Leabhar Gaeilge, le do thoil

Beocheist: Le ocht mí anuas tá mé ag freastal ar chiorcal léitheoireachta sa leabharlann áitiúil

Beocheist: Le ocht mí anuas tá mé ag freastal ar chiorcal léitheoireachta sa leabharlann áitiúil. Uair sa mhí a thagann an ciorcal le chéile, agus pléimid leabhar a socraíodh an mhí roimhe sin.

Is iontach an spreagadh an teacht le chéile míosúil seo chun tabhairt ar dhuine leabhar a chríochnú roimh dháta áirithe agus, go dtí seo, tá dhá leabhar iontacha léite agam nach gcuirfinn an dua orm iad a léamh murach an ciorcal seo.

Leabhair iad a foilsíodh le dhá bhliain anuas agus tá an dá cheann tar éis doras a oscailt dom ar shaol agus ar chultúr nach raibh ach eolas scáinte agam air. Is iad The Name is Red, aistriúchán Béarla ar an bhunúrscéal Turcaise le Orhan Pamuk agus Brick Lane le Monica Ali iad.

Thug an chéad cheann léargas nua dom ar an choimhlint idir cultúr an Oirthir agus cultúr an Iarthair agus cé go bhfuil sé suite san 16ú haois, tá a lán dá bhfuil ann bainteach leis an choimhlint chéanna sa lá atá inniu.

READ MORE

Saol inimirceach ó Bhengalí, atá lonnaithe in Londain, is ábhar don dara leabhar agus tugtar léiriú ar an chomhlint idir an ghlúin óg imirceach atá ag iarraidh nósanna an Iarthair a ghabháil dóibh féin agus an tseanghlúin atá ag iarraidh cloí le sean-nósanna a dtír dhúchais.

Ba mhór an sásamh na húrscéalta seo a phléigh le daoine eile agus tuairimí éagsúla a chloisteáil orthu. Trí chur agus chúiteamh a dhéanamh orthu mhéadaigh ar mo mheas ar na húdair agus ar mo thuiscint ar an chine daonna.

Agus fiú i gcás na leabhar nach raibh mé chomh tugtha sin dóibh ba dhíol suime tuairimí na ndaoine eile orthu.

Tuigtear dom go bhfuil ciorcail mar seo i gcuid mhór leabarlanna ar fud na tíre ach chomh fada agus is eol dom is iad leabhair Bhéarla amháin a bhíonn faoi chaibidil acu. Ba mhór an rud chun suim i leabhair Ghaeilge a chur chun cinn ciorcail a bhunú chun leabhair Ghaeilge a phlé. Bhí a leithéid ann thiar sna 1950í nuair a bhí an Club Leabhar i mbarr a réime.

Is mó go mór líon na leabhar Gaeilge a fhoilsítear anois ná mar a foilsíodh ag an am sin ach is minic a fheictear don té a bhíonn ag iarraidh iad a dhíol gur mó de scríbhneoirí ná de léitheoirí atá ann.

Samhlaím ciorcal Gaeilge i mbun comhrá breá spreagúil faoi na pearsain san úrscéal brea le Joe Steve Uí Neachtain, Scread Mhaidine a bhuaigh duais an Oireachtais anuraidh.

Agus níor ghá go mbeadh an t-ábhar léitheoireachta teoranta do leabhair nuafhoilsithe. I réamhrá Manuail de Litríocht na Gaeilge (Coiscéim), déanann an t-eagarthóir, Breandán Ó Doibhlin, tagairt don chrapadh atá tagtha ar an Ghaeltacht mar is eol dúinn í. Meabhraíonn sé dá léitheoirí go bhfuil Gaeltacht eile ann, Gaeltacht na haigne, arb í litríocht na Gaeilge a teanga labhartha.

Is chun cabhrú le léitheoirí athghabháil a dhéanamh ar an tsean-oidhreacht atá le fáil sa litríocht a cuireadh ar phár nuair a bhí an tír ar fad nach mór ina Gaeltacht, a chuir sé an mhanuail le chéile.

Tá Gaeilge an lae inniu, idir litriú agus ghramadach, curtha aige ar shleachta as saothair ar nós, Cath Fionntrá, Bodach an Chóta Lachtna, Leabhar Taistil Marco Polo, agus a lán eile agus ceistneoir gairid i ndiaidh cuid de na sleachta chun an léitheoir a chur siar orthu agus breathnú orthu ó threonna difriúla.

Ba mhaith an rud, dar liom, meascán de shean agus nua bheith faoi chaibidil ag ciorcal léitheoireachta Gaeilge.

D'fhéadfaí leath an ama a chaitheamh ag plé leabhair a foilsíodh le cúpla bliain anuas, leabhar a bheadh léite ag na baill sa bhaile an mhí roimhe agus ansin an chuid eile den am a chaitheamh le sliocht as Manuail de Litríocht na Gaeilge nó as saothar éigin a cumadh nuair a bhí an Ghaeilge ina neart.

Mura mbeadh de thoradh air ach léargas a fháil ar an fhorbairt, nó meath, atá tagtha ar an litríocht ó scríobhadh an saothar sin b'fhiú go mór é.

Is mithid pobal léitheoireachta Gaeilge bheith ann má tá an Ghaeilge féin chun teacht slán.