Leamh agus litriocht

Beocheist: Is the constant emphasis on 'literature' putting readers off Irish books, asks Éadhmonn Mac Suibhne

Beocheist: Is the constant emphasis on 'literature' putting readers off Irish books, asks Éadhmonn Mac Suibhne

Bhíos i láthair ar ócáid le déanaí nuair a bhí leabhar nua á sheoladh. Leabhar i mBéarla a bhí ann. Cuireadh an t-údar in aithne dúinn agus dúirt sé focal nó dhó faoin chúlra a bhí lena raibh scríofa aige agus ansan d'fhág an chuid eile den ghnó faoin ionadaí ón gcomhlacht foilsitheoireachta.

Ar ndóigh, níor fhág seisean aon dul amú orainn faoi fhiúntas an leabhair agus, cé nach rabhas féin ag éisteacht ach ar éigean leis, chuaigh an abairt deiridh uaidh i bhfeidhm go mór orm. "I can promise you," ar seisean, "A right good read."

Tamall gearr roimhe sin bhíos ar ócáid eile nuair a bhí leabhar nua á sheoladh - ceann i nGaeilge an uair seo - agus bhí an nós imeachta céanna á leanúint, cé nár ghá i ndáiríre an t-údar a chur in aithne dúinn, toisc go bhfuil pobal na Gaeilge chomh scáinte sin agus nárbh í sin an chéad uair gur foilsíodh saothar leis an údar céanna. An babhta seo, áfach, níor gealladh aon "good read" dúinn, ach tugadh ar ár súile dúinn go raibh scoth na scríbhneoireachta sa leabhar agus "gur mhór a chuirfeadh sé le corpus litríochta na Gaeilge".

READ MORE

Bhain an méid deiridh sin cor asam, mar aithním dhá chineál scríbhneoireachta.

Tá an "litríocht" ann, an domhain-scríbhneoireacht chumasach, nuair a bhíonn an teanga á lúbadh is á múnlú go diamhair ealaíonta, na mórcharachtair á gcruthú agus á scagadh, agus an saol comhaimseartha á léiriú ar scáthlán príobháideach os comhair aigne an léitheora.

Ansin, tá an cineál eile, an cineál a fhaigheann duine sa leabhar gur féidir leis é a ghlacadh chuige nó a leagadh uaidh de réir mar a spreagann an fonn é - an leabhar gur féidir leis súil a chaitheamh air fad is atá an cupán caife á ól aige, nó é ina luí ar an leaba sara dtiteann an néal codlata air, nó go deimhin fad is atá moill bheag á déanamh aige sa leithreas féin. Ar na hócáidí, adeirim, nuair nach mbeadh an t-am aige don "litríocht".

Níl aon bhreith á tabhairt agamsa idir an dá short scríbhneoireachta. I ndeireadh na dála, tá cead a rogha féin ag gach léitheoir; sé atá á rá agam ná go bhfuil ionad - agus margadh - ann dóibh araon agus (níos mó ná sin) go bhfuil gá leis an dá chineál.

Ní fheictear dom go mbíonn mórán den "litríocht" ar na liostaí a fhoilsítear sa nuachtán seo in aghaidh na seachtaine de na leabhair is mó go bhfuil díol orthu. Braithim gurb é atá ina bhformhór ná leabhair go gcuireann an pobal léitheoireachta spéis iontu d'aontoisc na huaire, cuid mhaith acu nach mairfidh tóir an phobail i bhfad orthu, go deimhin leabhair a bheidh imithe as cuimhne na ndaoine taobh istigh de sheal gearr ama. Leabhair i mBéarla go hiondúil a bhíonn ar na liostaí sin, ar ndóigh, ach ní bheinnse ag coinne go mbeadh aon ró-dhifríocht idir an saghas léitheoireachta a thaitníonn le lucht an Bhéarla agus le muintir na Gaeilge.

ACH b'fhéidir go bhfuil dul amú orm sa tuairim sin? B'fhéidir gurb í an "litríocht" i ndáiríre a bhíonn á lorg acusan a léann leabhair Ghaeilge?

Go deimhin, an tógtha ar dhuine a leithéid sin a cheapadh nuair a ghealltar dúinn go rialta gur togha litríochta a bhíonn i mórchuid de na leabhair nua a sholáthraítear sa teanga san? Nílim á rá nach bhfuil san fíor freisin, ach ansin nílimse cáilithe le breith a thabhairt.

Ach spreagann an smaoineamh sin ceist - an é nach gceannaíonn gnáthfhear na sráide, an té nach minic tóir aige ar an "litríocht" is cosúil, nach gceannaíonn sé leabhair Ghaeilge in aon chor, bíodh is Gaeilgeoir féin é? Agus, munar miste an cheist a chur, an é sin an fáth go ndíoltar a laghad san leabhar sa teanga dhúchais?

Sé an baol, mar a fheictear domsa é, go bhfuil ró-thóir sa scríbhneoireacht Ghaeilge ar an "litríocht" agus neamhaird á tabhairt cuid mhaith ar an "ábhar léitheoireachta". Bhí san ceart go leor i dtús ré na hathbheochana, ach is dóigh liom gur chóir go mbeimis imithe thairis sin anois.

Sa deireadh thiar, sí an scríbhneoireacht fhorleathan an ithir as a bhfásann an "litríocht" agus - bímis macánta linn féin - is eisceacht é an saothar gur féidir "litríocht" a thabhairt air le fírinne. Agus mura bhfoilseofaí ach an "litríocht" níor mhór é an rogha a bheadh ag an ngnáthléitheoir.

Bítear buartha faoi bhás na Gaeilge, ach an é atá uainn go mairfeadh sí ina teanga thur "scolártha" dála na Laidne?