnithe a léamh. An Piarsach agus Eoin Mac Néill na hailtirí. Chailleamar ardfhear i Mac Néill de thoradh Choimisiún na Teorann.
Leabhar lag faoi chosa maide é Compulsory Irish, nach bhfuil mórán machnaimh nua ann, ná - an t-easnamh is mó - aon iarracht déanta ar idé-eolaíocht na Gaeilge sa chóras oideachais a fheiscint mar ghné amháin de chultúr polaitiúil na hidé-eolaíochta náisiúnta, ná de na tuiscintí coitianta a bhí ann ar ábhair eile sa churaclam náisiúnta, Béarla agus Laidin san áireamh.
Tar éis an tsaoil bhí an t-aos ceannais ag iarraidh náisiún a bhunú. Dhíol muintir na Gaeltachta go daor as an bhfústráil leis an dteanga nár múineadh riamh dóibh mar chéad theanga. Cuireadh mianta an náisiúin mar ualach ar an nGaeilge, agus ar na glúnta páistí agus múinteoirí. Níorbh fhéidir le teanga an t-ualach sin a iompar.
D'fhéach an mheánaicme bhunaithe sna scoileanna Íosánacha agus a leithéidí chuige nach luífeadh an Ghaeilge ach go héadrom ar a nguailne siúd. Scéal aicmeach chomh maith le rud is ea scéal na Gaeilge.
Is ionann Compulsory Irish, má smaoinímid i gceart air, agus saghas cóid do Pyschological Abuse. Chuir na polasaithe olc ar na glúnta, ach níor chóir gurbh í an teanga a bheadh thíos anois leis an olc. Damnaigh an peaca ach fuascail an peacach.
Deir údar Compulsory Irish: "The attempted revival through the education system illustrated the dangers of allowing ideology win over pragmatism in the formulation of policy. Had realism been the guiding force behid the language revival policy in the schools, then some degree of succes could well have been attained."
Tá an saghas seo tuairimíochta ó staraí, mar achoimre ar leabhar, gan dealramh. Tá cuid den fhianaise, fiú na foinsí Gaeilge, fíorbhacach - tríd síos - mar shampla an ráiteas faoi chaighdeán acadúil na scoláirí ó na Coláistí Ullmhúcháin a bheith "quite ordinary - or possibly less than ordinary" nuair a chuadar ar aghaidh go dtí na coláistí oideachais. Ní mó ná tuairimíocht bhaoth í seo i gconspóid.
Feictear dom fhéin gur leagan tuatach den Chaitliceachas deabhóideach ab ea an Ghaeilge, agus go raibh súil leis na míorúiltí céanna uaithi "ag leá na bhFlaitheas" ach nach go ceansa é.
Bheadh sé tragóideach - arís - dá mbunófaí aon tuiscintí atá anois ann ar ról na Gaeilge mar theanga san oideachas ar an leabhar seo. Tá sé mífhreagrach, mí-ionraic agus earráideach ó bhonn, a bheith ag díriú méar an mhilleáin ar an nGaeilge mar gheall ar an easpa seo agus an easpa siúd.
Ag an am gcéanna ní léir go bhfuil aon mhachnamh leanúnach á dhéanamh ar chomhthéacs na teanga mar cheann de na teangacha Eorpacha, mion ná mór. Cé go bhfuil múnlaí teagaisc i dteangeolaíocht fheidhmeach á bhforbairt do na nuatheangacha - Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis etc - sa bhunscolaíocht agus scéimeanna píolótacha cheana féin i scoileanna áirithe, níl aon aird dá leithéid á thabhairt ar an nGaeilge. Faoi mar nár theanga in ao'chor í, ach cás balbh a d'fhágfaí i Lost Property.
Teanga is ea í. I dteannta na dteangacha.
Compulsory Irish: Language and Education in Ireland, 1870s - 1970s; Adrian Kelly, (Irish Academic Press).